Faigheann an tAire O’Donovan faomhadh an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Meán
- Foilsithe: 2 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Iúil 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., inniu faomhadh an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil na Meán, a chuirfidh an tAcht Eorpach um Shaoráil na Meán (EMFA) i bhfeidhm in Éirinn.
Is rialachán AE é an EMFA a chuireann rialacha nua i bhfeidhm chun ilchineálacht agus neamhspleáchas na meán a chosaint agus a fhéann lena chinntiú gur féidir leis na meáin oibriú níos éasca trasna teorainneacha san AE.
Tabharfaidh an Scéim Ghinearálta éifeacht do phríomheilimintí EMFA i ndlí na hÉireann. Déanfaidh sí creat cumasc meán atá ann cheana féin in Éirinn a nuachóiriú agus tabharfaidh sí rialacha nua isteach maidir le caiteachas stáit ar fhógraíocht.
Agus é ag fáiltiú roimh cheadú na Scéime Ginearálta, dúirt an tAire O’Donovan:
“Cloch choirnéil an daonlathais is ea meáin shaor neamhspleácha agus tá ról ríthábhachtach aige chun an pobal a chur ar an eolas agus chun institiúidí agus leasanna cumhachtacha a choinneáil cuntasach. Cosnóidh EMFA saoirse na meán agus iolrachas ar fud an AE, agus soláthróidh sé timpeallacht chobhsaí shábháilte ina bhféadfaidh na meáin oibriú agus fás ann."
“Tá creat rialála láidir ag Éirinn cheana féin atá deartha chun saoirse agus neamhspleáchas na meán a chosaint, atá ailínithe go maith le EMFA, agus neartóidh cur i bhfeidhm EMFA tríd an mBille um Rialáil na Meán na cosaintí sin atá ann cheana féin.”
Leasóidh an Scéim Ghinearálta an creat reatha do chumaisc meán faoin Acht Iomaíochta chun ailíniú le EMFA, lena n-áirítear idirbhearta a bhaineann le hardáin ar líne a thabhairt isteach sa scóip, agus déanfar freagracht as measúnú ar chumaisc meán a aistriú ón Aire go Coimisiún na Meán.
Chomh maith leis sin, cuirfidh an reachtaíocht feabhas ar thrédhearcacht maidir le caiteachas an stáit ar fhógraíocht. Beidh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar a gcaiteachas ar fhógraíocht agus beidh sé de chúram ar Choimisiún na Meán monatóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis seo agus tuarascáil bhliantúil a ullmhú uirthi.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Is gné riachtanach de chreat rialála na hÉireann do na meáin é an córas cumasc meán agus soláthraíonn sé cosaintí tábhachtacha d’iolrachas agus d’éagsúlacht sna meáin. Tá sé ríthábhachtach go bhfeidhmeoidh an córas cumasc meán go héifeachtach, agus go ndéanfar é a nuachóiriú, de réir mar a leanann tírdhreach na meán, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon, ag athrú."
“Agus freagracht á glacadh acu as measúnú a dhéanamh ar chumasc meán, beidh Coimisiún na Meán in ann leas a bhaint as a thaithí agus a saineolas i ndáil le hilchineálacht sna meáin."
“Is foinse ioncaim thábhachtach í fógraíocht stáit do go leor asraonta meán. Tabharfaidh an Scéim Ghinearálta creat rialála nua isteach maidir le fógraíocht stáit agus cuirfidh sí trédhearcacht níos fearr ar fáil maidir le leithdháileadh cistí poiblí le haghaidh fógraíochta.”
Ainmneofar Coimisiún na Meán faoin Scéim Ghinearálta freisin mar an comhlacht a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt bunachar sonraí úinéireachta meán agus as dul i ngleic leis an tionscal chun trédhearcacht a chur chun cinn maidir le córais tomhais lucht féachana.
Ceadóidh faomhadh an Rialtais an Scéim Ghinearálta a fhoilsiú agus an Bille nua a dhréachtú.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is féidir Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil na Meán a fheiceáil anseo:
EMFA
Is freagairt é an tAcht Eorpach um Shaoráil na Meán (EMFA) ar imní ar leibhéal an AE maidir le creimeadh shaoirse na meán agus an smachta reachta i mBallstáit áirithe. Tá sé mar aidhm aige an margadh inmheánach do sheirbhísí meán a neartú agus ilchineálacht agus neamhspleáchas na meán san AE a chosaint trí rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta ábhartha na mBallstáit a chomhchuibhiú.
I measc cuid de phríomhghnéithe EMFA tá:
- cosaint foinsí iriseoireachta;
- coimircí le haghaidh neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí;
- trédhearcacht úinéireachta na meán;
- coimircí i gcoinne baint ábhar meán aitheanta ag Ardáin Ar Líne An-Mhóra;
- nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar chumasc meán; agus
- riachtanais trédhearcachta maidir le córais tomhais lucht féachana agus fógraíocht stáit.
Chun tacú le cur i bhfeidhm, déanann EMFA foráil freisin do bhunú Bord Eorpach nua um Sheirbhísí Meán a bheidh comhdhéanta de rialtóirí náisiúnta meán (i gcás na hÉireann, Coimisiún na Meán).
Is rialachán é an EMFA agus tá sé infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit. Beidh feidhm ag formhór fhorálacha an EMFA ón 8 Lúnasa 2025. Cé go bhfuil formhór a fhorálacha ailínithe go maith leis an gcreat rialála atá ann cheana féin do na meáin in Éirinn, ní mór roinnt gnéithe a chur i bhfeidhm tuilleadh i ndlí na hÉireann chun go mbeidh éifeacht iomlán acu.
An Bille um Rialáil na Meán
Molann Scéim Ghinearálta Rialachán na Meán príomhghnéithe an EMFA a chur i bhfeidhm trí roinnt athruithe ar an gcreat reachtaíochta atá ann cheana féin, a bhaineann go príomha le cumasc meán agus trédhearcacht maidir le fógraíocht ag an Stát.
Cumaisc na Meán
Éilíonn EMFA go ndéanfaidh na Ballstáit foráil sa reachtaíocht chun measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe mhargadh na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Tá difríochtaí éagsúla idir riachtanais EMFA agus an córas cumaisc meán atá in Éirinn faoi láthair faoin Acht Iomaíochta 2002 (arna leasú), agus leagann an Scéim Ghinearálta amach raon leasuithe chun ailíniú a chinntiú.
I gcomhréir le raon feidhme níos leithne EMFA, déanann an Scéim Ghinearálta roinnt leasuithe maidir le cad is cumasc meán ann, lena n-áirítear ardáin ar líne a sholáthraíonn rochtain ar ábhar meán a thabhairt faoina raon feidhme. Éilíonn EMFA freisin go dtarmligfidh na Ballstáit freagracht as measúnú cumasc meán chuig a n-údarás rialála náisiúnta, nó go n-áiritheoidh siad go bhfuil siad “bainteach go substaintiúil” leis an measúnú. I gcomhréir leis an gceanglas seo, feicfidh an reachtaíocht atá beartaithe aistriú na príomhfhreagrachta as cumasc meán ón Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt go Coimisiún na Meán.
Fógraíocht Stáit
Bunaíonn EMFA ceanglais trédhearcachta maidir le caiteachas stáit ar fhógraíocht, lena n-áirítear ceanglas ar údaráis phoiblí nó ar eintitis phoiblí faisnéis a fhoilsiú faoin méid iomlán a caitheadh agus an méid a caitheadh le soláthraithe meán aonair. Níl aon rialacha sonracha ann faoi láthair maidir leis an gcreat foriomlán le haghaidh leithdháileadh fógraíochta stáit in Éirinn, agus molann an Scéim Ghinearálta roinnt forálacha cur chun feidhme mionsonraithe chun a chinntiú go gcuirfear na ceanglais maidir le fógraíocht stáit faoi EMFA i bhfeidhm go héifeachtach.
Beidh sé de dhualgas ar údaráis phoiblí agus ar eintitis phlean comhlíontachta a fhorbairt agus a fhoilsiú agus faisnéis faoina gcaiteachas a fhoilsiú go bliantúil. Ainmníonn an Scéim Ghinearálta Coimisiún na Meán mar an comhlacht atá freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhógraíocht stáit in Éirinn freisin.
Forálacha eile
Áirítear leis an Scéim Ghinearálta oibleagáidí ar Choimisiún na Meán bunachar sonraí úinéireachta meán náisiúnta a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in EMFA, agus chun glacadh le cóid iompair ag an tionscal a spreagadh chun trédhearcacht a chur chun cinn maidir le córais tomhais lucht féachana.
Bille Leasaithe Craolacháin
Leagann EMFA amach freisin roinnt cosaintí atá deartha chun neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí ar nós RTÉ agus TG4 a chosaint. Foráiltear do bhearta cur chun feidhme i Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú), a d’fhormheas an Rialtas roimhe seo, mar chuid d’athchóirithe níos leithne ar rialachas na meán seirbhíse poiblí.