Seoladh Chlár Comórtha Dhónaill Uí Chonaill fógartha ag an Aire O'Donovan
- Foilsithe: 10 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Iúil 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu seoladh Chlár Comórtha Dhónaill Uí Chonaill chun comóradh 250 bliain a bhreithe a cheiliúradh. Tabharfar aitheantas agus cuimhne ar an gcomóradh suntasach seo agus ar chomóradh dhá chéad bliain cuid de na chuimhneacháin is ríthábhachtaí ina ghairm bheatha i roinnt imeachtaí tiomnaithe.
Forbraíodh an Clár seo i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Roinn an Taoisigh, Oifig na nOibreacha Poiblí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus geallsealbhóirí tábhachtacha eile, lena n-áirítear grúpaí pobail áitiúla.
Tá gach imeacht breithnithe de réir éiteas agus luachanna na gcomóradh, lena n-áirítear inrochtaineacht, cuimhneachán measúil, cruinneas stairiúil agus cruthú deiseanna chun daoine óga agus an Diaspóra a mhealladh chuig imeachtaí foirmitheacha, pearsantachtaí agus téamaí ár n-am atá thart. Tacaíonn an Roinn le comhpháirtithe tionscadail lena chinntiú go bhfuil tionscnaimh sa chlár seo i gcomhréir le luachanna agus prionsabail sheanbhunaithe na gcomóradh.
Clúdaíonn an clár éagsúil na ceithre cholún comórtha - iniúchadh stairiúil, freagairt ealaíonta agus chruthaitheach, comóradh faoi stiúir an phobail agus Searmanas Stáit. Tá nasc suntasach ag go leor contaetha lenár laoch náisiúnta rud a léirítear i roinnt imeachtaí comórtha spreagúla faoi stiúir an phobail.
Formhuiníodh Clár Comórtha Dhónaill Uí Chonaill ag an gcéad chruinniú den Choiste Comhairleach Comórtha nua, faoi chathaoirleacht Bryan Dobson.
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Bhí Dónall Ó Conaill ar dhuine de na figiúirí ba thábhachtaí i stair pholaitiúil na hÉireann, ní hamháin as a raibh bainte amach aige, ach as an gcaoi ar bhain sé amach é.
Bhí sé tiomanta don athchóiriú síochánta, don daonlathas, agus do chearta sibhialta; smaointe agus coincheapa ar cheart dúinn fós díriú orthu inniu.
Tríd an gClár seo tá súil againn aird a tharraingt ar Dhónall Ó Conaill agus é a cheiliúradh - an fear é féin agus a chuid éachtaí polaitiúla. Tá sé mar aidhm againn a oidhreacht bhuan in Éirinn agus a thionchar suntasach thar lear mar laoch ar son cearta sibhialta ar fud an domhain a chur i gcuimhne dúinn go léir.
Áirítear na nithe seo a leanas leis an gClár:
Imeacht Comórtha faoi stiúir an Stáit, Teach Dhoire Fhíonáin, Dé Céadaoin, 06 Lúnasa 2025
Beidh Searmanas Comórtha faoi stiúir an Stáit ar siúl Dé Céadaoin, 6 Lúnasa 2025, i dTeach Dhoire Fhíonáin i gCo. Chiarraí - príomháit chónaithe Uí Chonaill agus maoin stairiúil atá faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí anois.
Beidh sé seo ina chomóradh faoi stiúir an Stáit agus ina chomóradh cultúrtha. Beidh an ócáid, a mbeidh an pobal mar chuid lárnach di, ina ghníomh siombalach cuimhneacháin náisiúnta.
Craolfar beo é ar Chainéal Nuachta RTÉ agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain le haghaidh craolta beo agus le haghaidh athchuairte, ar Sheinnteoir RTÉ.
Scoil Samhraidh Dhónaill Uí Chonaill Daniel O’Connell, 29-30 Lúnasa
Tá Scoil Samhraidh Dhónaill Uí Chonaill á reáchtáil le ceithre bliana déag anuas i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Chiarraí.
I mbliana beidh sé ar siúl i gCathair Saidhbhín (gar d’áit bhreithe Uí Chonaill) agus i nDoire Fhíonáin. Beidh roinnt léachtaí gearra ann faoi shaol agus oidhreacht Uí Chonaill go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Beidh an Roinn ag cur tacaíochta ar fáil don Scoil Samhraidh chun an bhliain shuntasach seo a cheiliúradh ar bhealach speisialta. Tá clár iomlán cainteoirí á moladh acu, lena n-áirítear ó ollscoileanna sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.
Tabharfaidh an Taoiseach Micheál Martin Léacht Uí Chonaill sa Pharlús i dTeach Dhoire Fhíonáin.
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: Clár comórtha lena n-áirítear siompóisiam agus pacáiste oideachais.
Tá Siompóisiam Uí Chonaill 250: Saoirse, Daonlathas, agus an Streachailt ar son Chearta an Duine beartaithe do mhí Iúil agus tá an tArd-Aighne, Rossa Fanning, agus an t-iar-Aire, Jimmy Deenihan, i measc na gCathaoirligh dheimhnithe.
Tá sé beartaithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath pacáiste scoile ar an gConallach a tháirgeadh. Beidh sé i bhfoirm acmhainne idirghníomhaí digitigh bhuan ar líne ar féidir í a óstáil ar ardán oiriúnach agus a bheidh ar fáil do chách, lena n-áirítear daltaí i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuil Dónal Ó Conaill ar churaclam na Staire.
Comhairle Bharra na hÉireann
I ndiaidh Léacht Chuimhneacháin Dhónaill Uí Chonaill i mí Aibreáin, chun comóradh 250 bliain bhreith Dhónaill Uí Chonaill a cheiliúradh, tá Barra na hÉireann i mbun oibre leis an Roinn ar imeacht eile don Fhómhar 2025, áit a ndéanfaidh an Tánaiste ionadaíocht ar an Rialtas.
Imeachtaí Idirnáisiúnta
Bhí tionchar suntasach ag Dónall Ó Conaill ar fud an domhain, rud a aithneofar agus a tharraingeofar aird air trí líonra ambasáidí na hÉireann. Áirítear leis seo imeacht i gClub Reform Shasana i mí Mheán Fómhair a bheidh á óstáil ag Ambasadóir na hÉireann i Londain, chun ómós a thabhairt dá iar-bhall. Beidh tuilleadh imeachtaí sceidealaithe ag láithreacha stairiúla a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gConallach, lena n-áirítear imeachtaí féideartha sa Róimh, i bPáras, agus sna Stáit Aontaithe.
Ceiliúradh 250 Uí Chonaill
Tá clár iomlán imeachtaí eagraithe ag Coiste Uí Chonaill 250, ina bhfuil grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla agus fairsinge faoi chathaoirleacht ionadaí ó Ghrúpa Forbartha Áitiúil Chathair Saidhbhín (ACARD). Tá an Clár deartha ag an gcoiste áitiúil agus áirítear leis nochtadh plaiceanna, fáiltiú cathartha, cruinniú ollphéist, imeachtaí ceoil agus spóirt agus beidh sé ar siúl i rith na chéad seachtaine de mhí Lúnasa. Beidh tacaíocht Chomhairle Contae Chiarraí agus na Roinne á déanamh seo.
Banc na hÉireann: Dealbh Dhónaill Uí Chonaill
Tá dealbh de Dhónall Ó Conaill á bhronnadh ag Banc na hÉireann ar Thithe an Oireachtais. Aistreofar an dealbh atá suite faoi láthair ina mBrainse ar Fhaiche na Coláiste go dtí foirgneamh Theach Laighean le go nochtfar í níos déanaí i mbliana.
Banc Ceannais na hÉireann: Boinn Chomórtha
Sa bhliain 2025, tá sé beartaithe ag Banc Ceannais na hÉireann roinnt boinn chomórtha a eisiúint chun comóradh 250 bliain ó rugadh Dónall Ó Conaill. Tá
bonn cruthúnais óir agus bonn cruthúnais airgid ann seo agus beidh sraith dhúbailte ann freisin ina mbeidh an dá cheann.
An Post: Clár Stampaí Comórtha 2025
Tá dhá stampa comórtha maidir leis an gConallach ón ealaíontóir David Rooney san áireamh i gclár stampaí 2025 agus seolfar iad Déardaoin, 31 Iúil.
Cumann Seoirseach na hÉireann: Dónall Ó Conaill 250: lá staidéir ailtireachta, tírdhreacha deartha agus cultúir amhairc
Beidh Lá Staidéir á reáchtáil ag Cumann Seoirseach na hÉireann i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus i gcomhar le hOidhreacht Ailtireachta Uladh, i dTeach Tionóil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh díospóireacht trí lá ar siúl ag Ó Conaill sa bhliain 1843, maidir le hAisghairm Acht an Aontais. I measc na gcainteoirí ag an ócáid beidh an tOllamh Maurice Bric, an tOllamh Patrick Geoghegan, an Dr Livia Hurley agus an Dr Kathryn Milligan,
Clár Fáisnéise ar Dhónal Ó Conaill
Tá Create One ag léiriú clár faisnéise uair an chloig a scrúdaíonn saol agus oidhreacht Dhónaill Uí Chonaill. Sa chlár faisnéise, a chraolfar ar RTÉ, déantar iniúchadh ar cheann de na tréimhsí is suntasaí i stair na hÉireann agus nochtar an tionchar atá ag éacht Uí Chonaill ar ár ndomhan inniu. Cuirfear an clár faisnéise i gcúrsaíocht ar scoileanna agus ar an tseirbhís leabharlainne tríd an Roinn Oideachais agus Líonra na nÚdarás Áitiúil, agus le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chuig Líonra Ambasáidí na hÉireann.
Clár Imeachtaí na nÚdarás Áitiúil
Tá roinnt Údarás Áitiúil ag pleanáil Comóradh Dhónaill Uí Chonaill le tacaíocht ó Dheontais Chomórtha na nÚdarás Áitiúil a riartar tríd an Aonad Comórtha sa Roinn.
Comhairle Contae Chiarraí
Beidh siad ag tacú le Clár Uí Chonaill 250 agus tá siad ag moladh freisin Taispeántas Dhónaill Uí Chonaill i Leabharlann Chathair Saidhbhín a uasghrádú roimh an imeacht faoi stiúir an Stáit. Áirítear leis na huasghráduithe oibreacha caomhnaithe ar an taispeántas bronnta a bhíodh i mBanc na hÉireann ar Fhaiche na Coláiste.
Comhairle Contae an Chláir
Is clár imeachtaí é Comóradh Dhónaill Uí Chonaill atá beartaithe chun an comóradh a cheiliúradh ach chun aird a tharraingt ar an nasc leis an gClár freisin mar gur toghadh Ó Conaill ina Theachta Dála don chontae i 1828 agus arís i 1830. I measc na n-imeachtaí beidh léachtaí, cainteanna, ealaín, turais siúil, tionscadal digitithe, taispeántais agus taispeántas clár faisnéise. Beidh sé seo ar siúl ón 8ú go dtí an 10ú Lúnasa in Inis agus tá sé eagraithe ag coiste áitiúil, ar a bhfuil Méara Inis, Méara an Chláir, baill eile den Údarás Áitiúil, staraithe áitiúla agus staraithe Uí Chonaill. Tá Ceolchoirm Chomórtha Dhónaill Uí Chonaill léirithe ag Diarmuid de Faoite agus beidh sí ar siúl in Inis Dé Sathairn, an 9ú Lúnasa, i gcomhar le hOifig Ealaíon an Chláir.
CRÍOCH