Seoladh Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise, 2026
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
Rinne an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, T.D., comhghairdeas leis an ealaíontóir Éireannach Isabel Nolan ar ócáid sheoladh Ionadaíocht na hÉireann ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia.
Is é Biennale Ealaíne na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2026, an t-ardán domhanda is tábhachtaí chun na hamharc-ealaíona a léiriú, áit a mbíonn an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirteach. Deis ar leith atá ann d’ealaíontóirí na hÉireann chun dul i mbun plé le lucht spéise idirnáisiúnta.
Ar bhonn gairm oscailte a roghnaíodh an t-ealaíontóir Isabel Nolan, in éineacht leis an gcoimeádaí Georgina Jackson le Gailearaí Ealaíne Comhaimseartha Douglas Hyde, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann. Coimisiúnaíonn an Roinn, trí Chultúr Éireann, ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis. Is comhpháirtíocht idir Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon í Éire sa Veinéis, lena n-áirítear camchuairt náisiúnta.
Mar fhreagra ar théama na bliana seo, In Minor Keys – arna roghnú ag coimeádaí La Biennale, Koyo Kouoh, nach maireann – is é Dreamshook a thugtar ar Phailliún na hÉireann. Is éard is Dreamshook ann mothú dúiseachta as brionglóid, tráth a mbíonn réimsí na féidearthachta ag fanacht is ag síothlú de réir a chéile tríd an réaltacht ghuagach. I bPailliún na hÉireann ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia, tá suiteán Nolan ina measctar taipéis lámhfhite, líníocht agus dealbhóireacht mar léiriú ar thairseacha, staideanna brionglóide agus insintí a chuireann na dealuithe idir a bhfuil neamhábhartha agus nithiúil as a riocht. Shíolraigh an saothar ón dúspéis atá aici le fada sna creataí lena múnlaítear aon tuiscint ar an domhan agus an fonn coiteann atá ar na daoine ord a chruthú san anord.
Dúirt an tAire O’Donovan:
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an ealaíontóir Isabel Nolan, leis an gcoimeádaí Georgina Jacskon agus le foireann Dreamshook ar fad as ionadaíocht na hÉireann a sheoladh ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2026. Coimisiúnaíonn mo Roinn Éire sa Veinéis, trí Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Léiríonn an tionscnamh saibhreas agus beocht ealaín na hÉireann ar cheann de na hardáin chultúrtha is suntasaí ar domhan.
Is ag leanúint de rannpháirtíocht láidir na hÉireann ag La Biennale di Venezia atá ionadaíocht na bliana 2026 sa Veinéis. I measc ionadaithe na hÉireann sna blianta beaga roimhe seo tá Eimear Walshe – le taispeántas arna choimeád ag Sara Greavu agus Project Arts Centre – agus Niamh O’Malley in éineacht le TBG+.
Is i bPailliún na hÉireann san Arsenale a bheidh Dreamshook ar taispeáint le linn an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia, a bheidh ar siúl ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2026. Tar éis chur i láthair Dreamshook sa Veinéis tabharfar ar camchuairt timpeall na hÉireann é in 2027, a gcuirfidh an Chomhairle Ealaíon tacaíocht ar fáil ina leith.