Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Martin, Byrne agus O’Donovan sonraí na Buiséide 2024 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Fógraíonn na hAirí Martin, Byrne agus O’Donovan sonraí na Buiséide 2024 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

• €134m, an maoiniú is mó riamh don Chomhairle Ealaíon

• Méadú maoinithe faoi dhó do Mhná sa Spórt

• Maoiniú d'earnáil na Turasóireachta chun tacú le téarnamh leanúnach agus gnólachtaí

• Scéim Phíolótach nua €1.9m chun tacú leis an mbonneagar ealaíon réigiúnach lena riachtanais tógala agus trealaimh

• Méadú ar mhaoiniú d’eagraíochtaí náisiúnta spóirt agus do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta i mbliain na gCluichí Oilimpeacha

• Infheistíocht i scileanna Gaeilge múinteoirí agus oideachasóirí luathbhlianta

• €500,000 breise chun tacú le feidhmiú iomlán rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021

• Maoiniú méadaithe €4.8m do TG4 chun tacú le seachadadh a straitéise

• €6m do Chiste na Meán

Inniu (an 11 Deireadh Fómhair), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD sonraí d’ollmhaoiniú €1,171,176,000 a leithdháileadh ar an Roinn i mBuiséad 2024. Reachtálfar na sruthanna agus na bearta nua maoinithe seo mar aon leis na bearta tacaíochta Chostas Maireachtála níos leithne do gach leibhéal den tsochaí a d’fhógair an Rialtas inné.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

"Léirigh na hearnálacha a ndéanann mo Roinnse maoirsiú orthu acmhainneacht iontach agus iad ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim Covid-19 ar dtús, agus ansin méaduithe ar an gCostas Maireachtála. Bhí sé ina thosaíocht i rith mo théarma mar Aire a chinntiú go mbeidh na hearnálacha seo in ann freagairt do na dúshláin seo, agus eile, ar bhealach láidir agus inbhuanaithe."

"I mBuiséad 2024, déanfar maoiniú a choinneáil agus a mhéadú thar raon leathan tionscnaimh thábhachtacha. Leanann ár dtacaíocht d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon ar aghaidh, le maoiniú méadaithe don Chomhairle Ealaíon agus do Chultúr Éireann, chomh maith le tacaíocht leanúnach d’Éire Ildánach agus don Scéim Phíolótach Taighde um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Sa scéim nua phíolótach le haghaidh tacaíochta caipitil sna healaíona agus sa Gheilleagar Oíche tógfar ar ár rathúlacht maidir le tírdhreach bríomhar Chultúir a fhorbairt i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte na hÉireann.

"Léiríonn bua na hÉireann ar an stáitse domhanda le “An Cailín Ciúin” agus “The Banshees of Inisherin”, go bhfuil an t-oileán seo ina cheannaire domhanda i ndéanamh scannán, agus le méadú na bliana seo ar scéim fhaoiseamh cánach scannán Alt 481, cinnteofar go bhfanfaidh Éire ar ceann de na láithreacha is tarraingtí do thionscadail scannán agus teilifíse idirnáisiúnta ar ardchaighdeán agus ardluach. Tacóidh Ciste na Meán freisin leis an tírdhreach craolacháin agus meán níos leithne, agus le forbairt Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga a thacú, tabharfar tacaíocht mhéadaithe do TG4 arís i mbliana chun cabhrú lena straitéis uaillmhianach a bhaint amach. Leis seo, tugtar maoiniú iomlán TG4 suas go €57m, méadú iomlán de bheagnach €20m ó ceapadh mé i m’Aire."

"Ar ndóigh, chuir mé éagsúlacht, cuimsiú agus comhionannas chun cinn i mo Roinnse mar thosaíochtaí ó thosaigh mé i mo ról mar Aire. Is buaicphointí ar leith i mbliana iad méadú maoinithe faoi dhó do spórt na mban, chomh maith le maoiniú chun tacú le rochtain do leanaí faoi mhíbhuntáiste ar choláistí samhraidh, i measc réimse maoinithe agus beart a neartóidh agus a thacóidh leis na hearnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.”

Dúirt an tAire Thomas Byrne:

"Is mór an t-athrú atá i mBuiséad 2024 maidir le maoiniú do chlár Mhná sa Spórt. Bliain iontach a bhí ann do spórt na mban, agus léiríonn maoiniú méadaithe €2m do Mhná sa Spórt tiomantas an Rialtais chun a chinntiú go leanfaimid ag cur tuilleadh deiseanna ar fáil do rannpháirtíocht na mban sa spórt ag gach leibhéal. Beidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl in 2024 agus tá méadú €1m á fhógairt agam ar mhaoiniú dár gclár ardfheidhmíochta, agus muid ag féachaint le tacaíocht a thabhairt dár lúthchleasaithe a ghlacfaidh páirt iontu i bPáras, agus leanúint ar aghaidh ag forbairt na cóitseála agus na tacaíochta atá beartaithe inár Straitéis Náisiúnta Ardfheidhmíochta. Mar aitheantas ar an mbrú a méadaíodh ar ár n-eagraíochtaí spóirt, tá bunmhaoiniú breise €2m á fhógairt agam chun tacú leo a gcuid oibre luachmhaire a dhéanamh. Cuirfear maoiniú breise ar fáil freisin do Spórt Éireann chun an Beartas Náisiúnta Spóirt a chur chun cinn agus chun tacú le cláir a chuidíonn leo siúd atá faoi mhíchumas agus na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste inár sochaí páirt ghníomhach a ghlacadh sa spórt.”

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

"Tacóidh an maoiniú a fógraíodh inniu i mBuiséad 2024 le tiomantas na Roinne seo chun úsáid na teanga a neartú sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith le cur lena húsáid laethúil ar fud na hÉireann. Cuirfear an Ghaeilge chun cinn mar theanga bheo i measc grúpa iomlán nua ambasadóirí agus ionadaithe le maoiniú do dhaoine óga ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch le freastal ar chúrsaí coláistí samhraidh Gaeltachta. Cuirfidh an méadú ar mhaoiniú do chur i bhfeidhm Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021 go mór le heispéireas custaiméirí le Gaeilge, ag cur ar chumas cainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid i ngach gné dá saol laethúil - go háirithe agus iad ag déileáil leis an Stát.”

Buaicphointí Bhuiséad 2023

An Turasóireacht

Tá sé mar aidhm ag clár Seirbhísí Turasóireachta na Roinne tacú le tionscal na turasóireachta téarnamh agus fás ar bhealach inbhuanaithe.

• I mBuiséad 2024 coinníodh maoiniú breise €10 milliún chun margaíocht a dhéanamh thar lear ar Éirinn mar cheann scríbe saoire. Beidh sé ríthábhachtach feachtais mhargaíochta a choinneáil ag na leibhéil reatha chun a chinntiú go gcoimeádtar cáil na hÉireann le go n-éireoidh le turasóireacht na tíre go fadtéarmach i margadh atá ag éirí níos iomaíche

• Cuirfear infheistíocht €5m ar fáil i dturasóireacht inbhuanaithe chun tacú lenár bhforbairt bhranda thar lear a athrú chun díriú ar Éirinn mar cheann scríbe turasóireachta inbhuanaithe, feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht agus an gníomh aeráide sa tairiscint turasóireachta, agus chun cabhrú le gnó turasóireachta dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide

• Cuirfear €5 mhilliún ar fáil freisin do bhearta spriocdhírithe i réimsí mar mhargaíocht intíre agus digitiú, faoi réir tuilleadh plé a dhéanamh le Fáilte Éireann maidir leis an mbealach is fearr is féidir na bearta seo a chur i bhfeidhm chun cabhrú leis na gnólachtaí turasóireachta sin (gníomhaíochtaí agus nithe díol spéise do thurasóirí) a bhfuil tionchar is mó ag díláithriú lóistín orthu

Na hEalaíona agus an Cultúr

Is é aidhm chlár Ealaíon agus Cultúir na Roinne láidreachtaí ealaíne agus cruthaitheacha den scoth na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt sa bhaile agus thar lear, ag uasmhéadú a luach sochaíoch agus eacnamaíoch don tír, agus ag tacú leis na hEalaíona agus leis na hearnálacha siamsaíochta forbairt agus fás.

