Maoiniú €4.17m ó Chiste na gCuntas Díomhaoin fógartha ag na hAirí agus ag Spórt Éireann do thionscnaimh spóirt agus pobail in 2025
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Lúnasa 2025
Tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus Spórt Éireann sásta a fhógairt go mbeidh níos mó ná €4 milliún ó Chiste na gCuntas Díomhaoin á infheistiú i dtionscnaimh pobail spóirt agus gníomhaíocht coirp.
D'fháiltigh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, an tAire Stáit le Freagracht Speisialta as Beartas Poist agus Spóirt Charlie McConalogue TD, an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas Jerry Buttimer TD, agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Spórt Éireann, an Dr Úna May, roimh an infheistíocht de €4.17 milliún, a thacóidh le réimse tábhachtach oibre ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire O’Donovan
Tá áthas orm go mbeidh €4.17 milliún i Maoiniú Cuntas Díomhaoin ag dul chuig comhlachtaí spóirt ar fud na tíre.
Ba chóir go mbeadh deis ag gach duine páirt a ghlacadh sa spórt, agus cabhróidh an maoiniú seo lena cinntiú go gcuirfear deiseanna nua agus spóirt nua ar fáil do dhaoine de gach cumas agus cúlra ar fud na tíre. Tá ról ríthábhachtach ag an spórt san ionchuimsiú sóisialta, ach tá tuilleadh oibre le déanamh do dhaoine faoi mhíchumas, agus cabhróidh an maoiniú seo an obair sin a chur chun cinn.
Mar gheall ar Mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin, is féidir cistí neamhéilithe ó chuntais in institiúidí airgeadais in Éirinn a úsáid do thionscadail a dhíríonn ar bhacainní ar rannpháirtíocht sa spórt a shárú do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachasúil, nó atá faoi mhíchumas.
Dúirt an tAire Charlie McConalogue:
Chun sprioc an Rialtais a bhaint amach níos mó daoine a mhealladh le páirt a ghlacadh sa spórt, ní mór dúinn cumas ár gcóras spóirt a mhéadú. Tá áthas orm mar sin go bhfuil maoiniú á chur ar fáil do chláir d’oibrithe deonacha agus d’fhorbairt scileanna sa chéad tráinse maoinithe seo do chuntais dhíomhaoine sa spórt.
Tá ár rátaí rannpháirtíochta i spórt, idir rannpháirtíocht ghníomhach agus obair dheonach, ar an leibhéal is airde riamh, agus caithfimid leanúint ar aghaidh leis an obair chun iad a choinneáil agus a mhéadú.
Tá ról lárnach ag líonra na gCompháirtíochtaí Áitiúla Spóirt (CÁSanna) de chuid Spórt Éireann maidir leis an bPolasaí Náisiúnta Spóirt a chur i bhfeidhm agus leibhéil rannpháirtíochta sa spórt agus gníomhaíocht coirp a mhéadú, go háirithe i ngrúpaí atá faoi ghannionadaíocht. Trí Mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin, is féidir le CÁSanna tosaíochtaí maoinithe náisiúnta a nascadh le riachtanais pobail áitiúla, agus a chinntiú go sroicheann an maoiniú na grúpaí, na clubanna agus na daoine is mó a bhfuil a bhfuil sé ag teastáil uathu.
Ar na príomhréimsí infheistíochta do 2025, beidh: Moil Phobail Spóirt, Tionscadail Rannpháirtíochta Spóirt do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus Cathracha Gníomhacha.
Cuirfidh maoiniú ar fiú €1.32m ar fad é tacaíocht leanúnach ar fáil do 29 Mol Pobail Spóirt atá ann cheana féin, chomh maith le maoiniú do 4 mhol nua in 2025. Arna stiúradh ag CÁSanna, cuirfidh na moil rannpháirtíocht áitiúil sa spórt agus gníomhaíochta coirp chun cinn i gceantair faoi mhíbhuntáiste.
Dúirt an tAire Buttimer:
Tá an spórt i gcroílár phobail ar fud na tíre, agus cuirim fáilte roimh fhógra an lae inniu go bhfuil maoiniú le cur i dtreo rogha tograí spóirt phobail-bhunaithe i ngach cearn den tír.
Tá na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus na Moil Phobail atá forbartha ag Spórt Éireann le fáil i ngach contae sa tír, agus cuireann siad deiseanna ar fáil do dhaoine ó gach cineál cúlra. Tá súil agam go dtabharfaidh an maoiniú seo deis do níos mó daoine arís taitneamh a bhaint as na buntáistí a thagann le bheith páirteach sa spórt, agus slí mhaireachtála sláintiúil a bheith agat, agus go mbraithfidh siad go bhfuil siad páirteach ina bpobail agus fáilte ann rompu.
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Spórt Éireann, an Dr Úna May:
Táimid an-sásta an pacáiste infheistíochta seo €4.17m a fhógairt. Tá an tacaíocht fhlaithiúil seo ríthábhachtach dár líonra CÁSanna leanúint leis an obair bharrthábhachtach cabhrú le daoine bheith gníomhach agus bacainní ar an rannpháirtíocht a bhaint.
Baineann an maoiniú seo le na bearnaí a shárú agus doirse a oscailt – agus a chinntiú go mbíonn an deis ag gach duine saol níos gníomhaí agus níos sláintiúla a bheith acu, beag beann ar a gcúlra. Táimid tiomanta do chonairí a chruthú a ligeann do gach duine folláine a bhaint amach tríd an spórt.
Gheobhaidh Tionscadail Rannpháirtíochta Spóirt do Dhaoine faoi Mhíchumas €500,000 le bonneagar a fhorbairt chun bacainní ar rannpháirtíocht sa spórt a laghdú do dhaoine le míchumas.
Tabharfar €750,000 do thionscadal na gCathracha Gníomhacha, a bhfuil sé mar aidhm aige gníomhaíocht coirp agus stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn sna cúig chathair is mó in Éirinn. Éascaithe ag ocht CÁS, tá sé mar aidhm Cathair Ghníomhach cláir spóirt a sholáthar do gach aois agus cumas le go mbeidh gníomhaíocht coirp mar ghnáthchuid den saol laethúil.
De réir Bheartas na n-Oibrithe Deonacha sa Spórt, cuirfear maoiniú €420,000 ar fáil do thionscnaimh Tacaíochta d'Oibrithe Deonacha a dhíríonn ar oibrithe deonacha i bpobail faoi mhíbhuntáiste a chumasú lena gcuid scileanna ceannaireachta sa spórt a fheabhsú.
Bronnfar maoiniú €300,000 ar Mhíchumas Gníomhach Éireann chun tacú le Ceardlanna ríomhfhoghlama le rannpháirtíocht ionchuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn. Tabharfaidh Míchumas Gníomhach Éireann aird ar leith ar mhná agus ar chailíní sa spórt atá faoi mhíchumas i mbliana.
Bronnfar €500,000 ar an gciste um Chomhionannas, Éagsúlacht & Cuimsiú chun tacú le tionscadail chumhachtacha a bhaineann bacainní ar rannpháirtíocht sa spórt agus gníomhaíocht coirp do dhaoine ó phobail éagsúla agus atá faoi ghannionadaíocht.
Gheobhaidh Tionscnaimh um Eachtraíocht Amuigh faoin Spéir i Limistéir Uirbeacha beagnach €280,000, ciste a bhfuil sé mar aidhm aige deiseanna eachtraíochta spóirt amuigh faoi spéir a chur ar fail do phobail faoi mhíbhuntáiste agus óige i mbaol.
Dáileofar maoiniú €100,000 san iomlán don Tionscnamh Her Moves, atá dírithe ar chailíní san déaga a chumasú le páirt a ghlacadh sa spórt agus gníomhaíocht coirp.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá tuilleadh eolais ar Leas Mhoilithe Tranche 1 2025 le fáil anseo.
Maidir le Ciste na gCuntas Díomhaoin
Mar gheall ar Chiste na gCuntas Díomhaoin, is féidir cistí neamhéilithe ó chuntais in institiúidí creidmheasa in Éirinn a úsáid chun tacú le forbairt daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachasúil, nó daoine atá faoi mhíchumas, de réir bhrí an Achta um Stádas Comhionann.
Maidir le Spórt Éireann
Is é Spórt Éireann an t-údarás atá freagrach as forbairt an spóirt in Éirinn. Áirítear leis seo rannpháirtíocht sa spórt, spórt ardfheidhmíochta, frithdhópáil, cóitseáil, agus forbairt Champas Spórt Éireann.
Is féidir an dáileadh iomlán de na cistí a fheiceáil anseo.