Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíonn an Rialtas le hÚcránaigh Óga in Éirinn trí na hEalaíona agus tríd an gCruthaitheacht

Українська версія

Русская версия

  • Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí
  • Scileanna Sorcais i nGaillimh
  • Scéalaíocht Thraidisiúnta i Muineachán
  • Lego saor in aisce ar fáil i leabharlanna Chill Chainnigh
  • Ceardlanna ealaíne do theaghlaigh i Mainistir Fhear Maí
  • Eitleoga saor in aisce in Uíbh Fháilí
  • Ceardlanna i gCeardaíocht Úcránach Thraidisiúnta
  • Féile sa Veain: Seisiúin Cheoil Chomhroinnte
  • Fógrófar níos mó imeachtaí go luath

Bainfidh Úcránaigh óga atá ag teacht go hÉirinn leas anois as tacaíochtaí ealaíne agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce a bheidh ar siúl ar fud na tíre.

Tá clár Éire Ildánach ag tacú le himeachtaí saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga agus tá siad ag éascú rannpháirtíocht iomlán Úcránaigh óga ar bhealaí éagsúla. Tá go leor de na himeachtaí seo mar chuid de chlár gníomhaíochtaí Cruinniú na nÓg ar an 11 Meitheamh. Lá náisiúnta bliantúil lán le cruthaitheacht shaor in aisce do leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois is ea Cruinniú na nÓg, a bhfuil comhpháirtithe údaráis áitiúil páirteach ann.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl agus muid ag druidim leis an lá seo agus ar an lá féin beidh ranganna ceardaíochta saor in aisce, scéalaíocht, drámaíocht, ealaín, grúpaí súgartha Lego, ceachtanna déanamh bábóg agus ceardlanna sorcais. Tá tionscadail nua á gclárú an t-am ar fad agus mar sin moltar do thuisimitheoirí agus do chaomhnóirí an liosta a sheiceáil go rialta i gcomhair uasdátuithe. Féach an liosta thíos (sna Nótaí d’Eagarthóirí) chun cuntas ar na príomhimeachtaí a léamh a mbeidh seans ag leanaí agus daoine óga ón Úcráin páirt a ghlacadh iontu i mbliana. Tá léargas iomlán ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha do dhaoine óga de chuid na hÚcráine ar fáil ar www.creativeireland.gov.ie.

Tá príomhról ag an gComhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht rialtais a bhfuil sé de chúram uirthi na hEalaíona agus an Cultúr a fhorbairt, i dtacaíochtaí nua d'Úcránaigh óga atá ag teacht go hÉirinn. Leathnóidh an Chomhairle a prótacal um chostais rochtana chun a chinntiú go bhfuil scoileanna ar an eolas gur féidir leo cur isteach ar mhaoiniú breise chun aistriúchán nó seirbhísí rochtana eile a úsáid atá ag teastáil chun freastal ar riachtanais leanaí dídeanaithe agus imirceacha. Beidh an maoiniú seo ar fáil do gach scoil a ghlacann páirt i Scoileanna Ildánacha agus íocfar costais tacaíochtaí rochtana leis do leanaí agus daoine óga, a gcuid múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta. Cuirfidh sé ar a gcumas dul i gcomhairle le Comhlach Cruthaitheach a shanntar dá scoil nó le cleachtóirí cruthaitheacha eile a bhíonn ag obair leo mar chuid dá ngníomhaíocht i gclár Scoileanna Ildánacha. Tá an Chomhairle Ealaíon ag dul i gcomhairle leis na scoileanna sin a aithníodh mar scoileanna a bhfuil líon ard daltaí nua ón Úcráin iontu chun a chinntiú go bhfuil siad ag baint úsáid as na tacaíochtaí atá ar fáil.

Tá acmhainní agus forbairt ghairmiúil á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon dá 100 Comhlach Cruthaitheach chun cur ar a gcumas cuimsiú iomlán leanaí dídeanaithe agus imirceacha a chinntiú i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha na scoileanna. Áireoidh sé seo piarfhoghlaim i bpobail chleachtais agus ionchur agus saineolas ó eagraíochtaí eile a bhfuil taithí acu ar oibriú le dídeanaithe agus imircigh. Oibreoidh Comhpháirtithe Cruthaitheacha go dlúth le scoileanna chun tacú leo ar aistear na scoileanna ildánacha agus cuirfidh siad comhairle, tacaíocht agus treoir ar fáil do na scoileanna rannpháirteacha. Tá an obair seo ar siúl go leanúnach i bpobail chleachtais Chomhlach Cruthaitheach na Comhairle Ealaíon agus beidh sé mar chuid de gach imeacht oiliúna atá beartaithe do na Comhlaigh Chruthaitheacha go léir san fhómhar.

Ag fáiltiú roimh na tionscnaimh nua ar féidir leo cabhrú leis na mílte leanbh ón Úcráin atá in Éirinn anois, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

"Níor cheart d’aon leanbh uafás an chogaidh a fheiceáil ná a chloisteáil. Is é an rud is lú is féidir linn a dhéanamh d’Úcránaigh óga a thagann go tír nua agus anaithnid ná deiseanna a thabhairt dóibh a gcruthaitheacht a mhéadú, ar mhaithe lena bhfolláine agus lena n-oideachas féin. Tá sé iontach an oiread sin imeachtaí a fheiceáil i gclár Chruinniú na nÓg na bliana seo ar féidir leo rannpháirtíocht iomlán Úcránaigh óga a éascú. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le comhpháirtithe Éire Ildánach in údaráis áitiúla as na himeachtaí seo a phleanáil. Tá súil againn go dtabharfaidh an raon leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha seo deis do na daoine óga seo iad féin a chur in iúl, bualadh le daoine nua agus spraoi a bheith acu ar an 11 Meitheamh 2022.

"Ba mhian liom obair na Comhairle Ealaíon a mholadh chomh maith, eagraíocht atá ag obair go dlúth leis an aonad um chuimsiú sóisialta de chuid na Roinne Oideachais chun a chinntiú go bhfuil scoileanna ina bhfuil líon an-ard de leanaí dídeanaithe nó imirceacha ar an eolas faoin deis chun páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha."

Nótaí

Féach ar liosta de na príomh-imeachtaí a éascaíonn rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga ón Úcráin i gclár gníomhaíochtaí Chruinniú na nÓg ar fud na tíre i mbliana. Tá léargas iomlán ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ar fáil ar www.creativeireland.gov.ie.

Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí

Dé hAoine, an 11 Meitheamh – Dé Domhnaigh, an 12 Meitheamh

Mar chuid de Chruinniú na nÓg, chruthaigh Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí agus Gníomhaireacht Scannán Stát na hÚcráine liosta de scannáin lánfhada agus gearrscannáin Úcráinise atá oiriúnach do na daoine óga atá i bhfad ó bhaile anois. Tá an chuid is mó díobh in Úcráinis le fotheidil Bhéarla. Tá rogha leathan ann agus tá gach léiriú saor in aisce.

  • Myshko & Dzvinka - sraith de cheithre ghearrscannán 10 nóiméad atá oiriúnach do na luathbhlianta +
  • Clara, Victor Robot & Only A Miracle - 3 scannán lánfhada, ceann ar gach oíche den fhéile, lucht féachana ginearálta óg agus teaghlaigh
  • 210 Good Deeds - sraith de dhá ghearrscannán déag 8 nóiméad, lucht féachana ginearálta óg agus teaghlaigh
  • Assistant’s Mission – gearrscannán 15 nóiméad, lucht féachana ginearálta óg agus teaghlaigh
  • Stiúideo KAPI - 3 ghearrscannán beochana 12+

o o Come Oustide, Masha 12+

o o Papier-mâché 12+

o o Tiger is strolling round 12+

Léigh tuilleadh eolais faoi gach ceann de na scannáin agus eolas faoi áirithintí: https://nenaghchildrensfilmfestival.eventive.org/schedule?filterTags%5B62850cbfa681b800539eba1f%5D=true

Cill Chainnigh - Cruthaitheacht le Lego

Dé Sathairn, an 11 Meitheamh 2022

Ar an 11 Meitheamh 2022, reáchtálfaidh Seirbhísí Leabharlainne Chill Chainnigh ceardlanna Lego do leanaí idir 5-12 bhliain d’aois i Leabharlann Phort an Chalaidh agus Bhaile Mhic Andáin. Beidh siad seo á stiúradh ag cruthaitheoirí Lego a bhfuil taithí acu agus beidh siad samhlaíoch, ilchéadfach agus spraíúil. Beidh pacáistí Lego ar fáil freisin i ngach ceann de na 8 leabharlann i gCill Chainnigh. Cuirfidh sé seo rochtain mhéadaithe ar chruthaitheacht ar fáil do leanaí i suíomhanna tuaithe agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste trí lego saor in aisce le húsáid sa leabharlann.

https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/event/creative-lego-workshop/

Corcaigh - Ranganna ealaín agus dearadh cruthaitheach i dTeach Athbheochana Richmond

Dé Sathairn, an 28 Bealtaine, agus an 4 agus an 11 Meitheamh

Beidh colláis, tógáil 3D, tógáil potaí cré agus ranganna ceardaíochta Dream Catcher ar siúl i dTeach Athbheochana Richmond i lár Mhainistir Fhear Maí gach tráthnóna Dé Sathairn ón 21 Bealtaine go dtí an 11 Meitheamh 2022. Beidh ateangaire i láthair. Is féidir áit a chur in áirithe ar https://www.facebook.com/BlackwaterUkrainianSolidarityGroup/

Muineachán - Finscéalta agus miotais ónár gcultúr a fhiosrú trí scéalaíocht, drámaíocht agus ealaín

Dé Sathairn, an 11 agus Dé Domhnaigh, 12 Meitheamh idir 10 r.n. agus 4 i.n. i dTeach an Mhargaidh, Muineachán.

Cuireann an scéalaíocht ar chumas daoine óga saol samhlaithe a chruthú agus a athchruthú le chéile. I Muineachán, beidh ceardlann amharclainne a fhiosróidh scéalaíocht agus finscéalta do gach duine óg idir 12 bhliain agus 18 mbliana d’aois lena n-áirítear iad siúd atá tagtha ón Úcráin agus daoine óga a bhfuil cónaí orthu i Soláthar Díreach. Beidh an cheardlann seo á reáchtáil ag múinteoir drámaíochta agus scríbhneoir Eve Li agus an t-ealaíontóir Leanne McLaughlin. Cuirfear iompar ar fáil chuig agus ó na hionaid dóibh siúd a dteastaíonn sé uathu. Is féidir áit a chur in áirithe ar https://www.eventbrite.ie/e/330414918917

Uíbh Fhailí - Téimis ag Eitleogaíocht!

Tá 160 eitleog shaor in aisce ar fáil le bailiú ó na leabharlanna in Uíbh Fhailí. Nuair a bhaileofar iad, is féidir le daoine óga rochtain a fháil ar nasc YouTube le fotheidil Úcránacha - https://www.youtube.com/watch?v=15hCGMK5OeI - Anseo is féidir leo a n-eitleog mhaisithe uathúil féin a chruthú.

Uíbh Fhailí - Cruthaigh Clúdach Greannáin le Marta Boniakowska (ceardlann Bhéarla/Úcráinise)

Éist leis an ealaíontóir digiteach áitiúil Marta Boniakowska agus dear do chlúdach greannáin féin! Ceardlann speisialta dhátheangach Béarla/Úcráinise í seo.

Foghlaim conas carachtar cruthaithe a chur ar do dhearadh clúdaigh, chomh maith le conas clúdach greannáin a fhormáidiú, ag baint úsáide as teidil, dathanna agus aicsean chun beocht a chur i d'íomhá.

Nuair a bheidh do chlúdach greannáin críochnaithe agat, is féidir leat é a chur isteach sa Chomórtas ‘Cruthaigh Clúdach Greannáin’. Is é an 11 Meitheamh an spriocdháta, mar sin cuir d’iarratas isteach in aon Bhrainse de chuid Leabharlanna Uíbh Fhailí tar éis na ceardlainne.

Chun áit a chur in áirithe, cuir glaoch ar Leabharlann Bhiorra ar 0579124950 nó seol ríomhphost chuig birrlibrary@offalycoco.ie

https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/events/location/offaly/

Co. Lú – Ceardlann Cheardaíocht Úcránach

Dé Sathairn, an11 Meitheamh

Tugtar cuireadh do pháistí Éireannacha agus Úcránacha foghlaim conas bábóg thraidisiúnta Úcránach a dhéanamh – Berehynias i Leabharlann Dhroichead Átha ar an 11 Meitheamh 2022. Is bandia Slavach í Berehynia a raibh sé mar ról aici an baile a chosaint. Go traidisiúnta san Úcráin, cruthaítear na bábóga seo chun ádh agus rathúnas a thabhairt chuig do theach agus é a chosaint ó dhrochspiroaid agus ó dhaoine a bhfuil drochrudaí ar intinn acu. Cruthóidh na páistí bábóg Berehynia trí úsáid a bhaint as teicnící traidisiúnta déanta bábóg ón Úcráin agus ábhar nádúrtha in-athchúrsáilte.

Ealaíontóir Úcránach a bheidh i gceannas ar na ceardlanna, agus beidh ceann de na trí cheardlann do leanaí Úcránacha go sonrach. Tá an dá cheardlann eile oscailte do chách agus is féidir áit a chur in áirithe ar https://book.timify.com/?accountId=5f9a9eb964916511fcceae5f&hideCloseButton=true

Gaillimh – Ceardlanna Sorcais

25 Bealtaine – 11th Meitheamh

Tugtar cuireadh d’imircigh óga agus do theifigh ó idir 8 agus 17 mbliana d’aois a bheith páirteach i gCeardlanna Sorcais Pobail na Gaillimhe in Ionad Pobail Naomh Seosamh, Seantalamh, Gaillimh. Tá na ceardlanna seo go hiomlán saor in aisce. Ar siúl thar 5 seachtaine, beidh na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna bunúsacha sorcais. Bíonn ceardlanna ar siúl gach Domhnach ón 25 Bealtaine go dtí an 12 Meitheamh idir 12.30 i.n. agus 2 i.n. (aoiseanna 8–12) agus 2.45 i.n. agus 4.15 i.n. (aoiseanna 13–17).

Críochnófar na ceardlanna le Lá Oscailte Sorcais ar an 11 Meitheamh idir 10 r.n. agus 2 i.n., agus beidh teagascóirí Sorcais Pobail na Gaillimhe ag teagasc na scileanna sorcais atá foghlamtha acu do dhaoine eile. Níl aon trealamh speisialta ag teastáil ach caith éadaí compordach le do thoil. Is gníomhaíocht neamhiomaíoch, fhisiciúil agus chruthaitheach é an sorcas a mhúintear i spás sábháilte fáiltiúil. Foghlaim bunscileanna sorcais mar lámhchleasaíocht, lúthchleasaíocht, cothromaíocht agus go leor eile, bain taitneamh as spraoi cluichí sorcais agus déan cairde nua. Sa sorcas, tá rud éigin ar féidir le gach duine sult a bhaint as. Le háit a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig brady@galwaycircus.com le Cruinniú na nÓg sa líne ábhair.

Féile sa Veain - Úcranaigh in Éirinn: Seisiúin Cheoil Chomhroinnte

Ócáid ealaíon soghluaiste is ea Féile sa Veain, a oibríonn le gairmithe agus ealaíontóirí amharclainne, chun an t-áthas a bhaineann le taibhiú beo a thabhairt do phobail ar fud na hÉireann, lena n-áirítear pobail atá deacair a shroicheadh. Mar fhreagra ar Ghéarchéim na hÚcráine, chruthaigh Féile sa Veain imeacht nua – Na Seisiúin Cheoil Chomhroinnte. Beidh na himeachtaí seo ar siúl ó Mheán Fómhair 2022 i 10 gcontae agus is seisiúin chomhroinnte a bheidh iontu. Tabharfar cuireadh do cheoltóirí ón Úcráin dul ar stáitse sa Veain agus taibhiú, mar ealaíontóirí aonair, nó le ceoltóirí Éireannacha. Mar sin eispéireas comhroinnte a bheidh sna seisiúin do chách.