Freastalaíonn an tAire O’Donovan ar chruinniú Airí Teileachumarsáide AE agus buaileann sé leis an gCoimisinéir Eorpach Virkkunen chun sábháilteacht agus athléimneacht ar líne a phlé
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2026
- Leagann an tAire O’Donovan béim ar an ngá atá le sábháilteacht leanaí ar líne a mhéadú
- Buaileann an tAire O’Donovan le hAirí AE agus leis an gCoimisinéir Eorpach Virkkunen chun plé a dhéanamh ar shábháilteacht ar líne agus ar ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Rinne an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ionadaíocht d’Éirinn inniu ag cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí Teileachumarsáide AE, i Niocóis sa Chipir, arna óstáil ag Uachtaránacht na Cipire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Ag an gcruinniú, phléigh na hAirí dlús a chur le glacadh forleathan na hintleacht shaorga iontaofa. Le linn an phlé, chuir an tAire O’Donovan i dtábhacht go mbeidh sé sin ina thosaíocht lárnach d’uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle atá ar na bacáin, chun seasamh na hEorpa mar cheannaire domhanda in IS feidhmeach a dhaingniú.
Bhí an tAire O’Donovan páirteach freisin i bplé faoi athléimneacht bonneagair ríthábhachtaigh. Rinneadh tagairt leis an díospóireacht do thionchar bristeacha cumhachta ar sheirbhísí teileachumarsáide a shrianadh agus do thábhacht an chomhair idir na Ballstáit.
Bhuail an tAire O’Donovan go déthaobhach freisin leis an gCoimisinéir Henna Virkkunen, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas, chun fíorú aoise agus cosaint leanaí ar líne agus tosaíochtaí na hÉireann d’Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a phlé. Ina theannta sin, leag sé béim ar an ngá atá le hinfheistíocht a mhéadú i nascacht teileachumarsáide fhomhuirí, rud a chuirfidh feabhas ar shlándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí ar fud an Aontais.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire O’Donovan:
“Cuirim fáilte roimh an bplé tráthúil tábhachtach seo, arna óstáil ag Uachtaránacht na Cipire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
“Bhí malartú tuairimí torthúil agam le hAirí AE eile maidir le fíorú aoise agus sábháilteacht ar líne do leanaí agus phléigh mé na saincheisteanna sin go déthaobhach leis an gCoimisinéir Virkkunen.
“Tá áthas ar leith orm páirt a ghlacadh sa phlé maidir le cosaint mionaoiseach a neartú ar líne. Is ábhar bunúsach imní dár linn é cosaint leanaí agus daoine óga ar líne, agus tá sé chomh tábhachtach sin go bhfuilim á dhéanamh mar thosaíocht agam faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Táim ag tnúth leis an bplé agus le héisteacht le tuairimí mo chomhghleacaithe ó na Ballstáit eile maidir leis na príomhábhair a bhaineann le fíorú aoise, an lán-aois dhigiteach agus rialáil córas IS ghiniúnaigh agus botaí comhrá IS.”