Imeacht Iompaithe Fód ag Mol Spóirt Inis Córthaidh
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Lúnasa 2025
- An Tánaiste agus na hAirí O’Donovan agus Browne i láthair chun an chéad fhód a chasadh ag saoráid spóirt
- Faigheann Mol Spóirt Inis Córthaidh €450,000 de mhaoiniú stáit faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (‘LSSIF’)
- Áirítear leis an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó LSSIF uasghrádú ar an tsaoráid lúthchleasaíochta IAAF atá ann cheana trí fhoirgneamh taitneamhachta spóirt a sholáthar
Chuir an Tánaiste Simon Harris TD fáilte roimh an deis an chéad fhód a chasadh ar an tionscadal tógála in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman, Dé hAoine, an 8 Lúnasa 2025. I dteannta an Tánaiste bhí Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus an tAire Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, James Browne TD.
Tá tacaíocht €450,000 curtha ar fáil ag an Roinn don tionscadal seo faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF).
Leis an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó LSSIF, déanfar uasghrádú ar shaoráid lúthchleasaíochta IAAF atá ann cheana féin i Mol Inis Córthaidh lena n-áirítear foirgneamh taitneamhachta spóirt a sholáthar ina bhfuil limistéar ilchuspóireach, dhá sheomra feistis, saoráidí leithris poiblí agus cistinéad, chomh maith le caighean caithimh a thógáil le haghaidh diosca agus casúir. Beidh sé ina mhol oideachais freisin do chóitseálaithe, do lúthchleasaithe agus do mhúinteoirí.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris:
Is mian liom an pobal ar fad agus na comhpháirtithe tionscadail uile a mholadh as an ngarsprioc thábhachtach seo a bhaint amach. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an áis seo ina hacmhainn luachmhar le blianta fada amach romhainn, ag cur sláinte agus folláine chun cinn do dhaoine de gach aois agus cumas.
Inniu leagaimid síos an bhunchloch do spás ina gcothófar uaillmhian. Leis an rath a bhí ar Chraobhchomórtas Eorpach Lúthchleasaíochta U23 agus ar Chluichí Ollscoile an Domhain le déanaí, cuirtear i gcuimhne dúinn cad is féidir a dhéanamh nuair a thacaítear le tallann. Cuideoidh an mol seo lena chinntiú go mbeidh an deis ag lúthchleasaithe bláthú agus seasann sé mar chruthúnas go bhfuil ár n-infheistíocht sa spórt ag tacú leis an bhfás agus leis an rannpháirtíocht.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Tá an-áthás orm a bheith in Inis Córthaidh inniu chun tús na caibidle nua spreagúla seo don spórt i gContae Loch Garman a mharcáil. Beidh tionscadal Mhol Spóirt Inis Córthaidh ina phríomh-áis réigiúnach do Loch Garman, ag tacú le clubanna áitiúla, scoileanna, lúthchleasaithe ionchasacha, agus ag mealladh imeachtaí agus cuairteoirí chuig an gceantar ag an am céanna.
Agus lúthchleasaithe Éireannacha ag cruthú ceannlínte ar an ardán idirnáisiúnta, níl aon am níos fearr riamh chun níos mó daoine a spreagadh chun áiseanna mar seo a úsáid. Tríd an LSSIF, táimid ag cur fíorthorthaí ar fáil do phobail ar fud na tíre. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do gach duine a bhfuil baint acu leis an tionscadal seo a thabhairt chun bealaigh.
Dúirt an tAire James Browne:
Is forbairt spreagúil do Loch Garman é tionscadal Mhol Spóirt Inis Córthaidh agus cuirfidh sé deis ar fáil do lúthchleasaithe, clubanna agus scoileanna áitiúla barr feabhais a bhaint amach ina spóirt roghnaithe. Leis an tsaoráid nua seo, beidh Loch Garman ina cheann scríbe do gach cineál imeachtaí spóirt freisin. Táim bródúil as a bheith anseo agus muid ag marcáil tús caibidle nua don spórt i Loch Garman.
Dúirt an tAire Stáit le Freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue TD:
Tá an Rialtas tiomanta do dheiseanna a thairiscint do gach duine páirt a ghlacadh i spórt ag cibé leibhéal is mian leo, cibé acu ar an raon reatha, ar an taobhlíne, nó sa seomra boird. Is cloch mhíle é forbairt na n-áiseanna tábhachtacha cosúil le Mol Spóirt Inis Córthaidh san aistear seo i dtreo cuimsiú do chách inár dtírdhreach leathan spóirt.
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí:
An Ciste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF);
Rinne an Beartas Náisiúnta Spóirt, a foilsíodh in 2018, foráil do Chiste nua Bonneagair Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Is é aidhm an LSSIF tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d'áiseanna spóirt níos mó ina bhfuil an infheistíocht riachtanach ón Státchiste níos mó ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail (CSFF).
Is é €297 milliún an infheistíocht charnach le linn an chéad dá bhabhta LSSIF (2018 agus 2024), agus cuireadh leithdháiltí cistiúcháin ar fáil do 68 dtionscadal ar mhórscála san iomlán.