Ráiteas ón Aire Patrick O’Donovan maidir le foilsiú Athbhreithniú Neamhspleách an Choiste Chomhairligh Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr Eagraíochtúil Chomhairle Ealaíon na hÉireann
- Foilsithe: 20 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2026
Ar dhul i mbun oifige dom anuraidh, cuireadh in iúl dom go raibh tuarascáil ó ARC&C ar thionscadal TF €6.675 milliún nár éirigh leis san eagraíocht sin san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil 2023 na Comhairle Ealaíon.
Chuir mé an tuarascáil sin faoi bhráid an Rialtais a luaithe is féidir agus le comhaontú mo chomhghleacaithe Rialtais, bhunaigh mé Coiste Comhairleach Saineolaithe (CCS) le bheith faoi chathaoirleacht an Ollaimh Niamh Brennan chun Athbhreithniú Neamhspleách a dhéanamh ar Rialachas agus Cultúr Eagraíochtúil Chomhairle Ealaíon na hÉireann.
Tá a chuid oibre curtha i gcrích ag CCS anois agus cuireadh a Thuarascáil chugam níos luaithe an mhí seo. Chuir mé é sin faoi bhráid an Rialtais inniu agus tá an foilsiú faofa acu.
Leis an Tuarascáil, lena leagtar amach 149 moladh agus lena n-áirítear athruithe reachtaíochta beartaithe, sainaithnítear cúig phríomhthoisc a chuir le teip an tionscadail agus is iad seo a leanas iad:The Arts Council’s business case for the project understated the costs.
- Le cás gnó na Comhairle Ealaíon, rinneadh ganniontráil maidir leis na costais.
- Lean raon feidhme agus cuspóirí an tionscadail de bheith ag athrú le linn shaolré an tionscadail.
- Theip ar chórais rialachais na Comhairle Ealaíon, agus bhí comhtháthú íseal ardbhainistíochta, cultúr riosca neamhaibí agus maoirseacht theoranta ón mBord. Ní raibh saineolas TFC ná bainistíochta tionscadail ag an gComhairle Ealaíon, bhí siad ag brath an iomarca ar sholáthraithe tríú páirtí agus níor bhainistigh siad conarthaí i gceart.
- Bhí maoirseacht na Roinne ró-neamhfhoirmiúil agus níor ardaíodh fadhbanna leis an Tionscadal go dtí an leibhéal cuí laistigh den Roinn.
- Bhí leathnú agus brúnna suntasacha ar an gComhairle Ealaíon in áiteanna eile freisin, agus tháinig fás suntasach ar an bhfoireann agus ar an mbuiséad faoi níos mó ná a dhá oiread idir 2015 agus 2023. Bhí bainistiú an tionscadail trí Covid fo-optamach freisin.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an leibhéal trédhearcachta is fearr is féidir ann maidir leis na tosca ba chúis le caillteanas chomh suntasach sin de chistí poiblí. Ar an gcaoi chéanna, tá sé riachtanach go mbeimid soiléir faoi na bearta a dhéanfar chun aon teip den sórt sin a chosc óna tharlú arís sa Chomhairle Ealaíon nó in aon Chomhlacht Stáit eile.
Beidh mo Roinn i mbun oibre go díreach anois le Stiúrthóir Eatramhach na Comhairle Ealaíon agus leis an gCathaoirleach lena chinntiú go dtacófar leis an gComhairle Ealaíon le linn na tréimhse eatramhaí seo, roimh an athrú suntasach a bheidh ar siúl san eagraíocht. Beidh sé sin tábhachtach don earnáil ealaíon i gcoitinne. Bunóidh mo Roinn córas láidir maoirseachta freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí, agus forbrófar mionsonraí ina leith sna seachtainí amach romhainn.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Brennan agus le comhaltaí eile an Choiste, an Dr. Margaret Cullen agus John McCarthy, as a gcuid oibre i gcur i gcrích an athbhreithnithe seo.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Tá 149 moladh leagtha amach ag an CCS sa tuarascáil. Díobh sin, tá 3 cinn acu dírithe ar gach Roinn Rialtais maidir le cinnteoireacht agus prótacail chumarsáide. Dírítear le 17 acu ar an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe maidir leis an gcreat rialála lena rialaítear Comhlachtaí Stáit, bainistíocht riosca agus ról Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais. Baineann 31 acu le RCCS lena gclúdaítear roinnt saincheisteanna, lena n-áirítear maoirseacht ar Chomhlachtaí Stáit, ceapacháin chuig na comhlachtaí sin agus, go ríthábhachtach, athruithe ar an Acht Ealaíon, 2003.
- Tá feidhm shonrach ag na 100 moladh eile maidir leis an gComhairle Ealaíon agus baineann siad le raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear feidhmiú an Bhoird agus a fhochoistí, ról an Stiúrthóra agus na Foirne Ardbhainistíochta, iniúchadh inmheánach, comhlíonadh treoracha beartais phoiblí agus cumarsáid leis an Roinn seo.
- Tá obair shuntasach déanta cheana féin chun caighdeáin rialachais a fheabhsú sa Roinn seo agus sa Chomhairle Ealaíon ó mhí an Mheithimh 2024 de bhun scrúdú na Roinne féin ar theip an tionscadail agus de bhun athbhreithniú neamhspleách a rinne an Foras Riaracháin (IRP) in 2024. Mar sin féin, bunóidh an Roinn córas láidir forfheidhmithe agus maoirseachta chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí, agus forbrófar mionsonraí ina leith sna seachtainí amach romhainn.
- Tá an tAthbhreithniú Neamhspleách ar Rialachas agus Cultúr Eagraíochtúil Chomhairle Ealaíon na hÉireann ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.