Fógraíonn Cartlann Náisiúnta na hÉireann 'Ambasadóirí Céad Bliain' Dhaonáireamh 1926
- Foilsithe: 10 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2026
48 duine chun gníomhú mar ionadaithe, a bhfuil a dtaifid le fáil sa Daonáireamh bunaidh
Fógraíonn an Chartlann Náisiúnta an taispeántas Ár Scéal Féin, a rachaidh ar chuairt chuig 10 gcontae in 2026
D’fhógair Cartlann Náisiúnta na hÉireann 48 'Ambasadóir Céad Bliain' ar bhonn oifigiúil, roimh tráth stairiúil de scaoileadh thaifid Dhaonáireamh 1926 ar an 18 Aibreán.
Roghnaíodh na hambasadóirí as beagnach 100 duine a bhí beo tráth an daonáirimh in 1926 agus a rinne teagmháil leis an gCartlann Náisiúnta. Rugadh na hambasadóirí roghnaithe idir
1920 agus 1926, agus tá siad ina gcónaí inniu ar fud na hÉireann, ó Dhún na nGall go Port Láirge, agus ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh. Tá Ambasadóirí Céad Bliain ann freisin a dhéanann ionadaíocht ar an diaspóra Éireannach sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Bhreatain agus san Astráil.
Chuir an clár seo fianaise phearsanta dhíreach gach Ambasadóir in iúl, rud a chuireann peirspictíocht uathúil, bheo ar fáil ar shaol na hÉireann le céad bliain anuas. Coinneofar an fhianaise seo sa Chartlann Náisiúnta mar nasc buan leis an am atá thart. Úsáidfear scéalta físe agus grianghraf na nAmbasadóirí i gcomhar le gníomhaíochtaí Dhaonáireamh 1926 ar fud na tíre, agus bronnadh muga comórtha deartha go speisialta agus teastas ar gach Ambasadóir.
Dúirt Joseph Davis ó Chorcaigh, duine de na hAmbasadóirí Céad Bliain 1926:
Is mór an onóir dom a bheith roghnaithe mar ambasadóir don chlár seo. Is pribhléid agus tabhartas é a bheith fós anseo níos mó ná céad bliain tar éis dom a bheith taifeadta sa daonáireamh in 1926. Ba thuras fada siar ar bhóithrín na smaointe é mo scéal a roinnt leis an bhfoireann sa Chartlann Náisiúnta, agus tá súil agam go mbeidh suim ag daoine inár scéalta. Táim ag tnúth le hiniúchadh a dhéanamh ar mo theaghlach sa daonáireamh agus tá súil agam go ndéanfaidh daoine eile amhlaidh.
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt TD Patrick O’Donovan:
Tá lúcháir orm na hAmbasadóirí Céad Bliain roghnaithe a fhógairt go hoifigiúil agus muid ag tnúth le scaoileadh Dhaonáireamh 1926. Is tráth stairiúil é eisiúint thaifid Dhaonáireamh 1926, a thugann cuntas luachmhar ar an saol agus Saorstát Éireann ag glacadh a chéad chéimeanna mar náisiún neamhspleách, agus léiríonn sé na scéalta faoi theaghlaigh agus faoi phobail. Tá sé thar a bheith corraitheach gur féidir linn ómós a thabhairt do na daoine a taifeadadh sa daonáireamh in 1926, agus atá fós linn inniu.
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride:
Ní bhaineann an daonáireamh le liostaí agus uimhreacha; baineann sé le daoine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 1926 agus a sliocht go léir inniu. Tá scéalta pearsanta thar a bheith cumhachtach agus coscrach. Bhí Clár Ambasadóirí Céad Bliain ar cheann de na buaicphointí is suntasaí do chách againn sa Chartlann Náisiúnta. Bhí sé de phribhléid againn éisteacht le daoine atá corradh le céad bliain d’aois agus lena dteaghlaigh agus a gcuid scéalta a chloisteáil.
