Ráiteas ón Aire Catherine Martin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Catherine Martin

Cuireadh comhairle orm i Márta 2023 gur tháinig ceist chun solais le linn iniúchóireacht na gcuntas RTÉ 2022, agus go raibh athbhreithniú aimsithe fíoras coimisiúnaithe ag an Choiste um Iniúchóireacht agus Riosca de chuid Bord RTÉ.

Is cúis mhór bhuartha dom na sonraí a bhí le fáil sa ráiteas a chuir RTÉ amach inniu, mar thoradh ar an athbhreithniú sin a bheith críochnaithe.

Labhair mé le Cathaoirleach RTÉ inniu, agus ina dhiaidh sin scríobh mé chuici ag iarraidh go mbuailfidh sí liomsa agus le hoifigigh na Roinne. Tá an cruinniú socraithe don Luan.

D’iarr me ar an Chathaoirleach míniú mionsonraithe a thabhairt sa chruinniú sin ar na ceisteanna ábhartha, na céimeanna atá á nglacadh ag an Bhord chun déileáil leis an cheist seo, na gníomhaíochtaí a mbeidh gá leo ina ndiaidh, agus amlíne na ngíomhaíochtaí seo.

Tá an pobal ag súil, agus an ceart acu, le caighdeáin trédhearcachta agus freagrachta i bhfad níos airde ó Chraoltóir Seirbhíse Poiblí na hÉireann. Tá sé do-ghlactha nach gcomhlíonadh na caighdeáin seo. Tá sé ríthábhachtach go n-aithneoidh an Bord an bhfuil ceisteanna rialachais a gcaithfear iniúchadh a dhéanamh orthu agus aghaidh cheart a thabhairt orthu, agus go gcinntíonn siad go bhfuil freagracht chuí le haghaidh an mhéid atá tar éis tarlú. Beidh se chomh tábhachtach céanna don bhord a thaispeáint go bhfuil struchtúir agus próisis chuí á gcur i bhfeidhm acu chun cinntiú nach dtarlaíonn rud mar seo arís.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat