Taifid Stairiúla Chathail Uí Eochaidh agus Éamon de Valera Nochtaithe Ar Líne
- Foilsithe: 9 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
Tá taifid stairiúla a bhaineann le breith an iar-Thaoisigh Cathal Ó hEochaidh, agus bás an iar-Uachtaráin Éamon de Valera, agus a mhná chéile Sinéad, i measc sraith de dhoiciméid chlárúcháin shibhialta nua atá ar fáil le breathnú orthu ar líne.
I measc na dtaifead ar fáil ar www.irishgenealogy.ie tá:
- Taifid bhreithe – 1864 go 1925
- Taifid phósta – 1845 go 1950
- Taifid bháis – 1864 go 1975
Ligeann Irishgenealogy.ie d’úsáideoirí raon leathan taifead a chuardach chun sinsearacht agus stair theaghlaigh a rianú.
Gach bliain cuirtear bliain bhreise d’iontrálacha Breithe, Pósta agus Báis leis an suíomh Gréasáin, atá saor in aisce le húsáid, agus níl aon síntiús ná clárú ag teastáil.
Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, fáilte roimh an eisiúint is déanaí seo:
“Leanann an comhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Coimirce Sóisialaí chun taifid chlárúcháin shibhialta breitheanna, básanna agus póstaí a chur ar fáil ar líne.
“Cinntíonn an tionscadal comhoibríoch seo go mbeidh na foinsí taifead luachmhara sin ar fáil do shaoránaigh agus do dhiaspóra na hÉireann ar fud an domhain, gan srian agus gan stró, tríd an suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie,
“Táim cinnte go gcuirfidh daoine atá bainteach le taighde ginealaigh fáilte roimh an nuashonrú seo.
“Tar éis na dtaifead nua dhá mhí dhéag a chur leis, is féidir rochtain a fháil anois ar bhreith an iar-Thaoisigh Cathal Ó hEochaidh agus ar bhás an iar-Uachtaráin Éamon De Valera agus a mhná chéile Sinéad agus iad a fheiceáil ar líne.”
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, TD:
“Táim breá sásta bliain eile de thaifid a chur ar fáil don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ionas gur féidir rochtain a fháil ar líne ar an bhfoinse mhór faisnéise staire teaghlaigh seo ar fud an domhain.
Tá taifid bhreithe, bháis agus phósta riachtanach chun saolta ár sinsir Éireannacha a rianú, agus tá lúcháir orm tacú leis an tionscadal comhoibríoch leanúnach seo.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is iad na taifid atá á seoladh ná iontrálacha Chlár na mBreitheanna do 1925, iontrálacha Chlár na bPóstaí do 1950 agus iontrálacha Chlár na mBásanna do 1975. Léiríonn na hiontrálacha sin faisnéis thábhachtach a bhíonn bunriachtanach go minic chun cabhrú le daoine foghlaim faoina sinsearacht.
Maidir le Breitheanna, tá an méid seo a leanas san áireamh:
- Céadainm/Céadainmneacha an Pháiste
- Sloinne an Pháiste
- Dáta Breithe
- Áit Bhreithe
- Ainm agus Seoladh an Athar
- Ainm na Máthar agus Sloinne Roimh Phósadh má bhí sí Pósta
- Gairm an Athar
- Síniú an Fhaisnéiseora (An duine a chláraigh do bhreith)
- Dáta Clárúcháin na Breithe
Maidir le Póstaí, tá an méid seo a leanas san áireamh:
- Suíomh an Phósta
- Dáta an Phósta
- Céadainm/Céadainmneacha agus Sloinne/Sloinnte na Brídí agus an Ghrúim
- Aois Tráth an phósta
- Stádas (i.e. Baitsiléir, Bean Neamhphósta nó Baintreach)
- Gairm Bhrídí agus Ghrúim
- Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
- Gairmeacha Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
- Síniú na Brídí agus an Ghrúim
- Síniú na Finnéithe
Maidir le Básanna, tá an méid seo a leanas san áireamh:
- Dáta agus Áit an Bháis
- Ainm agus Sloinne an Duine a Fuair Bás
- Fear nó Bean
- Stádas an Duine a Fuair Bás (i.e. Baitsiléir, Bean Neamhphósta nó Baintreach)
- Aois ag an mbreithlá deireanach
- Aicme, Gairm nó Slí Bheatha an Duine a Fuair Bás
- Cúis an Bháis agus fad na breoiteachta
- Síniú, cáilíocht agus áit chónaithe an fhaisnéiseora
- Dáta clárúcháin
Seo a leanas na blianta atá clúdaithe ag na taifid stairiúla de Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna ar an suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie:
Breitheanna: 1864 go 1925
Póstaí: 1845* go 1950
Básanna: 1871** go 1975
* Níor thosaigh Clárú Sibhialta Póstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach ach sa bhliain 1864.
**Tá an tSeirbhís Clárúcháin Shibhialta ag obair i láthair na huaire ar na taifid atá fanta de bhásanna a théann siar go dtí 1864 a nuashonrú. Cuirfear iad sin san áireamh i nuashonruithe amach anseo ar na taifid atá ar fáil ar an suíomh gréasáin.
Cuirtear bliain eile d’iontrálacha Breithe, Pósta agus Báis leis an suíomh gréasáin gach bliain.
Tá an suíomh gréasáin saor in aisce le húsáid agus ní theastaíonn síntiús ná clárúchán chun é a úsáid.