Taispeántas Taistil Dhaonáireamh 1926
D’fhógair an Chartlann Náisiúnta agus an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt clár fairsing rannpháirtíochta poiblí, chun scaoileadh poiblí Dhaonáireamh 1926 a cheiliúradh, áirítear leis seo foilsiú leabhair, The Story Of Us - Independent Ireland and the 1926 Census (Irish Academic Press), léiriú amharclainne, The Good Luck Club (ANU Productions) agus clár faisnéise teilifíse suntasach de chuid RTÉ a chraolfar an mhí seo chugainn.
Áirítear sa chlár freisin taispeántais mhóra i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus i Londain agus i mBostún. Déanann an taispeántas iniúchadh ar an saol a léirítear sa daonáireamh agus tugann sé léargas ar an saol in Éirinn nua-neamhspleách in 1926: i mbailte, i gcathracha, faoin tuath agus ar na hoileáin, ó thionóntáin uirbeacha go tithe móra na huasaicme. Úsáideann Ár Scéal Féin cáipéisí agus íomhánna comhaimseartha, taispeántais closamhairc agus na foirmeacha daonáirimh chun pictiúr a thabhairt den saol in 1926: ó spórt agus siamsaíocht go
teanga, cultúr, creideamh, inscne agus saol oibre mhuintir Shaorstát na hÉireann céad bliain ó shin.
Rachaidh an taispeántas ar camchuairt ar fud na hÉireann níos déanaí in 2026, i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla na tíre, agus tá sceideal iomlán an turais fógartha ag an gCartlann Náisiúnta inniu, ag tabhairt cuairte ar dheich gcontae chomh maith leis an gCraobh Náisiúnta Treabhdóireachta.
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt TD Patrick O’Donovan:
Is í ár scéal féin í, agus tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann ár stair chomhroinnte a iniúchadh. Cinnteoidh an clár poiblí fairsing seo go sroichfidh na scéalta, an fhaisnéis, agus na naisc dhaonna a nochtar sa daonáireamh gach pobal in Éirinn agus inár ndiaspóra ar fud an domhain.
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride:
Táimid buíoch dár gcomhpháirtithe sa Cumann Treabhdóireachta na hÉireann agus sna húdaráis áitiúla as cabhrú linn Daonáireamh 1926 a thabhairt beo do dhaoine tríd an taispeántas taistil seo. Tá an turas náisiúnta mar chuid de chlár poiblí níos leithne, a áiríonn leabhar, léiriú amharclainne agus clár faisnéise suntasach le RTÉ.
Scaoileadh Dhaonáireamh 1926
Tagann na fógraí seo roimh scaoileadh stairiúil Dhaonáireamh 1926 ar an 18 Aibreán ar www.nationalarchives.ie. Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta an daonáireamh iomlán, ina bhfuil breis is 700,000 tuairisceán teaghlaigh aonair, ar fáil saor in aisce agus inchuardaithe go hiomlán ar líne, rud a mharcálann tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann.
Cuirfidh an t-ardán ar líne acmhainn gan fasach ar fáil, rud a ligfidh d’úsáideoirí nascleanúint éifeachtach a dhéanamh ar thuairisceáin mhionsonraithe tí agus a thairgeann léargas uathúil ar an saol céad bliain ó shin.
Is tionscadal ollmhór don Chartlann Náisiúnta é ullmhú Dhaonáireamh 1926 lena fhoilsiú go poiblí. Baineann an tionscnamh seo le caomhnú cúramach, scanadh ardtaifigh, agus trascríobh gach bileoige, rud a fhágann go bhfuil an chéad dhaonáireamh a tógadh tar éis bhunú an Stáit inrochtana ag ginealaithe, staraithe, agus baill den phobal, in Éirinn agus ar fud an domhain araon.
CRÍOCH
Liosta iomlán d’Ambasadóirí Céad Bliain Dhaonáireamh 1926:
- Sr. Eileen Creagh, an Astráil
- John Larkin, Ceanada
- Charlotte Elizabeth Kinkade, Cabhán
- Joan Coll, Clár
- Sr Miriam Twohig, Corcaigh
- Joseph Patrick Davis, Corcaigh
- Kathleen Gibbings, Corcaigh
- Kathleen Fitzgibbon, Corcaigh
- Noelle Newenham, Corcaigh
- Margaret Mary Walsh, Corcaigh
- Mary Hosford, Corcaigh agus Baile Átha Cliath
- Susie Boyle, Dún na nGall
- Sr. Florence Hutchinson, Dún na nGall
- Catherine Leahy, Baile Átha Cliath
- Eileen Casey, Baile Átha Cliath
- Joseph Courtney, Baile Átha Cliath
- Máire Walsh, Baile Átha Cliath
- Mary Gilsenan, Baile Átha Cliath
- Moya Connelly, Baile Átha Cliath
- Michael Hickey, Baile Átha Cliath
- Pauline Kearns, Baile Átha Cliath
- Sarah Dwyer, Baile Átha Cliath
- Jeremiah Murphy, Baile Átha Cliath
- Seamus Shelly, Baile Átha Cliath
- Denis O’Donovan, Baile Átha Cliath
- Marie Tubbert, Baile Átha Cliath
- Sr. Mary Patricia Lynn, Fear Manach
- Bridget Mary O’Connor, Gaillimh
- Sr. Agatha Durkan, Gaillimh
- Sr. Dorothy Duggan, Gaillimh
- Sr. Felicitas Geraghty, Gaillimh
- Sr. Paul Carmody, Gaillimh
- Anne Meskell, Luimneach
- Bridget Landers, Luimneach agus Corcaigh
- Mary Bannon, Londain
- Patrick Kenny, Londain
- Breda Bridget Robertson, Londain
- Bridget Joyce, Maigh Eo
- George O’Connor, An Mhí
- Ann Carey, An Mhí
- Sr. Bosco Daly, Uíbh Fhailí
- Maureen Hanley, Uíbh Fhailí
- Frances Conroy, Tiobraid Árann
- Nancy Lally, Chicago
- Moira Toomey Putman, Illinois
- Bridget Keating, Port Láirge
- John Patrick McNaboe, An Iarmhí
- Iris Suzannah Dungan, Loch Garman
Tá cás-staidéir agus agallaimh le hAmbasadóirí Céad Bliain roghnaithe le fáil ach é a iarraidh
Taispeántas Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
- Baile Átha Cliath – Caisleán Bhaile Átha Cliath, 18 Aibreán 2026 – 15 Lúnasa 2027 (NB. Oscailte don phobal ó 19 Aibreán. Beidh Caisleán Bhaile Átha Cliath dúnta don phobal ón 15 Meitheamh go deireadh 2026 d’Uachtaránacht an AE)
- Londain – British Academy, 24 Aibreán – 15 Bealtaine 2026
- Bostún – Boston College, 13 Bealtaine – 6 Meán Fómhair 2026
Taispeántas Taistil na hÉireann
- An Mhí – Ionad Pobail Naomh Mhuire, An Uaimh, 12 Meitheamh – 2 Iúil 2026
- Cill Dara – Leabharlann agus Ionad Cultúir an Náis, 4 – 28 Iúil 2026
- Corcaigh – St. Peter's Corcaigh, 7 – 27 Iúil 2026
- Port Láirge – An Lárleabharlann, Cathair Phort Láirge, 1 – 20 Lúnasa 2026
- Loch Garman – Comhairle Contae Loch Garman, Halla na Cathrach, 3 – 22 Lúnasa 2026
- An Iarmhí – Foirgnimh Chomhairle Contae na hIarmhí, 24 Lúnasa – 5 Meán Fómhair 2026
- An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta – Screagán, Co. Uíbh Fhailí, 15 – 17 Meán Fómhair 2026
- Ciarraí – Leabharlann Chontae Chiarraí Trá Lí, 1 – 17 Deireadh Fómhair 2026
- Luimneach – Oifigí Cathartha, Cé na gCeannaithe, 2 – 16 Deireadh Fómhair 2026
- Tiobraid Árann – Ionad Ealaíon Source, Durlas, 2 – 21 Samhain 2026
- Dún na nGall – Músaem Chontae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, 25 Samhain – 20 Nollaig 2026
Nóta d’eagarthóirí
Maidir le Cartlann Náisiúnta na hÉireann
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a taifead scríofa. Faigheann agus cosnaíonn sí taifid phoiblí na hÉireann, rud a chinntíonn a n-infhaighteacht mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ón Meánaois go dtí bunú Shaorstát Éireann i 1922 agus isteach sa ré nua-aimseartha.