Ráiteas ón Aire O'Donovan ar ainmniúchán Jessie Buckley do Ghradam an Acadaimh
- Foilsithe: 22 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Eanáir 2026
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Jessie Buckley as ainmniúchán Oscar tuillte a fháil as a ról i "Hamnet".
Is aisteoir thar a bheith cumasach í Jessie, a léirigh a raon dochreidte i scannáin ar
nós "The Lost Daughter", "Wild Rose" agus "Women Talking" agus i gcláir teilifíse ar nós "Chernobyl" agus "Fargo".
Guím gach rath ar Jessie ag searmanas Ghradaim an Acadaimh ar an 15 Márta. Beidh Cill Airne, Ciarraí agus Éire ar fad ag tacú léi.
Ba mhaith liom mo chomhghairdeas ó chroí a ghabháil freisin le Maggie O'Farrell as Cúil Raithin, údar Hamnet, a ainmníodh in éineacht leis an stiúrthóir Chloe Zhao don Script Oiriúnaithe is Fearr.
Beidh mé ag tacú le roinnt ainmnithe Éireannacha eile oíche an 15 Márta freisin. Tá ainmniúcháin faighte ag scannán Wild Atlantic Pictures "Blue Moon", déanta in Éirinn le faoiseamh cánach faoi Alt 481, agus
"Bugonia", arna léiriú ag Element Pictures; mar atá ag an ngearrscannán beoite
"Retirement Plan", arna stiúradh ag John Kelly agus ina bhfuil guth Domhnall Gleeson mar Ray.
Agus ní haon ionadh é go bhfuil tallann Richard Baneham á haithint arís as a chuid
oibre éifeachtaí físradharcacha ar "Avatar: Fire and Ash".
Is iontach rath leanúnach Éireann sa scannánaíocht, teilifís agus beochan. Léiríonn seo an infheistíocht inár n-earnálacha scáileán. Mar Aire, déanfaidh mé cinnte go leanfaidh seo ar aghaidh. Guím gach rath orthu go léir, agus tá súil agam go mbeidh oíche an-rathúil ag tionscal scannán na hÉireann i mí an Mhárta.