Freastalaíonn an tAire Charlie McConalogue ar Chruinniú Chomhairle Spóirt an Aontais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Charlie McConalogue ar Chruinniú Chomhairle Spóirt an Aontais

Déanfaidh an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, ionadaíocht ar Éirinn ag cruinniú Chomhairle Spóirt an Aontais an 12 Bealtaine sa Bhruiséil.

Beidh airí ag an gComhairle ag iarraidh conclúidí na Comhairle a fhaomhadh maidir le saincheist na turasóireachta spóirt mar chúnamh leis an bhforbairt inbhuanaithe. Leagfar béim ar an ról a d’fhéadfadh forbairt inbhuanaithe na turasóireachta spóirt a ghlacadh chun fás inbhuanaithe, ionchuimsiú sóisialta agus inbhuanaitheacht comhshaoil a chothú.

Glacfaidh an tAire páirt i ndíospóireacht beartais neamhfhoirmiúil maidir le haosú gníomhach a chur chun cinn trí spórt: an tsláinte, folláine agus rannpháirtíocht a chur chun cinn, mar aon le malartú tuairimí maidir leis an meabhairshláinte sa spórt: ó athléimneacht aonair go freagracht córais. Déanfar iarracht leis an bplé sin aghaidh a thabhairt ar ghnéithe aonair agus struchtúrtha na dtacaíochtaí meabhairshláinte sa spórt.

Ar chlár oibre an chultúir, beidh nuashonruithe ar thogra maoinithe an AE don todhchaí maidir le cultúr, meáin agus sochaí sibhialta, AgoraEU, san áireamh ag an gcruinniú, agus malartú tuairimí

ar Phlean Oibre an AE don Chultúr 2027-2030. Cuirfidh an tAire McConalogue clár oibre agus tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach i láthair freisin, a thosóidh an 1 Iúil 2026, don chultúr, do na meáin agus don spórt.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire McConalogue:

Le clár oibre spórt na Comhairle, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna tábhachtacha tráthúla d’Éirinn. Tá sé de chumas ag an Straitéis um Mórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt a sheolamar le déanaí ról mór a ghlacadh maidir le turasóireacht inbhuanaithe spóirt a chur chun cinn, toisc go ndírítear léi ar chreat soiléir trédhearcach chun imeachtaí spóirt idirnáisiúnta a sheachadadh. Réimse oibre tosaíochta is ea meabhairshláinte na lúthchleasaithe freisin, agus tá roinnt tionscnamh á gcur i bhfeidhm in Éirinn lena gcuidítear le cosaint agus léiriú chearta na lúthchleasaithe chun páirt a ghlacadh i spóirt ar bhealach sábháilte.

Cuirim fáilte roimh an deis seo freisin chun dul i mbun cainte tuilleadh le mo chomh-Airí AE chun plé a dhéanamh ar bheartas agus chun tosaíochtaí na hÉireann dár nUachtaránacht a leagan amach faoi réimsí an chultúir, an chlosamhairc, na meán agus an spóirt.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat