Plean Teanga Cheantar na nOileán le seoladh ag an Aire Stáit Chambers
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Seolfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. plean teanga Cheantar na nOileán inniu (22/10/21) ag ócáid i Spórtlann Mhichael Mhóir, ar an Máimín i Leitir Móir. Ceadaíodh an plean faoin bpróiseas in 2019 agus ó shin i leith tá an plean á chur i bhfeidhm faoi stiúir Comhairle Cheantar na nOileán agus Oifigeach Pleanála Teanga atá fostaithe don chúram.
Dúirt an tAire Stáit:
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhairle Ceantar na nOileán agus an gcuireadh a thug siad dom an plean a sheoladh go hoifigiúil. Tá obair shuntasach ar bun le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phlean ar leas na Gaeilge go háitiúil. Tréaslaím an obair sin le gach éinne atá bainteach leis - an tOifigeach Pleanála Teanga Máire-Áine Uí Ailín agus an coiste stiúrtha, faoi Chathaoirleacht Shéamuis Uí Ráinne, ina measc. Ach an oiread leis na pleananna teanga ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tá deiseanna á dtabhairt sa chás seo do phobal Cheantar na nOileán a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí féin faoin bplean agus a bheith páirteach i bhfeidhmiú an phlean ar bhonn comhpháirtíochta. Is ar leas na Gaeilge go háitiúil atá an plean agus an iarracht seo ar fad.
- Nóta don Eagarthóir*
- Ceadaídh ciste breise ar fiú €800k don phróiseas pleanála teanga i mBuiséad 2022. Fágann sé seo go mbeidh ciste iomlán ar fiú €5.8m á chur ar fáil ina leith an bhliain seo chugainn.
- Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 24 plean ceadaithe go dtí seo.
- Tá 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.
- Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin bpróiseas atá á chur i bhfeidhm faoi scáth Acht na Gaeltachta 2012 – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Is fiú a lua chomh maith, go bhfuil 2 Líonra Gaeilge ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó thuaidh – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste nach dtagann faoi scáth díreach an Achta ná an phróisis dá réir.
- Tá 3 phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair - plean teanga do na hOileáin Árann, plean teanga Thrá Lí agus plean teanga an Ghaeltacht Láir.
- Tá 18 Oifigeach Pleanála Teanga (17 i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta & 1 i mBaile Seirbhíse Gaeltachta) chomh maith le 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe go dtí seo.
- Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí agus tá plean teanga Thrá Lí á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair