Ráiteas ón Aire Patrick O’Donovan ar bhás Sheáin Uí Shé
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
Is le brón domhain a chuala mé faoi bhás Sheáin Uí Shé, duine de na deilbhíní cultúrtha is mó a raibh meas ag muintir na hÉireann air agus fear uasal ealaíonta.
Ní hamháin gur amhránaí a bhí i Seán; ba chaomhnóir é ar ár n-oidhreacht. Tríd an gcomhoibriú iontach a rinne sé le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann, chuidigh sé le hathbheochan cheol traidisiúnta na hÉireann, atá le sonrú go dtí an lá inniu, a mhúscailt. Is rosc dár bhféiniúlacht chomhroinnte é a leagan de 'An Poc Ar Buile' - beoga, spioradálta agus gan teorainn ama.
Mar mhúinteoir agus mar thaibheoir, chaith Seán a shaol ag saibhriú daoine eile. Bhí cumas neamhchoitianta aige an t-am atá thart a cheangal leis an lá inniu, rud a chinntigh go bhfanfadh ár dteanga agus ár n-amhráin beo in Éirinn an lae inniu.
Mar Aire Cultúir, agus mar fhear de chuid Chúige Mumhan a d’fhás aníos ag éisteacht lena ghlór gan sárú, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do theaghlach Sheáin, dá chairde iomadúla, agus don phobal ceoil thraidisiúnta níos leithne.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.