Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fóram á thionól ag an Rialtas chun Tionscal na Cluichíochta Digití in Éirinn a chur chun cinn

Tionólfaidh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., i gcomhar le Fís Éireann, GFT Éireann, Fiontraíocht Éireann, IMIRT agus Ardán, Fóram na Cluichíochta Digití i dTeach Farmleigh inniu (Déardaoin, 20 Samhain 2025). Tiocfaidh an Rialtas agus Tionscal na Cluichíochta Digití le chéile ag Fóram na Cluichíochta Digití chun féachaint ar bhealaí cruthaitheacha leis an tionscal sin a fhorbairt amach anseo.

Tá scéim faoisimh ó cháin i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann don fhorbairt cluichí ar mhaithe le fás agus forbairt i dTionscal na Cluichíochta Digití, scéim faoina gcuirtear faoiseamh ó cháin suas le 32% ar fáil i leith caiteachas incháilithe do thionscadail cháilitheacha. Faoin tionscnamh seo, a dtugtar alt 481A air, an aidhm atá ann ná tacaíocht a thabhairt le go bhforbrófar cluichí ardchaighdeáin agus, san am céanna, le go mbeidh Éire tarraingteach mar áit ina bhféadfaí stiúideonna áitiúla agus idirnáisiúnta a lonnú.

Dúirt an tAire O'Donovan:

”Tionscal mór domhanda is ea earnáil na cluichíochta. Tá deiseanna suntasacha ann atá fós le tapú chun go mbeidh Tionscal na Cluichíochta Digití in Éirinn in ann leas a bhaint as sciar den mhargadh seo atá ag fás. Beidh leibhéal áirithe cinnteachta agus bonn ann d’fhonn cluichí digiteacha a fhorbairt níos mó sa tír seo againne, an méid sin a bhuí lenar fógraíodh sa Bhuiséad le gairid faoi alt 481A, is é sin éilimh ag baint le hobair ar inneachar i ndiaidh na heisiúna agus an síneadh 6 bliana leis an gCreidmheas Cánach.”

Dúirt Désirée Finnegan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhís Éireann:

“Is ábhar mórtais é d’Fhís Éireann an ócáid ollmhór rannpháirtíochta seo le páirtithe leasmhara agus leis an Tionscal Cluichíochta a óstáil i gcomhar leis an Aire Patrick O’Donovan T.D., agus táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an Tionscal agus leis na Gníomhaireachtaí Cluichí amach anseo.”

Áireofar rannpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta i bhfóram na Cluichíochta Digití. Beidh painéil ann ina bpléifear na dúshláin agus na deiseanna atá ann má tá stiúideonna cluichí in Éirinn le hinfheistíocht a dhéanamh sa chruthaitheacht agus dlús a chur leis an bhfás, agus ina mbeifear ag breathnú ar na cúinsí a chuireann cuideachtaí cluichí digiteacha san áireamh agus áit á roghnú acu le gnéithe dá gcuid oibre a lonnú ansin.

Beidh plé comhchéime ann i ngrúpaí chomh maith ina mbeidh deis ag na rannpháirtithe go léir cur le plean straitéiseach do thionscal na cluichíochta in Éirinn. Beifear ag díriú ar an ábhar cuí sa seisiún seo, cuirfear an comhar idir páirtithe leasmhara chun cinn agus breathnófar ar an méid a theastaíonn ó thaobh tacaíochta de in earnáil na físchluichíochta in Éirinn sna blianta atá romhainn.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat