Seoladh na Scéime um Chlaochlú Digiteach
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meán Fómhair 2025
Chuir Patrick O’Donovan, T.D., an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, fáilte roimh sheoladh na Scéime um Chlaochlú Digiteach ag Coimisiún na Meán inniu. Forbraíodh an Scéim de réir mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus bhí sí faoi réir comhairliúchán fairsing ar fud earnáil na meán i gcoitinne.
Tá €3 mhilliún de mhaoiniú Státchiste leithdháilte chun an Scéim a bhunú i mbliana. Feidhmeoidh an Scéim mar scéim dámhachtana inchoimhlinte ar bhonn atá neodrach ó thaobh an ardáin de.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim infheistíocht i dteicneolaíocht agus i seirbhísí ag soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí a dhreasú, dlús a chur le forbairt samhlacha gnó inbhuanaithe san earnáil agus tacaíocht a chur ar fáil d'oiliúint agus d'uasoiliúint chuí na mball foirne atá laistigh den earnáil.
Cuideoidh an Scéim um Chlaochlú Digiteach le heagraíochtaí meán a ngnóthaí chur in oiriúint do thírdhreach meán níos digití agus cinnteoidh sí go leanfar d’ábhar seirbhíse poiblí a sholáthar, rud a chuirfidh an pobal ar an eolas, a choinneoidh sláine na faisnéise ar bun, agus a chaomhnóidh muinín.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chlaochlú Digiteach inniu, Dé hAoine 26 Meán Fómhair agus dúnfar í ar an Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair, 2025.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Cuirfidh an Scéim um Chlaochlú Digiteach tacaíocht riachtanach ar fáil d’earnáil na meán chun oiriúnú do thírdhreach meán atá ag athrú go tapa i gcomhthéacs náisiúnta agus domhanda araon. Tá uasoiliúnt na foirne laistigh den earnáil, mar aon le nuachóiriú an bhonneagair agus na n-uirlisí digiteacha le haghaidh forbairt gnó agus inbhuanaitheacht, ríthábhachtach chun iolrachas guthanna san earnáil a chur chun cinn agus chun cabhrú leis na meáin a bheith rathúil, agus tacú ag an am céanna le hábhar seirbhíse poiblí iontaofa, oibiachtúil agus inrochtana a sholáthar dár saoránaigh”.
Ag labhairt faoi sheoladh na Scéimeanna Iriseoireachta, dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán ag Coimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill:
“Thar ceann Choimisiún na Meán, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Patrick O’Donovan, TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, as a leithdháileadh €3 mhilliún chun tacú leis an scéim nuálach nua seo.
Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach meán rathúil, éagsúil agus cruthaitheach a chinntiú d’Éirinn, agus do thacú le nuálaíocht in earnáil meán na hÉireann. Tá athrú ag teacht ar an gcaoi a n-úsáideann lucht féachana na meáin agus tá dúshláin roimh soláthraí na meán chun coinneáil suas le patrúin tomhaltais atá ag athrú. Tá an Scéim nua um Chlaochlú Digiteach forbartha ag an gCoimisiún chun tacú le hearnáil na meán in Éirinn sa tréimhse seo ina bhfuil athrú tapa ag tarlú, agus béim á leagan ar dhá phríomhréimse – oiliúint agus teicneolaíocht scileanna digiteacha”.