Téarmaí Formhuinithe bunaithe ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt le CTR Chlárlann Fearann IE mar bhainisteoir FBLT
- Foilsithe: 20 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 20 Aibreán 2026
Tá Téarmaí Formhuinithe bunaithe ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, le CTR Chlárlann Fearann IE (ar a dtugtar .IE), oibritheoir fhearann barrleibhéil tíre (FBLT) na hÉireann, rud a chuireann bonn foirmiúil leis an obair chomhoibríoch atá déanta le 25 bliain anuas.
Is cuideachta phríobháideach, sheachbhrabúsach í .IE, atá i mbun bainistíochta de facto ar na feidhmeanna teicniúla a bhaineann leis an bhfearann ‘.ie’ ón mbliain 2000.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Donovan TD:
Tá mé fíorshásta gur aontaigh CTR Chlárlann Fearann IE leis na Téarmaí Formhuinithe a mhol mo Roinn i ndiaidh an chomhairliúcháin a eagraíodh anuraidh. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas caidreamh níos láidre a chothú agus a fhorbairt idir rialtas na hÉireann agus a bhainisteoir náisiúnta FBLT. Ó tharla go mbeidh reachtaíocht á cur ar fáil amach anseo cosúil leis an mBille Náisiúnta Cibearshlándála, tá tábhacht ar leith ag baint le slándáil agus le sláine ár líonraí. Céim éifeachtach chun muinín a chinntiú as ár mbonneagar idirlín ar fud na hÉireann ná ár gcaidreamh leis an mbainisteoir FBLT a threisiú.
Le breis is 340,000 fearann cláraithe, tá níos mó fearann ‘.ie’ cláraithe ná líon na n-ainmneacha fearainn ‘.com’ atá faoi úinéireacht Éireannach nó á n-óstáil in Éirinn, fianaise gurb í ‘.ie’ an iarmhír is fearr le gnóthaí Éireannacha nua. I measc na mbuntáistí a bhaineann le fearann ‘.ie’ tá fianaise ar nasc follasach le hÉirinn agus, de bhrí go bhfuil aitheantas gach iarrthóra á bhailíochtú ag an bpointe cláraithe, glactar leis gur féidir a bheith an-mhuiníneach as fearann ‘.ie’.
I measc Théarmaí an Fhormhuinithe tá príomhphrionsabail nach mór don bhainisteoir FBLT glacadh leo, cosúil le gealltanas a thabhairt maidir le cur chuige ilpháirtithe leasmhara chun beartais a fhorbairt don ainm .ie; dea-chleachtais a chur chun feidhme i gcibearshlándáil ainm
fearainn agus i gcomhordú domhanda; agus, beartais oiriúnacha réitigh díospóidí a bheith bunaithe chun déileáil le cásanna cosúil le héilimh mhaoine intleachtúla.
CRIOCH
Nótaí don eagarthóir:
Is éard atá i gceist le FBLT ná fearann idirlín atá forchoimeádta ag Stát nó in úsáid ag Stát – in Éirinn, is éard atá i gceist ná an ‘.ie’ ag deireadh seoladh suímh gréasáin i mbarra uirlisí do bhrabhsálaí. Tá Éire ag baint úsáid as FBLT bríomhar a bhfuil meas air ó bunaíodh é sa bhliain 1988. Ag an am sin, bhí an Roinn Seirbhísí Ríomhaireachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) freagrach as an bhfearann a bhainistiú. In 2000, aistríodh an fhreagracht as bainistiú chlárlann .ie go dtí CTR Chlárlann Fearann IE (.IE) ar bhonn riaracháin.
Reáchtáil an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt comhairliúchán poiblí maidir le Téarmaí Formhuinithe do bhainisteoir FBLT na hÉireann ó Nollaig 2024 go dtí Feabhra 2025, agus bhí sé sin ag feidhmiú mar bhonn leis na téarmaí a bhfuil glactha leo anois.
Bhí 340,897 fearann cláraithe mar fhearainn ‘.ie’, ó bhí mí Aibreáin 2026 ann.
Chomh maith leis sin, thacaigh .IE le húsáid a bhaint as ainmneacha fearainn idirnáisiúnaithe (AFInna) do chustaiméirí ar mian leo an Ghaeilge a úsáid (ainmneacha le fada) ina n-ainm fearainn.
Bhí .IE ag tacú go láidir freisin le forbairt Fhóram um Rialachas Idirlín (FRI) na hÉireann, a reáchtáil a chéad imeacht anuraidh.
Tá beartas don fhearann .ie á fhorbairt trí choiste comhairleach beartais ilpháirtithe leasmhara. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar .ie | Clárlann oifigiúil ainmneacha fearainn .ie