Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Oscailt Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Chuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe Eas Géitine

  • Leithdháil an Roinn €1,265,750 faoin gCiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála ('LSSIF') ar an tionscadal
  • D’athoscail an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O' Donovan, Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Eas Géitine, a athchóiríodh le déanaí
  • Athosclaíodh Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Eas Géitine, ar a ndearnadh obair athchóirithe chun seasmhacht in aghaidh tuilte a fheabhsú, áiseanna a uasghrádú, agus éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt, chun taitneamhacht nua-aimseartha, inbhuanaithe a chur ar fáil don phobal áitiúil.

Tá an Teachta Dála Patrick O' Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus an Teachta Dála Charlie McConalogue, an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, atá freagracht go speisialta as Spórt agus as Beartas Poist, an-sásta gur cuireadh oibreacha móra athchóirithe agus uasghrádaithe i gcrích ar Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Chuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe Eas Géitine i gContae Luimnigh, a athosclaíodh go hoifigiúil inniu, an 8 Nollaig 2025.

Bhí Linn Snámha Eas Géitine i gContae Luimnigh dúnta ó mhí an Mhárta 2023 chun freastal ar na hoibreacha a fuair tacaíocht airgid faoi Chiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála na Roinne ('LSSIF'). Is é a bhí i gceist leis an obair sin seomra an ghléasra a ardú chun an baol ó thuilte a mhaolú agus trealamh nua meicniúil agus leictreach a chur ar fáil. I measc na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh bhí córas cóireála uisce linn snámha nua a shuiteáil, aeráil uasghrádaithe agus caidéal teasa aer go huisce nua chomh maith le córas painéil ghréine a shuiteáil ar an díon. Áiríodh ar an obair freisin uasghrádú ar an linn snámha agus áiseanna giomnáisiam.

Agus é ag labhairt ag an oscailt oifigiúil, dúirt an tAire O’Donovan:

"Tá ríméad orm freastal ar athoscailt oifigiúil Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Eas Géitine inniu agus an tionscadal spóirt seo, arna mhaoiniú ag an Roinn agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail áitiúil, a fheiceáil.Is léiriú é seachadadh an tionscadail seo ar obair chrua an phobail áitiúil, Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Chuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe Eas Géitine, oifigigh Chumann Snámha na hÉireann agus na Roinne, agus na páirtithe leasmhara go léir a bhfuil baint acu leis an tionscadal seo. Cuireann an snámh sláinte fhisiciúil, folláine mheabhrach, agus mothú láidir pobail chun cinn. Leagtar amach sa chéad Straitéis Náisiúnta Snámha in Éirinn fís chun deis a thabhairt do gach duine sa tír snámh. Tá ról ríthábhachtach ag áiseanna den chineál seo rochtain a thabhairt do dhaoine ar an snámh agus an chéad ghlúin eile de scoth na snámhaithe in Éirinn a fhorbairt.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:

"Aithníonn an Rialtas go bhfuil sé de chumas ag an spórt sláinte agus folláine na ndaoine go léir a fheabhsú. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh áiseanna mar seo againn ionas gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint astu. Tá an-áthas orm athchóiriú na n-áiseanna seo a fheiceáil, agus béim ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an inbhuanaitheacht. Tá a fhios agam go mbeidh an áis seo ina hacmhainn luachmhar a chuirfidh sláinte agus folláine chun cinn i measc gach aoisghrúpa agus cumas ar feadh na mblianta fada amach romhainn".

Nótaí :

Tá Linn Snámha agus Ionad Fóillíochta Eas Géitine i gContae Luimnigh dúnta ó mhí an Mhárta 2023 le haghaidh oibreacha móra athchóirithe. Dúnadh é go príomha mar gheall ar:

  • Bearta cosanta tuilte: Tá an áis suite in aice leis an Daoil agus tharla tuillte ann roimhe seo, agus mar sin suiteáladh cosaintí tuilte suntasacha.
  • Uasghráduithe meicniúla agus leictreacha: Rinneadh córais riachtanacha a nuachóiriú chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú.
  • Athchóirithe ginearálta: Rinneadh uasghrádú ar limistéar an ionaid fóillíochta, lena n-áirítear an linn snámha, an sána, an seomra gaile, an jacuzzi, agus áiseanna giomnáisiam.

Chuir Ciste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála na Roinne Spóirt (LSSIF) agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maoiniú ar fáil le haghaidh na n-oibreacha. Chuir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt €1,265,750 ar fáil faoin gCiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála ('LSSIF'). Tá Cumann Snámha na hÉireann ceaptha ina oibreoir nua ar an tsaoráid.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat