Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan Cultúr 2026, an clár cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2026
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., seoladh Chultúr 2026 inniu: Cultúr na hÉireann á Chomhroinnt, clár cultúir na hÉireann d’Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh €5 mhilliún ar fáil chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon na hÉireann.
Is deis faoi leith atá san Uachtaránacht d’Éirinn san Aontas Eorpach chun an chuid is fearr d’ealaíon agus de chultúr na hÉireann a thaispeáint, na cinn thraidisiúnta agus chomhaimseartha araon. Chun an ócáid seo a cheiliúradh, tá clár cultúir leathan á chur ar fáil ag Roinn an Aire O’Donovan trí Chultúr Éireann, a chinnteoidh go mbeidh deis ag muintir na hÉireann páirt a ghlacadh san ócáid seo agus machnamh a dhéanamh ar ról na hÉireann san AE.
Déanann Cultúr 2026 ceiliúradh ar an saibhreas tallainne atá le fáil i measc ealaíontóirí na hÉireann sa lá atá inniu ann, agus tá sé mar aidhm aige an saibhreas sin a roinnt le lucht féachana in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Le taispeántais, ceolchoirmeacha, cainteanna, léirithe agus imeachtaí a chuireann réimse leathan foirmeacha ealaíne i láthair, cuirfear an clár i bhfeidhm ar fud na hÉireann agus i ngach ceann de 27 mBallstát an AE, agus níos faide i gcéin, le linn thréimhse na hUachtaránachta. Léiríonn Cultúr 2026 cultúr beo na hÉireann; atá bunaithe ar an gcruthaitheacht, ar an gcomhoibriú agus ar an malartú.
Seolfar an clár i gcroílár na hEorpa le trí shaothar nua ar coimisiún sa Bhruiséil: suiteáil shuíomh-shonrach leis an ealaíontóir Éireannach Richard Malone i bhfoirgneamh Justus Lipsius, ceolchoirm oscailte i Flagey, agus taispeántas a chuirfidh Litríocht Éireann i láthair i bhfoirgneamh Pharlaimint na hEorpa. Ina dteannta sin, cuirfear clár méadaithe d’ealaíona na hÉireann ar siúl sa Centre Culturel Irlandais, Páras, chomh maith le Focus Irlande san amharclann cháiliúil Théâtre de la Ville, Páras.
Le Cultúr 2026, cuirfear taispeántais, ceolchoirmeacha, cainteanna agus cláir phoiblí nua i láthair sna Forais Chultúir Náisiúnta chomh maith le féilte ar fud na hÉireann, agus beidh imeachtaí ar siúl i ngach ceann de na 26 chontae. Cuirfear tacaíocht ar fáil do roinnt clár i ngach údarás áitiúil sa tír, agus beidh réimse éagsúil imeachtaí pobail agus teaghlaigh, camchuairteanna, taispeántais scannán agus ceardlanna san áireamh. Mar chuid de Chultúr 2026, reáchtálfar imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus ar fud na hEorpa chun an saothar is fearr ó ealaíontóirí Gaeilge comhaimseartha a léiriú. Beidh léiriú náisiúnta ar Assembly, taispeántas Biennale na Veinéise le Cotter & Naessens Architects, ar siúl i bhfoirgneamh aitheanta Bhusáras i mBaile Átha Cliath.
Tá Cultúr 2026 á chomhlánú ag clár imeachtaí caidrimh chultúrtha atá á chur i láthair ag líonra Ambasáidí agus Consalachta na hÉireann ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Tá maoiniú €1.5 milliún curtha ar fáil ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee TD, agus ag an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosanta, Thomas Byrne TD, don chuid seo den chlár. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a chuirfidh an clár seo i bhfeidhm. Neartóidh sé caidrimh chultúrtha agus taidhleoireacht chultúrtha na hÉireann agus beidh sraith príomhimeachtaí ealaíne agus camchuairteanna ar fud na hEorpa mar chuid de, chomh maith le saothair nua ar coimisiún a chuirfear i láthair den chéad uair ar domhan, comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí ensemble agus craoltóirí mór le rá in Éirinn agus san Eoraip, agus taispeántas ar an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg.
Léiríonn na cláir chultúir le chéile seo infheistíocht de €6.5 milliún in ealaíontóirí, ceardaithe agus cruthaitheoirí na hÉireann a chur chun cinn ag tréimhse thábhachtach i stair na tíre.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“Tá áthas orm clár cultúir na hÉireann don Uachtaránacht a fhógairt, clár a léiríonn infheistíocht bhreise de €5 mhilliúin sna healaíona agus sa chultúr, le hos cionn a leath de in áireamh d’ócáidí in Éirinn. Cuirfidh an clár seo le gníomhaíocht chultúrtha i ngach contae sa tír agus ardóidh sé aitheantas d’ealaíontóirí na hÉireann ar fud na hEorpa. Is tréimhse iontach é seo chun cultúr na hÉireann a cheiliúradh, agus táim bródúil go mbainfidh lucht féachana ar fud na hÉireann leas as an gclár seo.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Cultúr2026: Is é Cultúr na hÉireann á Chomhroinnt an clár cultúir atá ullmhaithe ag Éirinn dá hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026.
- Seoladh Cultúr 2026 i mí an Mheithimh 2026 ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD, agus cuirfidh sé €5 mhilliún de thacaíochtaí ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon na hÉireann, agus tacaíocht á tabhairt do bhreis agus 400 tionscadal.
- Tá Cultúr 2026 á chomhlánú ag clár imeachtaí caidrimh chultúrtha atá á chur i láthair ag líonra Ambasáidí agus Consalachta na hÉireann ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Is ionann na cláir chultúir le chéile agus infheistíocht €6.5 milliún sna healaíona agus sa chultúr in Éirinn.
- Cuireann na cláir réimse leathan foirmeacha ealaíne i láthair trí réimse éagsúil taispeántas, ceolchoirmeacha, féilte, tionscadal Gaeilge, imeachtaí pobail agus teaghlaigh, cainteanna agus ceardlanna.
- Beidh an clár ar siúl i ngach ceann de na 26 chontae in Éirinn agus i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh.
- Is féidir tuilleadh eolais faoin gclár a fháil ag https://www.irelandculture2026.eu/