An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Réamhchás gnó maidir le tionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford ceadaithe ag an Aire Martin
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá sé fógartha ag Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta inniu go bhfuil an réamhchás gnó do thionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford chomh maith le leithroinnt €3.32 milliún ceadaithe aici chun na costais a bhaineann leis an gcéad chéim eile den fhorbairt a chlúdach.
Dúirt an tAire:
"Tá ríméad orm go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh leis an obair ar thionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford. Éascóidh an infheistíocht seo athfhorbairt a chinnteoidh go mbeidh sé ar chumas Ghailearaí Ealaíne Crawford leanúint de bheith ina chuid thábhachtach de shaol cultúir na tíre."
Faoi Thionscadal Éireann 2040, tá an Rialtas chun €460 milliún a infheistiú in Institiúidí Náisiúnta Cultúir na tíre chun a gcuid saoráidí a athchóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le heispéireas an chuairteora agus stóráil ár mbailiúchán náisiúnta araon.
Tá an Crawford suite i bhfoirgneamh stairiúil a dteastaíonn feabhsúchán suntasach uaidh chun na héilimh atá ag athrú atá ar Institiúid Náisiúnta bhríomhar Cultúir a shásamh.
Thrácht an tAire Martin:
"Is é Gailearaí Ealaíne Crawford an t-aon Institiúid Náisiúnta Cultúir atá ag feidhmiú ina iomláine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tugann sin dearcadh agus seasamh ar leith dó. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an Stiúrthóir agus leis an bhfoireann sa Crawford as an obair leanúnach atá á déanamh acu chun clár ealaíonta a chur ar fáil a mheallann agus a chuireann dúshlán."
CRÍOCH