Maoiniú feabhsaithe €15 milliún in aghaidh na bliana chun tacú le líonra Oifigí Poist inbhuanaithe ar fud na tíre
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue, pacáiste maoinithe de €15 milliún in aghaidh na bliana thar thréimhse shocraithe 5 bliana (2026-2030) inniu chun tacú le líonra oifigí poist inbhuanaithe ar fud na tíre.
I gcomhréir leis an gClár Rialtais, tacóidh an maoiniú le cobhsaíocht agus inbhuanaitheacht an líonra oifigí poist ar fud na tíre, ag cosaint agus ag cothú Líonra Oifigí Poist atá dírithe ar thráchtáil agus ag tacú le rochtain do shaoránaigh ar phríomhbhuntáistí sóisialta an líonra, ag cabhrú le saoránaigh rochtain éifeachtach agus cothrom a fháil ar sheirbhísí.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá ról lárnach imeartha ag an Oifig Phoist áitiúil, agus beidh ról lárnach aici i gcónaí, don tsochaí ina hiomláine agus don Rialtas araon, trí sheirbhísí poiblí ardchaighdeáin a sholáthar i mbailte, i sráidbhailte agus i gcathracha ar fud na tíre. Cinnteoidh an maoiniú seo todhchaí inbhuanaithe an líonra i rith théarma an Rialtais seo, ag cinntiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus éifeachtúil ag gach saoránach ar na seirbhísí agus na táirgí a chuirtear ar fáil tríd an líonra.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Sroicheann Líonra na nOifigí Poist gach cearn den tír, agus go háirithe i gceantair thuaithe na hÉireann, is sainchomhartha agus institiúid inti féin í Oifig an Phoist áitiúil. Aithníonn an maoiniú seo ról speisialta an mháistir poist san institiúid seo, agus baineann gach oifig faoi stiúir an mháistir poist leas as an maoiniú. Aithníonn an tsamhail nua, atá bunaithe ar an scéim Rialtais roimhe seo, tábhacht chultúrtha agus tíreolaíoch na n-oifigí poist freisin, agus cinntíonn sí nach bhfágfar aon phobal ar lár.”
Chomhaontaigh an Rialtas inniu freisin na prionsabail ar a n-oibreoidh an tsamhail mhaoinithe, eadhon:
- rochtain ar an líonra a choinneáil ar fud uirbeach agus thuaithe na hÉireann, ag cinntiú nach bhfágtar aon phobal ar gcúl agus go bhfuil rochtain chomhionann ann beag beann ar an tíreolaíocht;
- maoiniú a ailíniú le critéir lena n-áirítear an méid scoiteachta agus inbhuanaitheacht gach oifig phoist;
- tairseach íosta ioncaim a chinntiú d’oifigí poist; agus
- aitheantas a thabhairt d’oifigí a bhfuil tábhacht chultúrtha nó tíreolaíoch leo—amhail iad siúd ar oileáin áitrithe nó i gceantair Ghaeltachta.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is comhlacht tráchtála Stáit é An Post a bhfuil sainordú aige gníomhú go tráchtála. Tá freagracht reachtúil air as seirbhís poist an Stáit agus as líonra na n-oifigí poist. Is úinéirí gnó neamhspleácha iad máistrí poist atá faoi chonradh ag An Post chun oifigí poist a rith ar fud na hÉireann. Tá formhór na n-oifigí poist á n-oibriú ag máistrí poist neamhspleácha. Ní fostaithe Stáit iad máistrí poist, ná ní fostaithe de chuid An Post iad agus, dá bhrí sin, ní íoctar tuarastal seasta leo. Díorthaítear a n-ioncam den chuid is mó ar bhonn táille in aghaidh an idirbhirt.
Cuireann An Post seirbhísí tábhachtacha ar fáil dá chustaiméirí agus seirbhísí rialtais ríthábhachtacha do shaoránaigh. Tá an rialtas tiomanta d’oibriú leis An Post agus le máistrí poist chun a chinntiú go leanfaidh an líonra de ról láidir a imirt i seachadadh seirbhísí Stáit.
Acht Poist agus Teileachumarsáide 1983
Beidh leasú ar an Acht Poist agus Teileachumarsáide 1983 ag teastáil don scéim mhaoinithe seo, agus tá dréachtú reachtaíochta chuige sin ceadaithe ag an Rialtas freisin.