Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire McConalogue ar Chruinnithe Airí Spóirt agus Cultúir na hEorpa

Déanfaidh an tAire Stáit um Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, ionadaíocht ar Éirinn ag Cruinniú Neamhfhoirmiúil Airí Cultúir an AE agus Comhdháil Uachtaránacht Chipirigh Chomhairle an AE ar Turasóireachta Spóirt i Nicosia, an Chipir, ag tosú inniu. Beidh Éire ag plé le hAirí ó gach cearn den Aontas maidir le príomhthosaíochtaí cultúrtha lena n-áirítear cearta cultúrtha agus cruthaitheacht i ré na hintleachta saorga, gáinneáil aindleathach earraí cultúrtha, agus ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá le teacht.

Labhróidh an tAire McConalogue ag an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Thurasóireacht Spóirt mar Thiománaí don Fhorbairt Inbhuanaithe áit a bpléifidh sé Straitéis na hÉireann maidir le Mórimeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire McConalogue:

Táim ag tnúth le plé cuiditheach le mo chomhghleacaithe Eorpacha maidir le conas is féidir linn saoirse ealaíonta a chosaint, tacú le gairmeacha inbhuanaithe san earnáil chruthaitheach, agus comhar a neartú chun cosc a chur ar thrádáil mhídhleathach in earraí cultúrtha.

Agus muid ag ullmhú chun glacadh leis an Uachtaránacht níos déanaí i mbliana, leanfaidh Éire de bheith ag tabhairt tosaíochta do chearta cultúrtha, sábháilteacht ar líne do dhaoine óga, agus cur chuige comhordaithe Eorpach i leith na ndúshlán agus na ndeiseanna a chuireann an intleacht shaorga i láthair sna hearnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha. Táim ag tnúth freisin le labhairt ar phrionsabail threoracha na hÉireann i leith Mórimeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta ag an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Thurasóireacht Spóirt mar Thiománaí don Fhorbairt Inbhuanaithe. Leagfaidh mé béim ar ról na mórimeachtaí spóirt amhail an cluiche NFL le déanaí i mBaile Átha Cliath agus Corn Ryder atá le teacht maidir leis an gcuid is fearr atá le tairiscint ag Éirinn a thaispeáint.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat