Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh 6 mhí ar an scéim phíolótach maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona fógartha ag an Aire O’Donovan

  • Cuirfear Síneadh 6 mhí leis an scéim phíolótach maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona

  • Leis an síneadh sin cuirfear ar chumas na Roinne meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an tionscadal píolótach agus beidh am ann plé a dhéanamh leis na geallsealbhóirí.

  • Tá sé beartaithe ag an Aire moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais le haghaidh scéime a chuirfear in áit na scéime atá ann cheana mar chuid de Bhuiséad 2026.

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu go gcuirfear síneadh sé mhí leis an scéim phíolótach maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona (BIA) dóibh siúd atá ag rannpháirteach sa scéim faoi láthair.

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

“Tá gealltanas sa Chlár Rialtais go ndéanfar measúnú ar an scéim taighde píolótach maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona chun a tionchar a uasmhéadú. Chun go mbeifear in ann tograí a ullmhú le haghaidh scéime nua, bunaithe ar an taighde agus ar an gcomhairliúchán leis an earnáil, táim ag fógairt inniu go gcuirfear síneadh sé mhí leis an scéim reatha. Tuigim go hiomlán an tábhacht a bhaineann leis an tacaíocht Ioncaim Bhunúsaigh d’ealaíontóirí agus tá áthas orm a bheith in ann cinnteacht éigin a thabhairt dóibh siúd atá ar an scéim faoi láthair.”

Bhuail an tAire O’Donovan le déanaí leis an bhFeachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon (NCFA) chun a gcuid miontuairimí faoin scéim a chloisteáil.

Dúirt an tAire freisin:

“Tá a fhios agam go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann don scéim, agus tá sé i gceist agam moltaí le haghaidh scéime comharba a chur faoi bhráid an Rialtais mar chuid de Bhuiséad 2026. Leis an síneadh atá á fhógairt agam inniu beidh am ann chun an clár taighde a thabhairt chun críche agus chun dul i mbun plé le geallsealbhóirí, rud a chuirfidh bonn cuimsitheach fianaise ar fáil don Rialtas ar a mbeidh cinntí amach anseo maidir le beartas i dtaca le hioncam bunúsach d'Ealaíontóirí bunaithe. Chun an obair seo a éascú, táim ag cur síneadh sé mhí, go dtí Feabhra 2026, leis an scéim píolótaí dóibh siúd atá rannpháirteach sa scéim phíolótach faoi láthair.”

Tá tuarascáil idir lámha ag an Roinn faoi láthair ina scrúdaítear na chéad 24 mhí den scéim. Foilsíodh páipéar taighde agallaimh, a scríobh taighdeoir neamhspleách, le déanaí. Sa pháipéar sin déantar scagadh ar eispéiris an dream a fuair an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona, agus a ndearna socheolaí iad a chur faoi agallamh. Tá páipéar anailíse costais-sochair á ullmhú freisin.

Cé go bhfuil céim taighde na scéime píolótaí fós ar siúl, is léir ó fhianaise a bailíodh go dtí seo go bhfuil tionchar leanúnach, dearfach ag an íocaíocht BIA de réir gach táscaire nach mór - maidir le forbairt cleachtais, ar choinneáil ealaíontóirí san earnáil, folláine agus díothacht. De ghnáth bíonn ealaíontóirí a fhaigheann an tacaíocht in ann:

- níos mó ama a chaitheamh lena n-ealaín;

- níos mó saothar oibre a tháirgeadh;

- a bheith níos folláine toisc caighdeán saoil níos fearr a bheith acu

- níos lú ábhar imní a bheith acu; agus

- agus cosant níos fearr acu ó neamhchinnteacht ioncaim san earnáil ná iad siúd nach bhfuil ag fáil an tacaíochta.

Beidh cinneadh ón Rialtas ag teastáil maidir le scéim chomharba don scéim phíolótach.

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

Tá na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo maidir leis an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ar fáil anseo:

gov.ie - Scéim Píolótach maidir le hIoncam Bunúsach d'Ealaíontóirí