Plean teanga do Bhéal an Mhuirthead á bheartú ag Aire Stáit na Gaeltachta
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit na Gaeltachta inniu 9 Meitheamh, go bhfuil sé beartaithe plean teanga cuimsitheach a ullmhú agus a fheidhmiú do Bhéal an Mhuirthead, i gContae Mhaigh Eo mar chuid den phróiseas pleanála teanga.
Fágann sé go gcuirfidh Údarás na Gaeltachta tús láithreach le heagraíocht chuí a aimsiú agus a cheapadh chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú don bhaile.
Dúirt an tAire Stáit:
“In éindí le maoiniú a chur ar fáil chun na costais a bhainfidh le hullmhú an phlean a sheasamh cuirfidh mo Roinn allúntas bliantúil ar fiú €100,000 ar fáil chomh maith chun cabhrú le feidhmiú an phlean nuair atá sé faoi réir. Leis an gciste seo, beidh Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe go háitiúil chun cabhrú le feidhmiú an phlean. Is céim mhór chun cinn í seo a bheidh ar leas na Gaeilge i mBéal an Mhuirthead agus i gceantar Iorrais go ginearálta”.
Roghnóidh Údarás na Gaeltachta ceanneagraíocht a thabharfaidh faoi phlean teanga a ullmhú don bhaile. Tá go dtí an 30ú Meitheamh 2023 ag eagraíochtaí gur mian leo iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta chun a bheith aitheanta mar an cheanneagraíocht a bheidh i bhfeighil ullmhú agus feidhmiú an phlean.
Nóta don eagarthóir
- Tá ciste iomlán ar fiú €6.5m á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga ag an Roinn sa bhliain reatha. Is ionann seo agus ardú de €1.5m ar an gciste a bhí ar fáil in 2021.
- I láthair na huaire, tá 25 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga i mbun oibre faoin bpróiseas.
- Faoin am go mbeidh gach plean féideartha ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga táthar ag súil go mbeidh suas le 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge i mbun fheidhmiú pleananna agus oifigigh fostaithe ina leith.
- Tá an 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas cheana féin.
- Tá 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán agus Cathair Saidhbhín.
- Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás Bhaile an Róba, An Chlocháin agus Chathair Chorcaí. Is iad na bailte atá fágtha le tosú ná: Baile Dhún na nGall, Maigh Chromtha, Baile Átha Buí agus An Uaimh.
- Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go dáta faoin bpróiseas faoi Acht na Gaeltachta: Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Anuas air sin, tá dhá ceann sa Tuaisceart – Carn Tóchair, Iarthar Bhéal Feirste – ceadaithe faoi phróiseas neamh-reachtúil atá á riar ag Foras na Gaeilge.