• Tógfar ar rath na hearnála le déanaí le €134m, an maoiniú is mó riamh don Chomhairle Ealaíon in 2024

• Tacóidh an maoiniú is airde riamh do Chultúr Éireann ó bunaíodh é le breis ealaíontóirí Éireannacha a ngairmeacha beatha a sheoladh agus a fhorbairt ar stáitse idirnáisiúnta

• Sa scéim phíolótach tacaíochta caipitil nua do na hEalaíona, don Chultúr agus don Gheilleagar Oíche leanfar ar aghaidh ag forbairt ealaíon agus cultúir déanach san oíche i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte na hÉireann chomh maith le caipiteal breise chun cabhrú le riachtanais tógála agus trealaimh agus spásanna oibre ealaíontóirí a sholáthar, agus áiseanna a oiriúnú chun riachtanais fuinnimh agus lorg carbóin a laghdú

• Tacóidh maoiniú €1.5m a méadaíodh d’Fhís Éireann leis an tionscal closamhairc cumas a thógáil agus a leathnú, cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, boilsciú ar luach tacaíochtaí a chur san áireamh, acmhainní foirne breise a sholáthar i Léiriú agus Forbairt, agus Forbairt Lucht Féachana, chomh maith le feachtas margaíochta idirnáisiúnta spriocdhírithe a sholáthar chun aird a tharraingt ar na feabhsuithe ar Alt 481 a d’fhógair an tAire Airgeadais

• I gcomhairle leis an Aire Airgeadais Michael McGrath, cuirfidh athruithe ar fhaoiseamh cánach Alt 481 le tarraingteacht na hÉireann mar shuíomh do thionscadail mhóra scannán agus teilifíse idirnáisiúnta, ag tógáil ar an rath iontach a bhí ar “Banshees of Inisherin” agus “An Cailín Ciúin”. Go háirithe, déanfaidh an méadú ar an teorainn go €125m cumas na hÉireann a athbhunú chun tionscadail chlosamhairc ardluacha, soghluaiste idirnáisiúnta a mhealladh a ghinfidh deiseanna suntasacha fostaíochta agus forbartha scileanna do chriú na hÉireann

• Maoinítear Ioncam Bunúsach do na hEalaíona don dara ceann de thrí bliana den chlár píolótach. Foilseofar taighde go luath ina leagfar amach an tionchar ar shaol na rannpháirtithe go dtí seo

• Méadú maoinithe do Chlár Sábháilte le Cruthú a thacaíonn le gach ealaíontóir a ligfidh do Minding Creative Minds comhairle nua tiomnaithe AD, Idirghabhála, Dlí & Airgeadais a sholáthar don earnáil chruthaitheach, teiripí cruthaitheacha, meantóireacht thiomanta & seirbhísí gairme chomh maith le feachtas faisnéise ar a seirbhís chomhairleoireachta tráma tromchúiseach

• Tabharfar tacaíocht bhreise d’Éire Ildánach chun tionscadail a chur i bhfeidhm faoin gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide mar bhonn agus mar thaca ag tiomantas na Roinne tógáil le haghaidh todhchaí níos fearr trí rannpháirtíocht gníomhaíocht chultúir

• Maoiniú breise do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

• Bainfidh ár bhForais Chultúir Náisiúnta agus eagraíochtaí faofa eile leas as méadú san uasmhéid fhaoisimh chánaigh a spreagfadh deontais dár mbailiúcháin náisiúnta. Ardófar an uasmhéid ó €6m go €8m an bhliain seo chugainn

• Tacaíocht breise do na Forais Chultúir Náisiúnta do ghníomhaíochtaí cláir, foghlama agus for-rochtana

An Ghaeltacht

Tá sé mar aidhm ag clár Gaeltachta na Roinne tacú leis an nGaeilge agus chun úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a neartú tuilleadh

• Infheistíocht mhéadaithe i seirbhísí óige sna Limistéir Ghaeltachta

• Infheistíocht chun tacú le soláthar fhorálacha na Straitéise do na hEalaíona Teanga-Bhunaithe a fhoilseofar go luath

• Maoiniú €500,000 ó Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta na Roinne a chuirfidh ar chumas daoine óga ó chúlra faoi mhíbhuntáiste taithí a fháil ar chúrsaí coláistí samhraidh Gaeltachta

• Tacaíocht do scéim nua chun scileanna Gaeilge múinteoirí agus oideachasóirí luathbhlianta a fheabhsú, ag cosaint sealbhú teanga an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge

• €500,000 breise chun tacú le feidhmiú iomlán rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021

An Spórt

Tá sé mar aidhm ag clár Spóirt agus Fóillíochta na Roinne cur le sochaí níos sláintiúla agus níos gníomhaí trí rannpháirtíocht spóirt a chur chun cinn agus trí thacú le hardfheidhmíocht agus soláthar áiseanna spóirt

• Maoiniú méadaithe do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta ag druidim leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras in 2024

• Maoiniú Spórt na mBan a mhéadú faoi dhó, céim mhór chun cinn maidir le hionadaíocht na mban sa spórt ag gach leibhéal

• Méadú €2m ar bhunmhaoiniú do choistí spóirt

• Infheistíocht leanúnach i mór-imeachtaí spóirt agus tacaíocht do thionscadail ar nós Ryder Cup 2027, College Football Classic agus Euro 2028 UEFA

Na Meáin agus an Chraoltóireacht

Tá sé mar aidhm ag an Roinn earnáil Meán agus Craoltóireachta inbhuanaithe agus éagsúil agus sábháilteacht ar líne a chur chun cinn, trí chóras rialála éifeachtach agus tacaíocht leanúnach do Choimisiún na Meán, an rialtóir a bunaíodh le déanaí.

• Cuirfear €4.8m le maoiniú TG4 chun tacú le seachadadh a straitéise féin, agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus seirbhís tiomnaithe nua do pháistí Cúla4 a thacú, rud a thugann an t-ardú iomlán ar mhaoiniú TG4 thar théarma an Rialtais seo suas go €19.8m

• Príomhghné de mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ab ea Ciste nua na Meán a bhunú, ag leathnú tacaíochtaí thar na hearnálacha teilifíse agus raidió chun tacaíochtaí a sholáthar d’earnáil iomlán na meán ar bhonn neodrach ó thaobh ardáin de. Tá €6m á sholáthar don Scéim Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil agus do Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna, atá ag ardchéim forbartha agus a sheachadfar in 2024. Cuirfidh na scéimeanna seo ar chumas na meán clúdach feabhsaithe a sholáthar ar cheisteanna imní do phobail áitiúla

• Mar gheall ar an gconspóid a bhaineann le próisis rialachais agus rialaithe neamhleor in RTÉ, tá béim ghéar á cur ar thábhacht an chraolacháin seirbhíse poiblí, agus ar an ngá a chinntiú go bhfuil maoiniú cuí á fháil aige. Mar a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, agus mar thaca ag anailís is déanaí NewERA, beidh gá le maoiniú eatramhach €16m do RTÉ in 2024, agus táthar le déileáil leis seo tar éis an Bhuiséid i gcomhairle leis an Aire Donohoe. Tabharfar aghaidh ar mhaoiniú breise a sholáthar i bhfianaise an laghdaithe ar ioncam ó cheadúnais teilifíse tar éis an Bhuiséid agus tar éis do RTÉ fís straitéiseach nua a chur isteach. Tabharfar aghaidh freisin sa chéad leath de 2024 ar cheist mhúnla maoinithe fadtéarmach níos inbhuanaithe a chur i bhfeidhm do na meáin seirbhíse poiblí