Breisiú suntasach ar na taifid atá ar fáil i ndiaidh nuahshonrú 2025:
Breitheanna 1925:
Ba pholaiteoir Éireannach é Cathal Séamus Ó hEochaidh (16 Meán Fómhair 1925 – 13 Meitheamh 2006) a bhí ina Thaoiseach ceithre huaire idir 1979 agus 1992, nuair a bhí sé ina cheannaire ar Fhianna Fáil.
Rugadh é i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, agus ba é an tríú duine de sheachtar clainne a rugadh do Johnny Haughey agus Sarah McWilliams.
D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus rinne sé staidéar ar an dlí agus ar an gcuntasaíocht.
Sa bhliain 1951, phós sé Maureen Lemass agus bhí ceathrar páistí acu.
Toghadh é den chéad uair chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Fhianna Fáil sa bhliain 1957. Aththoghadh é i ngach toghchán go dtí 1992, ag ionadú toghcheantair Bhaile Átha Cliath Thuaidh – Lár / Bhaile Átha Cliath Ard Aidhin / Bhaile Átha Cliath Thuaidh – Thoir
Bhí Ó hEochaidh i gceannas ar cheithre rialtas agus é ina Thaoiseach: Nollaig 1979 go Meitheamh 1981, Márta go Nollaig 1982, Márta 1987 go Meitheamh 1989, agus Meitheamh 1989 go Feabhra 1992. Bhí go leor post aireachta aige le linn a ghairme pholaitiúil: Aire na Gaeltachta ó 1987 go 1989, Aire Leasa Shóisialaigh agus Sláinte ó 1977 go 1979, Aire Airgeadais ó 1966 go 1970, Aire Talmhaíochta ó 1964 go 1965 agus Aire Dlí agus Cirt ó 1961 go 1964
Básanna 1975
Éamon De Valera (14 Deireadh Fómhair 1882 – 29 Lúnasa 1975)
Rugadh é i Nua-Eabhrac ar an 14 Deireadh Fómhair 1882 agus tugadh go hÉirinn é nuair a bhí sé dhá bhliain go leith d’aois. Sa bhliain 1910 phós sé Sinéad Ní Fhlannagáin.
Múinteoir agus léachtóir ollscoile ab ea é, agus chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad in 1913. Mar Cheannfort, ghlac sé páirt in Éirí Amach Náisiúnta na hÉireann in 1916. Daoradh chun báis é, ach athraíodh an phianbhreith go pianseirbhís. Ligeadh saor ar Mhaithiúnas Ginearálta é i 1917.
Toghadh é mar Theachta Parlaiminte de chuid Shinn Féin d’Oirthear an Chláir sa bhliain 1917 agus atoghadh é mar ionadaí parlaiminte do Chlár ag Olltoghcháin ina dhiaidh sin go dtí gur toghadh ina Uachtarán é sa bhliain 1959.
Bhunaigh sé Páirtí Fhianna Fáil sa bhliain 1926 agus bhí sé ina Uachtarán ar Chomhairle Feidhmiúcháin Shaorstát Éireann agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1932 – 37.
Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhairle Conradh na Náisiún ag a 68ú Seisiún agus Seisiúin Speisialta i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 1932, agus ina Uachtarán ar Thionól Chonradh na Náisiún, 1938.
Tar éis don phobal an Bunreacht a achtú, rinneadh Taoiseach agus Aire Gnóthaí Eachtracha d’Éamon De Valera ó 1937 – 48. Bhí sé ina Thaoiseach arís ó 1951 – 54, 1957 – 59.
Ar an 25 Meitheamh 1959, insealbhaíodh é mar Uachtarán na hÉireann.
Fuair sé bás ar an 29 Lúnasa 1975.
Sinéad De Valera (née Ní Fhlannagáin; 3 Meitheamh 1878 – 7 Eanáir 1975) údar ab ea í a scríobh roinnt leabhar do pháiste i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí sí pósta le Taoiseach agus ar an tríú Uachtarán na hÉirinn, Éamon de Valera.
Rugadh í leis an ainm Jane O’Flanagan i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath. Ba shiúinéir é a hathair, Laurence, agus ba as Cill Dara dó. Bhog sé go Baile Brigín agus phós sé cailín áitiúil, Margaret Byrne.
Ina ham saor, mhúin sí Gaeilge i gColáiste Laighean de chuid Chonradh na Gaeilge i gCearnóg Parnell. Duine dá mic léinn Gaeilge ab ea Éamon de Valera, a bhí ina mhúinteoir matamaitice. Ar an 8 Eanáir 1910, phós siad. Bhí cúigear mac acu le chéile, Vivion, Éamon, Brian, Rúaidhrí agus Terence (Terry), agus beirt iníonacha, Máirín agus Emer
Scríobh Sinéad de Valera tríocha a haon leabhar do pháistí, i mBéarla agus i nGaeilge. I measc a saothar bhí drámaí amhail Cluichidhe na Gaedhilge (1935) agus bailiúcháin scéalta ar nós The Emerald Ring and Other Irish Fairy Stories (1951), The Stolen Child and Other Stories (1961), The Four-leafed Shamrock (1964) agus The Miser’s Gold (1970).
Fuair sí bás ar an 7 Eanáir 1975 nuair a bhí sí 96 bliain d’aois, an lá roimh a mbeadh 65 bliain pósta di féin agus Éamon. Fuair Éamon de Valera bás 92 bliain d’aois, níos lú ná ocht mí ina dhiaidh sin ar an 29 Lúnasa 1975. Tá an lánúin adhlactha le chéile, mar aon lena mac Brian i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.