Plé á dhéanamh ag Airí Spóirt na hEorpa maidir le lucht féachana filleadh go sábháilte ar imeachtaí spóirt agus dúshláin eile don earnáil maidir le COVID-19
- Foilsithe: 1 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Nollaig 2020
Dúirt an tAire Jack Chambers “gur ríshoiléir an difríocht” gan lucht féachana i láthair ag cluichí.
Rinne Airí Spóirt ar fud na hEorpa plé inniu ar réimse ceisteanna a bhaineann leis an earnáil, lena n-áirítear lucht féachana filleadh go sábháilte ar imeachtaí spóirt.
Reáchtáladh an cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid Chomhairle na hEorpa ar fhíschomhdháil agus ba é Uachtaránacht na Gearmáine a d’óstáil é.
Rinne na hAirí plé ar na deacrachtaí a bhaineann le himeachtaí spóirt a óstáil ó tháinig ráig na paindéime agus ar an ngá le níos mó malartuithe ag leibhéal AE i measc na mballstát.
Agus é ag tabhairt a ráitis don Chomhaire i nGaeilge, dúirt an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D., gur chóir do bhallstáit oibriú níos dlúithe i gcomhar le chéile ar thionscnaimh chun gur féidir le lucht féachana filleadh go sábháilte ar imeachtaí spóirt.
Thacódh Éire le níos mó malartuithe AE. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith linn a thabhairt le fios gur chóir béim a bheith ar thrí réimse” a dúirt an tAire Chambers sa mhéid a dúirt sé leis an gComhairle.
“Ar an gcéad dul síos, an oiread caighdeánaithe agus is féidir a bhaint amach maidir le córais tástála. Dá mhéad is mó caighdéanaithe agus aonfhoirmeachta is féidir i gcás na gcóras seo is ea is fearr chun cuidiú imeachtaí a phleanáil go rathúil.
“Ar an dara dul síos, is léir go bhfuil gá go gcuirfí eolas ar fáil do lucht tacaíochta spóirt maidir le freastal ar na himeachtaí seo go sábháilte agus go gcuideofaí leo sin a dhéanamh. Is iontach an borradh a tháinig as spórt a thabhairt ar ais gan aon lucht féachana i láthair ach is ríshoiléir an difríocht gan an lucht tacaíochta ann.
“Ní mar a chéile ar chor ar bith na himeachtaí seo gan an lucht tacaíochta ann agus bheadh sé úsáideach dá bhféachfadh an AE ar fheachtas eolais a stiúradh chun cuidiú dea-iompar lucht tacaíochta a chur chun cinn agus an dea-iompar sin a threorú. D'fhéadfadh sé cuidiú chomh maith muinín a neartú sa lucht tacaíochta maidir lenár bpleanáil shábháilte imeachtaí.
“Ar an tríú dul síos, ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tionchar inspioráideach a bhaineann le himeachtaí móra. Tá sé sothuigthe go ndíreofar ar shábháilteacht agus ar shlándáil imeachtaí ach ní mór dúinn freisin cur ar a súile do dhaoine an acmhainn ollmhór a bhaineann leis na himeachtaí seo i dtaobh dlús a chur faoi rannpháirtíocht níos forleithne i spórt, chomh maith le maitheas a dhéanamh d'fhorbairt leanúnach eacnamaíochta agus turasóireachta. Is ceart go gcuirfí béim agus go ndéanfaí poiblíocht ar an luach a bhaineann le spórt agus an acmhainn atá ann caidrimh idirnáisiúnta níos fearr a chothú chomh maith le mórtas náisiúnta agus pobal a chothú.”
Tharraing an tAire Chambers aird ar na fadhbanna roimh lúthchleasaithe a thugann faoi thaisteal idirnáisiúnta chun cáiliú le haghaidh na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha.
“Meastar gurb é an dúshlán oibríochtúil príomha roimh an spórt ná cosc a chur ar leathadh COVID-19 i measc foirne i mbun taistil. Ní mór anois socruithe lóistíochta nua, lena mbaineann iompar príobháideach, seomraí aonair in óstáin agus achar níos giorra a chaitheamh ag comórtas a chur i bhfeidhm.
Tá an taisteal idirnáisiúnta ina dhúshlán príomha agus leanfaidh sé seo ar aghaidh. Tá sé ríthábhachtach go leanfaí de thaisteal idirnáisiúnta réidh agus eagraithe d'fhoirne gairmiúla agus do dhuine ar bith ar mian leo cáiliú do na cluichí Oilimpeacha/Parailimpeacha. Dúshlán eile ar mhaith linn aird a tharraingt air ná an deacracht atá ag roinnt spórt in Éirinn clúdach árachais sásúil a fháil do ghrúpaí a tholgann COVID-19 agus iad thar lear. Bheadh suim agam a fháil amach má tá an fhadhb seo ag teacht chun cinn i dtíortha eile.