Ráiteas maidir le fíneálacha leagtha síos ag Cúirt Bhreithiúnachais an Aontais Eorpaigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le fíneálacha leagtha síos ag Cúirt Bhreithiúnachais an Aontais Eorpaigh

Inniu (29 Feabhra 2024), leag Cúirt Bhreithiúnachais an Aontas Eorpaigh fíneáil chnapshuime de €2.5m ar Éirinn mar gheall ar teip cur i bhfeidhm iomlán an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) i ndlí na hÉireann a fhógairt. Leag an Chúirt fíneálacha laethúla de €10,000 ó dáta an bhreithiúnais go dtí go gcuirtear an AVMSD i bhfeidhm go hiomlán. Glacann Éire leis an mbreithiúnas agus déanfar grinnstaidéar air. Tá na fíneálacha seo, áfach, ag léibhéal i bhfad níos ísle ná an t-uasmhéid atá sé de chumhacht ag an gCúirt leagadh síos.

Faoin AVMSD, tá freagracht ag Éire as rialú a dhéanamh ar ardáin roinnte físeán atá bunaithe anseo ar son na hEorpa ar fad. Bhí sé riachtanach mar sin, ní amháin an AVMSD a chur i bhfeidhm i ndlí na hÉireann, ach rialaitheoir nua a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeidhmniú, rud a chuir moill ar an bpróiseas trasuímh.

Le tosach feidhme an Achta um Shábháilteacht Ar-Líne agus Rialú Meán 2022 (OSMR) i mí an Mhárta 2023, bhí trasuíomh páirteach an AVMSD bainte amach. Is reachtaíocht suntasach é an Acht OSMR, a chuir an tAire Catherine Martin i bhfeidhm agus a chúisigh bunadh Choimisiún na Meán, an rialaitheoir nua sábháiltheachta ar-líne agus mean, le cumhachtaí suntasacha agus láidre.

Tá Éire go hiomlán tiomanta an Treoir a chur i bhfeidhm i ndlí na hÉireann. Bainfear amach trasuíomh iomlán nuair a ghlacann Coimisiún na Meán le códanna sábháilte ar-líne agus seirbhíse meán.

Ónar bunaíodh i mí Mhárta 2023 é, tá an Rialtas tar éis maoiniú suntasach (€10.5m i 2023 agus suas go €6m i 2024) a thabhairt agus earcaíocht suntasach do 164 post a cheadú le tacú leis an gCoimisiún chun a chuid feidhmeanna a bhaint amach. Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara go bhfuil Coimisiún na Meán maoinithe go páirteach ag tobhacha ar na hearnálacha a dhéanann sé rialú orthu, agus gur maoiniú nach mór iomlán ar ghnímh an Choimisiúin a bheidh sna tobhacha seo ar deireadh.

Tá sé tábhachtach d’Éire go gcuirfidh Coimisiún na Meán códanna i bhfeidhm atá cuimsitheach agus láidir, agus go leanfar an phróis chuí chun baol agóide dhlithiúil a sheachaint. Nuair a chríochnófar na códanna seo, beidh an domhain ar-líne níos sábháilte agus beidh rialú agus maoirseacht níos láidre ar sheirbhísí sruthaithe bunaithe in Éirinn.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá na figiúirí maidir leis na fíneálacha leagtha amach sa bhreithiúnas anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat