Glacann an Rialtas an chéad chéim eile chun costas leathanbhanda ardluais a chur ar fáil a laghdú
- Foilsithe: 19 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2025
- Seolann an tAire Patrick O’Donovan comhairliúchán poiblí ag lorg tuairimí ó oibreoirí líonra, ó chomhlachtaí poiblí agus ó údaráis áitiúla.Tuairimí oibritheoirí gréasáin, comhlachtaí poiblí agus údaráis áitiúla á lorg ag an Aire
- Osclófar an comhairliúchán ar líne an 19 Nollaig agus dúnfar é an 11 Feabhra
Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, i ndáil le roghanna ar an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin.
Tá sé mar aidhm ag an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin luas a chur le rolladh amach agus an costas a bhaineann le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainneach teileachumarsáide (VHCNanna) a laghdú, trí rochtain níos fearr ar bhonneagar fisiciúil atá ann cheana a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil cur i bhfeidhm níos éifeachtaí bhonneagar fisiciúil nua, a chumasú.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“Beidh ról an-tábhachtach ag an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin agus Straitéis um Nascacht Dhigiteach an Rialtais á seachadadh, sé sin go mbeadh Líonra Gigighiotáin ar fáil do gach teaghlach in Éirinn faoin mbliain 2028. Cuirfidh sé chun cinn comhroinnt tras-earnála maidir leis an mbonneagar fisiciúil atá ansin cheana féin agus feabhsóidh sé an comhordú a dhéantar ar oibreacha sibhialta, agus ag an am céanna déanfar próisis riaracháin a chuíchóiriú.”
Rinne an tAire tuarascáil shaineolach a choimisiúnú agus chuaigh i mbun cainte leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun bonneagar a aithint a d’fhéadfaí a eisiamh ó oibleagáidí ar eolas a bhaineann leis an mbonneagar seo a chuir ar fáil i leagan leictreonach trí Phointe Eolais Lárnaigh (PEL). Is féidir nach mbeadh feidhm ag oibleagáidí in áit a bhfuil bonneagar fisiciúil neamhoiriúnach go teicniúil chun VHCNanna a chur i bhfeidhm nó sa chás go mbeadh na hoibleagáidí ar eolas a chuir ar fáil faoi chineálacha áirithe bonneagair díréireach. Lorgaíonn an comhairliúchán go gcuirfeadh páirtithe leasmhara ar spéis leo é, a gcuid tuairimí ar fáil i ndáil leis na conclúidí ar an tuarascáil shaineolach.
Is féidir rochtain a fháil ar an gcomhairliúchán poiblí anseo. Déanfar an tréimhse chomhairliúcháin a reáchtáil ón 19 Nollaig 2025 go dtí 11 Feabhra 2026.
Ceaptar go ndéanfar comhairliúchán breise a bhaineann leis an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin i ndáil le bonneagar fisiciúil laistigh den fhoirgneamh agus sonraíochtaí sreangaithe snáithín, a sheoladh go luath an bhliain seo chugainn.