Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála le hathoscailt i gcomhair iarratas an tseachtain seo chugainn

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála le hathoscailt i gcomhair iarratas an tseachtain seo chugainn

Athosclófar Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála, trínar cuireadh maoiniú a raibh géarghá leis ar fáil d’ionaid taibhithe san earnáil phríobháideach, i gcomhair iarratas Dé Máirt, an 1 Márta 2022.

Is iad príomhghnéithe na scéime:

  • Íocfar deontais le hiarratasóirí a n-éireoidh leo mar ranníocaíocht i leith costais chaipitil a bhaineann le hathoscailt ionad i ndiaidh iad a dhúnadh de dheasca phaindéim Covid-19
  • Tá maoiniú caipitil €5m ar fáil chun tacú le gnólachtaí tráchtála a oibríonn as áitreabh in earnáil na n-ealaíon, an cheoil agus na siamsaíochta
  • Beidh trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí nó eintitis chorpraithe a oibríonn in earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir a raibh láimhdeachas €35,000 nó níos mó acu sa bhliain ábalta iarratas a dhéanamh.
  • Déanfar tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm íocaíochta arb ionann a luach agus 5% de láimhdeachas na gnólachta do ghníomhaíocht ealaíon agus cultúir sa bhliain 2019 le CLB san áireamh, suas le dámhachtain uasta €25,000.
  • Athosclófar an scéim i gcomhair iarratas ag 1pm ar an 1 Márta 2022.

Fearacht na bliana 2021, cuirfear maoiniú ar fáil leis an scéim chun obair chaipitil a éasca a chuideoidh le heagraíochtaí a n-áitreabh a athoscailt agus leanúint de bheith ag feidhmiú go sábháilte do bhaill foirne, do chustaiméirí agus do dhaoine den lucht féachana.

Ar an obair chaipitil atá incháilithe faoin scéim, tá: córais aerála a shuiteáil nó a mhionathrú; obair mhionathraithe chun aeráil a fheabhsú; mionathruithe ar áitreabh chun sábháilteacht ball foirne agus custaiméirí a chinntiú; saoráidí taibhithe agus lucht féachana lasmuigh a shuiteáil; saoráidí lasmuigh a dhéanamh díonta ar an aimsir; saoráidí/struchtúir a chuidíonn le bainistiú sluaite nó maoirseacht a shuiteáil; trealamh slándála agus sláinte agus sábháilteachta i gcomhréir leis an bPrótacal um Oibriú go Sábháilte; trealamh stáitsithe/sruthaithe.

D’fhéadfadh eagraíochtaí a fuair deontas faoin scéim sa bhliain 2021 iarratas a dhéanamh faoin scéim seo i leith costais chaipitil dhifriúla.

Tá an scéim seo, a bhfuil léithdháileadh €5m don bhliain 2022 luaite leis, mar chuid den phacáiste tacaíochta €50m atá curtha ar fáil ag an Aire Martin chun tacú le hearnáil na dTaibhithe Beo i mbliana.

Is éard a dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá áthas orm go bhfuil an scéim seo ag athoscailt i gcomhair iarratas Dé Máirt an 1 Márta. Mar chuid den phacáiste tacaíochta €50m d’earnáil na dTaibhithe Beo, cuirfear deontais ar fiú €5m iad ar fáil faoin scéim seo i leith tionscadail chaipitil lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19. Cuirfear maoiniú ar fáil i dtreo obair a thacóidh le téarnamh earnáil na cruthaitheachta, an chultúir, na siamsaíochta agus na n-imeachtaí. Is tacaíocht spriocdhírithe é Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála do ghnólachtaí tráchtála a oibríonn as áitreabh i réimse ceoil, siamsaíochta, taibhithe beo, dráma agus tráchtála na hearnála ealaíon a íocfar le hiarratasóirí a n-éireoidh leo mar ranníocaíocht i leith na gcostas caipitil a bhaineann le hathoscailt an áitribh tar éis dó a bheith dúnta de thoradh phaindéim COVID-19. Áirítear orthu sin pictiúrlanna, amharclanna, clubanna oíche, ionaid siamsaíochta, spásanna cleachtaidh agus scoileanna damhsa, gan bheith teoranta dóibh.”

Treoirlínte ar fáil anseo: gov.ie/CECGS2022

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat