‘Scéim Iar-Ama san Iarsmalann’– Tacaíocht mhaoinithe luach €420k ar fáil d’iarsmalanna agus do ghailearaithe ar fud na tíre chun tacú le huaireanta oscailte níos faide sa tráthnóna
- Foilsithe: 9 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2026
Maoiniú de suas le €8,000 ar fáil chun cabhrú le tacú le
gníomhaíochtaí Geilleagair Oíche i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre
Inniu sheol an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., scéim iar-ama san iarsmalann chun tacú le gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais agus le forbairt leanúnach Geilleagair Oíche éagsúil in Éirinn. Tá an ‘Scéim Iar-Ama san Iarsmalann’ 2026 ag cur leis an méid a foghlaimíodh ó scéim phíolótach in 2023 agus tá sé mar aidhm léi tacú le hiarsmalanna agus le gailearaithe ar fud na tíre chun oscailt níos déanaí sa tráthnóna, chun clár imeachtaí nua beo a bhunú agus chun éagsúlacht na tairisceana i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre a spreagadh.
Is féidir le baill den Chlár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn (CCMÉ) agus de Chumann Músaem na hÉireann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas go dtí €8,000 chun imeachtaí níos déanaí sa tráthnóna agus san oíche a reáchtáil i mbliana. Ní mór d’iarsmalanna agus de ghailearaithe fanacht oscailte go dtí 9pm ar a laghad. I measc na gcineálacha imeachtaí is féidir a eagrú tá imeachtaí ceoil beo a bhaineann le gach seánra, damhsa (taibhitheach nó rannpháirtíoch), taispeántais, léamha filíochta, seónna coiméide, imeachtaí amharclainne, scannán, podchraoltaí beo, scéalaíocht, ranganna agus tionscnaimh folláine. Cuirfear maoiniú ar fáil freisin d’Fhorais Chultúrtha Náisiúnta chun tacú le tionscnamh píolótach 10 mhí a sholáthróidh oíche de ghníomhaíocht chultúrtha i ndiaidh 5pm ar an Déardaoin deiridh de gach mí. Tá sé beartaithe an tionscnamh seo a sheoladh i mí na Bealtaine 2026. Chomh maith leis sin, iarrfar ar iarsmalanna agus ar ghailearaithe i gCathair Bhaile Átha Cliath imeachtaí a reáchtáil ar an Déardaoin deiridh den mhí chun tacú leis an tionscnamh seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Donovan inniu:
Is spásanna cultúrtha ar leith iad iarsmalanna agus gailearaithe inár bpobail áitiúla a bhfuil ról tábhachtach acu i nGeilleagar Oíche níos éagsúla a fhorbairt. Trí imeachtaí cultúrtha agus uaireanta oscailte níos déanaí sa tráthnóna, táimid ag iarraidh cuairteoirí a spreagadh agus pobail nua a mhealladh chomh fada leis na spásanna seo. Tá níos mó inrochtaineachta agus deiseanna á gcur ar fáil do dhaoine ná mar is iondúil b’fhéidir chun taitneamh a bhaint as na bailiúcháin atá ar taispeáint agus as na spásanna bríomhara atá le fáil sna hiarsmalanna agus sna gailearaithe seo.
Is féidir iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh idir an lá inniu, an 9 Aibreán ag meán lae, agus 5pm ar an 7 Bealtaine 2026. Níl ach ciste teoranta ar fáil don Scéim agus déanfar measúnú ar gach iarratas agus roghnófar iarratais ar bhonn incháilitheachta agus chaighdeán an togra.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, cliceáil anseo chun treoirlínte agus foirm iarratais a fháil.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Is é an aidhm atá le Tuarascáil Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche, a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, earnáil Geilleagair Oíche níos éagsúla a chruthú don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon. Tá ról tábhachtach ag forais chultúrtha na hÉireann, iarsmalanna agus gailearaithe áitiúla sa chomhthéacs seo, trí oscailt níos déanaí sa tráthnóna, agus trí bhonneagar a chur ar fáil chun an spás/na saoráidí a chur ar fáil do chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí oíche. Is féidir níos mó deiseanna a fhorbairt trí chomhoibriú idir forais agus comhpháirtithe níos éagsúla.
In 2023, chuir an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn píolótach do na Forais Chultúrtha Náisiúnta, iarsmalanna agus gailearaithe chun chur lena gcláir imeachtaí níos déanaí sa tráthnóna. Tharraing an scéim aird ar an éifeachtacht a bhain le spásanna cultúrtha a úsáid san oíche agus bhí an-tóir ar an scéim. Thug go leor de na hiarsmalanna agus de na gailearaithe réigiúnacha níos lú ar fud na tíre le fios gur mhaith leo níos mó a dhéanamh sa chomhthéacs seo ach go mbeadh níos mó tacaíochta ag teastáil uathu chun an clár imeachtaí níos déanaí sa tráthnóna agus i rith na hoíche a bhunú.
Chun tacú leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais, maidir le Geilleagar Oíche a fhorbairt i mBaile Átha Cliath, na gníomhaíochtaí a aithníodh i dTuarascáil Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche agus uaillmhianta Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath don phríomhchathair, d’fhorbair an roinn i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairleoir Geilleagair Oíche Chathair Bhaile Átha Cliath, Fáilte Éireann agus Baile Bhaile Átha Cliath tionscnamh píolótach nua chun tacú le hoíche de ghníomhaíocht chultúrtha oíche agus chun a leithéid a chur chun cinn ar an Déardaoin deiridh de gach mí i gcomhair tréimhse 10 mhí. Tá sé beartaithe an tionscnamh seo a sheoladh i mí na Bealtaine. Léirigh scéimeanna agus tionscnaimh roimhe seo an éifeachtacht a bhain le cur chuige comhordaithe a bhfuil feachtas margaíochta éifeachtach ag tacú leis, agus atá bunaithe ar amanna ar leith san fhéilire, chun daoine a mhealladh amach san oíche.
Beidh an ghairm ar mhaoiniú seo dírithe ar iarsmalanna agus ar ghailearaithe agus á tairiscint do na hiarsmalanna sin ar baill iad de Chumann Músaem na hÉireann agus d’iarsmalanna ar baill iad den Chlár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn freisin. Tairgfear tacaíocht trí íocaíocht deontais suas le €8,000 do gach iarsmalann agus ní mór dóibh oscailt i ndiaidh 5pm agus imeachtaí a sceidealú go dtí 9pm ar a laghad. Chomh maith leis sin, iarrfar ar iarsmalanna agus ar ghailearaithe i gCathair Bhaile Átha Cliath imeachtaí a reáchtáil ar an Déardaoin deiridh den mhí chun tacú leis an tionscnamh seo oíche Déardaoin a bhfuil sé beartaithe é a sheoladh i mí na Bealtaine 2026.
Ceanglais faoin Scéim:
- Oibreofar an scéim ar bhonn cistiú meaitseála (85:15), ina mbeidh ar an iarratasóir 15% de na costais bheartaithe a chur ar fáil.
- Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas go dtí €8k chun oscailt níos déanaí.
- Ní mór d’iarratasóirí gealltanas a thabhairt go mbeidh siad oscailte go dtí 9pm ar a laghad.
- Ní mór tús a chur le gach imeacht i ndiaidh 5p.m.
- Níl íosmhéid ná uasmhéid imeachtaí is féidir a reáchtáil.
- Ceanglófar ar ionaid i gcathair Bhaile Átha Cliath imeachtaí a eagrú chun teacht le tionscnamh oíche Déardaoin gach mí.
- Ní gá go mbeadh na himeachtaí saor in aisce. Is féidir leis na hionaid táille iontrála a ghearradh, ach an oiread agus is féidir, ba chóir costais a choinneáil íseal chun tacú leis an oiread rannpháirtíochta agus ionchuimsitheachta agus is féidir, agus le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach.
- I measc na n-imeachtaí is féidir a mhaoiniú tá, ach gan a bheith teoranta do, turais tráthnóna nó oíche, ceol beo, DJ beo, damhsa (taibhitheach nó rannpháirtíoch), taispeántais, léamha filíochta, seónna coiméide (Fuirseoireacht ar na boinn, geansceitse nó tobthaibhiú), imeachtaí amharclainne, scannán, podchraoltaí beo, scéalaíocht, ranganna, agus tionscnaimh sláinte agus folláine. Is féidir maoiniú a úsáid chun costais oibriúcháin a íoc, e.g. costais foirne a bhaineann le hoscailt níos déanaí sa tráthnóna