Maoiniú breise €1.9m fógartha ag an Aire Martin don Chomhairle Ealaíon

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú breise €1.9m fógartha ag an Aire Martin don Chomhairle Ealaíon

Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go bhfuil íocaíocht bhreise €1.9m ceadaithe aici don Chomhairle Ealaíon. Tá an maoiniú seo sa bhreis ar na leithdháiltí €25 milliún a tugadh cheana féin don Chomhairle Ealaíon agus a bhí curtha ar fáil ar mhaithe le tionchar COVID-19 ar na healaíona a laghdú.

Tá an maoiniú seo á thabhairt don Chomhairle Ealaíon le haghaidh:

  • scéimeanna éagsúla atá oscailte d’ iarratais ó 15 Nollag
  • scéim Tacaíochta nua d’Ealaíontóirí, a osclóidh go gairid

Le linn na paindéime is tríd an gComhairle Ealaíon, go príomha, a bhí an Rialtas ag plé le hearnáil na n-ealaíon. Cuideoidh an maoiniú breise seo leis an gComhairle tacú leis an dream is measa atá buailte ag COVID-19. De bharr na rialacha sláinte poiblí a bheith ag athrú tá go leor ealaíontóirí ann nach bhfuil ar a gcumas slí mhaireachtála a bhaint amach, nó pleanáil don todhchaí.

Le deireanas d’fhógair an Chomhairle Ealaíon, trína Scéim Sparánachtaí, infheistíocht €7 milliún i 530 ealaíontóir ar fud na hÉireann agus mar thoradh air tugadh amach deontais suas le €20,000. Tabharfaidh sé seo cúnamh do cheoltóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, damhsóirí, scannánóirí, amharc-ealaíontóirí agus ealaíontóirí eile, forbairt a dhéanamh ar a gceird.

Dúirt an tAire Martin:

"Thaispeáin an phaindéim COVID-19 dúinn ar fad a thábhachtach agus atá na healaíona inár saol. Tá an-áthas orm go bhfuil an maoiniú seo á chur ar fáil don Chomhairle Ealaíon. Tabharfaidh an maoiniú breise a tugadh don Chomhairle in 2020 an-chúnamh d’ealaíontóirí agus d’eagraíochta na n-ealaíon a bhí buailte go dona ag an bpaindéim COVID-19."

Tá an Scéim Sparánachtaí seo mar chuid de shraith nua, nó feabhsaithe, deontais agus tionscnaimh a mbeidh fáil orthu ag ealaíontóirí aonair agus ag eagraíochtaí na n-ealaíon, chun tacú leis an earnáil le linn na paindéime. Cuirfidh an dara maoiniú €1.9 milliún seo, leis na tacaíochtaí sin.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat