Ráiteas ón Aire O’Donovan ar bhás Dolores Keane
- Foilsithe: 16 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Is mór an chúis bhróin dom an nuacht faoi bhás Dolores Keane a chloisteáil, bean a raibh ceann de na glórtha is anamúla agus is íocónacha in Éirinn aici. Mar cheannródaí sa traidisiún tíre agus pobail, thug a tallann faoi leith áilleacht an amhráin Éireannaigh go dtí an stáitse domhanda. Mairfidh a cuid ceoil agus a spiorad i gcroíthe gach duine a d’fháiltigh roimh a bua iontach. Ar dheis Dé go raibh a hanam uasal.
CRÍOCH