Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail - Faighteoirí Breise Fógartha
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meán Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, faighteoirí breise na Scéime Tacaíochta d’Ionaid Cheoil Pobail inniu. Bronnadh €12,000 an ceann ar dhá ionad breise i gCorcaigh agus i nDún na nGall chun tallann ceoltóirí atá ag teacht chun cinn a chur i láthair.
Tá maoiniú á thairiscint anois do 34 ionad san iomlán faoin Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail de chuid an Gheilleagair Oíche chun tacú le clársceidealú leanúnach na gceoltóirí luath-ghairme. Fuarthas iarratais ó raon leathan ionad déanach san oíche, lena n-áirítear tithe tábhairne, clubanna oíche agus amharclanna. Tá tacaíocht á fáil d’ionaid i mórán bailte agus sráidbhailte tuaithe, agus bronnadh maoiniú ar 16 ionad lasmuigh de na cathracha móra.
Tar éis fógra na scéime i mí an Mhárta 2025, bhí leibhéal ard spéise sa scéim phíolótach seo, agus beagnach 100 iarratas curtha isteach sular dúnadh an scéim.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm Cyprus Avenue i gCorcaigh agus The Social i nGaobh Dobhair a chur ar liosta na bhfaighteoirí maoinithe faoin scéim nuálaíoch seo. Tá ról ríthábhachtach ag na hionaid seo i gcothú na gceoltóirí atá ag teacht chun cinn agus deis a thabhairt dóibh a gcuid tallainne a chothú, agus tá sé thar a bheith tábhachtach go n-aithnímid an méid a chuireann siad le tionscal an cheoil.”
Tionscnamh Geilleagair Oíche is ea an Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail a thacaíonn le hobair an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche agus tar éis moladh a d’eascair as Gníomh 5 sa Phlean Gníomhaíochta um Gheilleagar Oíche athbhreithnithe.
Cuireann an scéim seo maoiniú ar fáil do shraith imeachtaí ina mbíonn ealaíontóirí pobail ag seinm ceoil bheo/leictreonaigh a scríobh/a chruthaigh siad féin. Cuireann na himeachtaí seo fostaíocht ar fáil freisin do chriúnna, d’innealtóireacht solais agus fuaime, do mhargaíocht agus do chaidreamh poiblí, chomh maith le líon na ndaoine a thagann chuig ionaid phobail a mhéadú agus cur le geilleagar oíche rathúil.
Iarratasóirí Nua-cheadaithe
| Ionad | Suíomh |
| The Social |
Gaoth Dobhair, Dún na nGall |
| Gaoth Dobhair, Donegal |
Cathair Chorcaí |
Iarratasóirí a Ceadaíodh Roimhe Seo
|
Ionad |
Suíomh |
|
Arthurs Pub |
BÁC 8 |
|
Bank Lane |
Cathair Phort Láirge |
|
Billy Byrne’s |
Cathair Chill Chainnigh |
|
Clearys Bar |
An Chaisleán Nua, Luimneach |
|
Connollys of Leap |
An Léim, Corcaigh |
|
Coughlans Bar |
Cathair Chorcaí |
|
Dali |
Cathair Chorcaí |
|
DeBarra’s Folk Club |
Cloch na Coillte, Corcaigh |
|
Dolans |
Cathair Luimní |
|
Hen’s Teeth |
BÁC 8 |
|
John Cleere's Bar & Theatre |
Cathair Chill Chainnigh |
|
John Lees Bar |
An Tulach Mhór, Uíbh Fháilí |
|
Kavanagh’s Bar and Venue |
Portlaoise, Laois |
|
Kennys Bar |
An Leithinis, An Clár |
|
Langtons Set Theatre |
Cathair Chill Chainnigh |
|
Levis’ Bar |
Béal an Dá Chab, Corcaigh |
|
McHugh’s |
Droichead Átha, An Lú |
|
Mike the Pies |
Lios Tuathail, Ciarraí |
|
Mo Chara |
Dún Dealgan, An Lú |
|
Pot Duggans |
Inis Díomáin, An Clár |
|
Róisín Dubh |
Cathair na Gaillimhe |
|
Sin É |
BÁC 7 |
|
Spirit Store |
Dún Dealgan, An Lú |
|
Tengu |
BÁC 1 |
|
The Attic |
Dílainn, An Clár |
|
The Bernard Shaw |
BÁC 9 |
|
The Commercial Bar |
Cathair Luimní |
|
The Cornerstone |
An Ghráig, Gaillimh |
|
The Grand Social |
BÁC 1 |
|
The Soundhouse |
BÁC 1 |
|
The White Horse |
Baile an Chollaigh, Corcaigh |
|
Wigwam |
BÁC 1 |