Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seasamh an Chórais Teileachumarsáide in aghaidh Stoirme

Cora nua á bhfógairt ag an Aire tar éis Stoirm Éowyn

Rinne Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a leagan amach don Rialtas an tseachtain seo an obair leanúnach atá ar siúl chun feabhas a chur ar an mbeartaíocht i gcásanna práinne agus ar chaighdeáin seasmhachta na gcóras teileachumarsáide ó tharla Stoirm Éowyn níos luaithe i mbliana.

Tharla cur isteach ar na córais teileachumarsáide mar gheall ar Stoirm Éowyn seachas mar a tharla mar gheall ar aon stoirm eile roimhe sin. Is mór a chuaigh gearradh cumhachta i rith na stoirme, chomh maith le moill i ndáil le caoi a chur ar cháblaí crochta i gceantair áirithe ina dhiaidh sin, i bhfeidhm ar an earnáil agus ar shaoránaigh dá réir, go mór mór i gceantair faoin tuath i dtuaisceart agus in iarthar na tíre. Ó shin i leith, tá an Rialtas, lucht tionscail agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) i mbun caidrimh d’fhonn dul i ngleic le réimsí easnaimh ó thaobh acmhainn ullmhúcháin agus luathbheartaíochta na hearnála.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Ó tharla Stoirm Éowyn, tuigeann earnáil na teileachumarsáide go bhfuil buntábhacht le feabhas ó thaobh acmhainn seasmhachta agus beartaíocht tráth práinne agus is mór an t-ábhar misnigh lucht an tionscail a fheiceáil i mbun díchill ag féachaint lena gcuid córas a dhéanamh níos seasmhaí agus caidreamh a chothú leis an Roinn agus leis an gCoimisiún d’fhonn an cur isteach ó stoirmeacha san am atá romhainn a mhaolú. Is den tábhacht go leantar leis an dícheall seo agus táim ag tnúth le dul chun cinn breise a fheiceáil.”

Oibreoidh an earnáil as lámha a chéile, trí Ghrúpa nua Luathbheartaíochta agus Seasmhachta maidir leis na Córais Teileachumarsáide (GLS-T), faoi chathaoirleacht na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, d’fhonn

  • feabhas ar sheasmhacht na gcóras ó thaobh gnéithe aiceanta agus cumhachta
  • comhord agus cumarsáid níos éifeachtúla i dtráthanna práinne
  • gnéithe buntábhachtacha den chóras bonneagair a chur chun tosaigh san ord tábhachta ionas go mbíonn bunleibhéal ceangail ar fáil le linn tráthanna práinne

Tá measúnú neamhspleách déanta ag gníomhairí maidir lena n-acmhainn ullmhúcháin, agus tá tiomantas léirithe acu maidir le beartais áirithe a chur i gcrích, ina measc:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanais chumhachta do láithreacha
  • Cadhnairí agus gineadóirí tacaíochta a cheannach
  • Obair chothabhála líonra a dhéanamh
  • Cur le seasmhacht trí róid tacaíochta mhalartacha a fhorbairt
  • Cur le húsáid satailítí chun breis seasmhachta a chinntiú

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide fógra eolais le gairid ina leagtar amach na bearta atá déanta i ndáil le géarchásanna drochaimsire. Le haird ar an tábhacht atá leis na seirbhísí cumarsáide ar fad nuair a tharlaíonn stoirm, ghabh an tAire buíochas freisin le lucht foirne An Post as an obair thábhachtach a rinne siad don phobal i rith Stoirm Éowyn, ag cuidiú leis na príomhghníomhaireachtaí beartaíochta éigeandála trí chaidreamh a dhéanamh go díreach le daoine i gceantair iargúlta a raibh curtha isteach orthu ag an stoirm.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat