Forlíonadh Deiridh i Sraith an Chéid Irish Times a dáileadh ar scoileanna faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, (Dé Máirt, an 2 Bealtaine 2023), d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, roimh fhoilsiú fhorlíonadh Century The Irish Times 2023. Déanfar an acmhainn thábhachtach seo a dháileadh ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna ar fud na tíre mar chuid de Shraith Stairiúil Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, a mhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá sraith forlíontaí speisialta á bhfoilsiú ag The Irish Times ó 2013 i leith chun Deich mBliana na gCuimhneachán a chomóradh.
Sa bhliain dheireanach seo de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán tugann forlíonadh Century aghaidh ar chuid de na príomhimeachtaí agus daoine a raibh ról suntasach acu in imeachtaí 1923 ach ar na Deich mBliana réabhlóideacha níos leithne i stair na hÉireann chomh maith. Áiríonn sé seo imeachtaí agus téamaí a bhaineann le Cogadh Cathartha na hÉireann, a chríoch ar deireadh thiar agus na dúshláin agus na próisis a bhaineann le bunú Stáit nua.
Dúirt an tAire Martin:
“Mar Aire le freagracht as Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán a threorú, tá lúcháir orm fáilte a chur roimh fhoilsiú Fhorlíonadh Century The Irish Times 2023.
“Ligfidh an acmhainn thábhachtach seo do léitheoirí, agus go háirithe do dhaoine óga, foghlaim faoi imeachtaí 100 bliain ó shin ar bhealach cothrom le tacaíocht ó thaighde stairiúil agus ó bhunfhoinsí.
“Ceann de phríomhaidhmeanna Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán is ea deiseanna éagsúla agus suimiúla a sholáthar a spreagfaidh daoine de gach aois chun an tréimhse chasta íogair seo i stair na hÉireann a fhiosrú.
“Mhol an Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin, a bhfuil an Dr Maurice Manning ina Chathaoirleach air, gur gá tacaíocht chuí a thabhairt do dhaoine óga chun foghlaim faoin tréimhse shuntasach seo a bhíonn uaireanta deighilteach, anacrach agus íogair inár gcuid staire. Tá áthas orm arís i mbliana tacú le dáileadh na hacmhainne seo ar gach bunscoil agus iar-bhunscoil agus táim buíoch den Roinn Oideachais as a gcúnamh sa phróiseas go dtí seo.
"Táim buíoch den Irish Times as a gcur chuige cuimsitheach, machnamhach cruthaitheach agus iad ag scrúdú agus ag cuimhneamh ar na himeachtaí suntasacha a chomóraimid le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is acmhainn oidhreachta thábhachtach agus mhealltach é forlíonadh ‘Century’.”
Nótaí don eagarthóir:
Beidh an forlíonadh ar fáil ar líne freisin laistigh d’aip Digital Edition agus ar an suíomh gréasáin, www.irishtimes.com, ar feadh Deich mBliana na gCuimhneachán agus beidh sé ar fáil do gach síntiúsóir.
Tá Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2023 ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ar https://www.decadeofcentenaries.com/