Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá €181,741 i ndeontais chaipitil d’eagraíochtaí ealaíon agus cultúir fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu dámhachtainí le haghaidh deontais chaipitil ar luach €181,741 do shé eagraíocht ealaíon agus cultúir chun a n-áiseanna a uasghrádú agus a fhorbairt. Cuirtear an maoiniú seo ar fáil faoi Shruth E den Scéim Caipitil Cultúir, scéim infheistíochta caipitil €1.4m atá dírithe ar fheabhas a chur ar stoc reatha na n-ionad ealaíon agus cultúir ar fud na tíre.

Seoladh Sruth E den Scéim Caipitil Cultúir ar dtús ar an 14 Meitheamh 2023. Leis an bhfógra inniu, bronnadh €1,178,617 san iomlán faoin scéim seo go dtí seo, rud a théann chun sochair do 38 eagraíocht ealaíon agus cultúir ar fud na tíre.

I gcomhréir le gníomhaíocht an Rialtais maidir leis an athrú aeráide, cuirtear fáilte sa scéim seo roimh thionscadail a laghdaíonn lorg carbóin eagraíochta chomh maith le tionscadail a sholáthraíonn acmhainn bhreise le haghaidh léiriú ealaíne. Níl aon dáta deiridh ag an scéim agus fanfaidh sí ar oscailt go dtí go mbeidh an ciste ídithe.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

“Tá áthas orm maoiniú €181,741 a fhógairt do shé eagraíocht ealaíon agus cultúir. Tá ról bunúsach ag Scéimeanna Caipitil amhail maoiniú faoi Shruth E den Scéim Caipitil Cultúir chun ár mbonneagar ealaíon agus cultúrtha a neartú.

Tá meas ar áiseanna ealaíon agus cultúir ar fud na tíre agus cinntíonn infheistíocht sna háiseanna seo go bhfuil na healaíona inrochtana laistigh dár bpobail agus go leanfaidh na hionaid seo de bheith ina n-áiteanna bríomhara do na glúnta atá le teacht.”

Nótaí don Eagarthóir:

Tá an Scéim fós oscailte le haghaidh iarratas agus tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas:

gov.ie - Na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus Maoiniú (www.gov.ie).

Is iad seo a leanas na sé thionscadal a fhaigheann maoiniú faoi fhógra an lae inniu:

Deontaí

Contae

Méid an deontais €

Cork Artists Collective

Corcaigh

€19,500

Draíocht CLG

Baile Átha Cliath

€8,005

Institiúid Scannán na hÉireann

Baile Átha Cliath

€50,000

Leitrim Arts Development Ltd ag trádáil mar The Dock Arts Centre

Liatroim

€18,369

Smashing Times Theatre Company ag trádáil mar Smashing Times International Centre for the Arts and Equality

Baile Átha Cliath

€35,867

The Mill Theatre Management Company Ltd ag trádáil mar dlr Mill Theatre

Baile Átha Cliath

€50,000

Iomlán

 

€181,741

Tá liosta iomlán na n-eagraíochtaí ar bronnadh deontais orthu faoi Shruth E ar fáil anseo

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat