Níos mó ná €1.1 milliún de mhaoiniú fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú os cionn €1.1 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Rialta Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun tairbhe 129 tionscadal a bheidh ar siúl i mbreis agus 33 tír, lena n-áirítear sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.
Ag fógairt na ndeontas dó, dúirt an tAire O’Donovan:
“Léiríonn an infheistíocht shuntasach seo de bhreis agus €1.1 milliún ó Chultúr Éireann tiomantas an Rialtais tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí cultúrtha na hÉireann dul i bhfeidhm ar lucht féachana idirnáisiúnta. Tríd an gcistiú sin, táimid ag taispeáint thallann shaibhir ealaíonta na hÉireann ar an ardán domhanda agus ag neartú ár nasc cultúrtha.”
- Sorcas: Léiriú Eden Arts de Absolutely Barking (an Ríocht Aontaithe), Léiriú Graham Milligan/Hands Down Circus de Tape That! Taispeántas Mobius (An Nua-Shéalainn) agus ROGU Arts Ltd: Sliocht as Book of Fire (An Cholóim)
- Damhsa: Léiriú Monica Munoz Marin de Fall and Float (an Pholainn) agus léirithe Luke Murphy de chuid Attic Projects ar Volcano (Hong Cong)
- Scannánaíocht: Léiriú Rayleen Clancy ar Mutualism (an Spáinn), léiriú roAroTorio ar scannáin le cúigear ealaíontóirí Éireannacha (an Fhrainc), Irish Film & TV Uk ag seachadadh Fhéile Scannán na hÉireann i Londain (an Ríocht Aontaithe), Irish Heritage Club – Emerald City Irish Film Festival (SAM), Ruairi Bradley ag léiriú We Beg to Differ (SAM) agus Irish Screen Projects Inc. (An Astráil) léiriú i 5 chathair (an Astráil)
- Litríocht: Imeachtaí liteartha Biblioasis/Elaine Feeney (Ceanada & SAM), L N Ideogramma Limited (an Chipir), Judy Kravas, Road Books ag Aonach na bhFoilsitheoirí Beaga (an Ríocht Aontaithe), léiriú Auckland Writers Festival Waituhi o Tamaki ar scríbhneoirí Éireannacha in imeachtaí solus agus imeachtaí grúpa ag Féile Scríbhneoirí Auckland (an Nua-Shéalainn), Amateurs! le Joanna Walsh i gcathracha éagsúla (an Eoraip), Teamwork Arts Private Limited ag cur léamha filíochta i láthair ag Féile Litríochta (an India) agus Push The Boat Out (an Ríocht Aontaithe)
- Ceol: Tacaíocht do thurais idirnáisiúnta ar fud an domhain a chlúdaíonn réimse ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear 3 thuras ar an mBund (an Ghearmáin), John Blek (an Eoraip), Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann (an Ríocht Aontaithe), Leonard Barry Trio le Cathy Jordan (an Eilvéis), Ailís Ní Ríain (an Eastóin), Clós (an Fhrainc) agus Blánaid Murphy (an Iodáil)
- Amharclannaíocht: Tacaíocht do thurais idirnáisiúnta, lena n-áirítear Phillida Eves (an Astráil), Cahoots NI Ltd. (an Ríocht Aontaithe), Tempest Projects Limited (an tSín agus an Ísiltír), Brokentalkers (Meiriceá Thuaidh), Gate Theatre (an Ríocht Aontaithe) agus Pan Pan (an tSín)
- Na hAmharc-ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Kerlin Gallery (an Fhrainc), Stoney Road Press (an Ríocht Aontaithe), Jack Hogan (an Fhrainc), SMUT Press (an Iodáil), Michelle Kettle (an Astráil), Alannah Robins (an tSualainn) agus Bill Harris (an Cholóim)
- Ildisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus cultúir na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha lena n-áirítear Ceol agus Damhsa na hÉireann i Londain (an Ríocht Aontaithe), Irish Cultural Hammersmith (an Ríocht Aontaithe), Back Art Foundation (an Bhanglaidéis) agus Fingerspitz AB (an Iorua agus an tSualainn)
Is féidir na faighteoirí a fheiceáil anseo.