Tá €987,498 faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan
- Foilsithe: 19 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu dámhachtainí €987,498 i ndeontais chaipitil ealaíon do chúig Údarás Áitiúla chun suas le 22 spás oibre d’ealaíontóirí a fhorbairt. Cuirtear an maoiniú seo ar fáil faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí, scéim infheistíochta caipitil €6m d’Údaráis Áitiúla chun cur ar a gcumas acmhainn agus infhaighteacht bhreise spásanna oibre d’ealaíontóirí a sholáthar ina réigiúin.
Seoladh an scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí ar dtús ar an 12 Meitheamh 2024. Leis an bhfógra inniu, is ionann an tsuim iomlán a bronnadh faoin scéim seo go dtí seo agus €1,208,854.
Faoin scéim, tá maoiniú suas le €300,000 ar fáil do cheantair Údaráis Áitiúil ina bhfuil daonra dlúth. Tá maoiniú suas le €150,000 ar fáil do cheantair nach bhfuil an daonra chomh dlúth sin iontu. Níl aon dáta deiridh ag baint leis an scéim agus fanfaidh sí ar oscailt go dtí go mbeidh an ciste ídithe.
Tá an scéim chaipitil €6 mhilliún seo i gcomhréir le gealltanas an Rialtais faoi Chlár an Rialtais chun soláthar spásanna oibre inacmhainne d’ealaíontóirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha agus chun seachadadh tráthúil na ngealltanas infheistíochta caipitil ealaíon agus cultúir a chinntiú, mar atá leagtha amach i dTionscadal Éireann 2040.
Cuireann an scéim seo leis an maoiniú €3 mhilliún a leithdháil an Roinn ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in 2023 mar chuid den Chlár Spás le Cruthú. Leithdháileadh an maoiniú sin i dtreo spásanna oibre d’ealaíontóirí a sholáthar i roinnt suíomhanna i lár na cathrach agus tá na tionscadail sin á gcur chun cinn faoi láthair.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“Tá áthas orm maoiniú €987,498 a fhógairt faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí. Tuigim go rímhaith an ganntanas spásanna cruthaitheacha inacmhainne ar fud na tíre. Bhí an easpa spáis ina bhac suntasach ar ealaíontóirí, rud a chuir srian lena gcumas saothar a chruthú agus a thaispeáint. Cabhróidh fógra an lae inniu le dul i ngleic leis an nganntanas criticiúil spásanna léirithe agus oibre d’ealaíontóirí ar fud na tíre”.
Nótaí don Eagarthóir:
Tá an Scéim fós oscailte le haghaidh iarratas agus tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas:
gov.ie - Na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus Maoiniú (www.gov.ie).
Is iad seo a leanas na cúig Údarás Áitiúla ar leithdháileadh maoiniú orthu faoin bhfógra inniu:
|
Deontaí |
Suíomh |
Méid an deontais € |
|
Comhairle Contae Fhine Gall |
Baile Brigín |
€300,000 |
|
Comhairle Contae Chill Chainnigh |
Baile Challainn |
€128,317 |
|
Comhairle Contae na Mí |
Sráidbhaile na hOibre |
€150,000 |
|
Comhairle Contae Ros Comáin |
An Caisleán Riabhach |
€ 81,959 |
|
Comhairle Contae Ros Comáin |
Mainistir na Búille |
€27,222 |
|
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas |
Leamhcán |
€300,000 |
|
Iomlán |
|
€987,498 |
Tá liosta iomlán na n-eagraíochtaí ar bronnadh deontais orthu faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí ar fáil ag Na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus Maoiniú