Freastalaíonn an tAire O’Donovan ar chruinniú d’Airí Teileachumarsáide an AE ag Cruinniú na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh sa Bhruiséil
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
Agus uachtaránacht na Comhairle faoi chathaoirleacht na Danmhairge, díríodh ar chlár oibre um shimpliú a chur i bhfeidhm leis an Togra le haghaidh Ollchlár Digiteach.
Áireofar Conclúidí na Comhairle maidir leis an Iomaíochas i gClár na Deacáide Digití, an clár oibre um shimpliú, agus leathnú an Tionscnaimh ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’, le hábhar an chruinnithe.
Tá an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann inniu sa Bhruiséil, príomhchathair na Beilge, ag cruinniú foirmiúil d’Airí Teileachumarsáide an AE faoi chathaoirleacht Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle.
Ag an gcruinniú, ceadóidh na hAirí conclúidí na Comhairle maidir le hiomaíochas na hEorpa laistigh de Chlár na Deacáide Digití, agus roinnfidh siad a dtuairimí maidir leis an gclár oibre um shimpliú, agus athléimneacht a fhorbairt i gcoinne cibearionsaithe. Tabharfar an t-eolas is déanaí do na hAirí freisin maidir leis an tionscnamh ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile' a leathnú chuig an Úcráin agus an Mholdóiv.
Beidh cruinniú déthaobhach ag an Aire O’Donovan leis an gCoimisinéir Virkunnen freisin chun tosaíochtaí na hÉireann a phlé sula mbeidh Uachtaránacht na Comhairle faoi chathaoirleacht na hÉireann sa dara leath de 2026.
Ag labhairt dó roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire O'Donovan:
Fáiltíonn Éire roimh phacáiste Ollchláir an Choimisiúin um shimpliú digiteach a foilsíodh an 19 Samhain, lena n-áirítear tograí chun rialacha a bhaineann le sonraí, le cibearshlándáil agus leis an intleacht shaorga a shimpliú.
Bhí Éire go mór i bhfabhar pacáiste uaillmhianach um shimpliú digiteach a chur chun cinn, a thacóidh le suíomh straitéiseach an AE mar sprioc-limistéar don nuálaíocht dhigiteach iontaofa, agus a chuirfidh béim mhór ar phríobháideacht sonraí agus ar chearta bunúsacha na saoránach a chosaint ag an am céanna.
"Tá Éire tiomanta do Threoir NIS2 a thrasuí go luath in 2026, chomh maith le héifeacht iomlán a thabhairt don Acht um Chibear-Athléimneacht – dhá phríomhchreat cibearshlándála a fheabhsóidh agus a neartóidh cibearshlándáil agus athléimneacht na hÉireann, agus a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag éiceachóras digiteach bríomhar agus nuálach.
Tógfaidh sé am luach iomlán na mbeart seo a fheiceáil, de réir mar a athróidh agus a fhorbróidh eagraíochtaí agus slabhraí soláthair; mar sin féin, tá Éire go hiomlán tiomanta dár n-athléimneacht a mhéadú agus dár gcumas a neartú d'fhonn AE a thógáil a bheidh níos sláine agus níos iomaíche."
“Fáiltím freisin roimh an deis chun dul i dteagmháil leis an gCoimisinéir Virkunnen chun dearcadh na hÉireann a chur in iúl dó maidir leis an Acht um Líonraí Digiteacha atá ag teacht chun cinn.
Nótaí
- Pléadh Conclúidí na Comhairle an 8 Iúil, an 8 agus an 30 Meán Fómhair, agus an 16 Deireadh Fómhair ag Meithleacha Oibre Telco.
- Dhírigh na príomh-shaincheisteanna ar thagairtí do chearta bunúsacha agus do luachanna AE a chur isteach, ar ról mór na n-infheistíochtaí digiteacha a dtagraítear dóibh i dtogra Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an Choimisiúin, ar bhéim a chur ar an tábhacht a bhaineann le ról na scileanna agus na tallainne digití, agus ar theanga chomhaontaithe a úsáid “ar bhealach oscailte” i dtaobh ceannasacht dhigiteach.
- Ón 1 Eanáir 2026 beidh rochtain ag an Úcráin agus ag an Mholdóiv araon ar an Limistéar ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ agus beidh saoránaigh AE in ann tairbhe a bhaint as buntáistí cómhalartacha sa dá thír sin.