Taifid Dhaonáireamh 1926 foilsithe ag an gCartlann Náisiúnta
- Foilsithe: 18 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 18 Aibreán 2026
Imeacht oifigiúil an Stáit ag Caisleán Bhaile Átha Cliath chun eisiúint an chéad Daonáireamh in Éirinn tar éis bhunú an tSaorstáit a chomóradh
Taispeántas tábhachtach arna sheoladh ag an Taoiseach agus ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
Ceiliúradh foilseachán thaifid Dhaonáireamh 1926 den chéad uair ag imeacht oifigiúil an stáit ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ag an Taoiseach Micheál Martin TD, agus ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O’Donovan TD. Eisíodh go hoifigiúil taifid Dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta ag meán oíche, i ndiaidh éag na tréimhse céad bliana óna bhfoilseachán faoin Acht Staidrimh, 1993.
Eisiúint Dhaonáireamh 1926
Cuireadh an daonáireamh iomlán ar fáil gan srian agus go hiomlán inchuardaithe ag an gCartlann Náisiúnta ar www.nationalarchives.ie, ag meán oíche. Sna taifid a eisíodh le déanaí, tá acmhainn nach bhfacthas riamh cheana, lena ligtear d’úsáideoirí tuairisceáin teaghlaigh mhionsonraithe ó 1926 a nascleanúint ar bhealach éifeachtúil.
Ba thionscadal nach beag é don Chartlann Náisiúnta agus don Stát Daonáireamh 1926 a ullmhú don phobal, arna thacú ag infheistíocht €5 milliún ón Rialtas. Bhí caomhnú cúramach, buanchoimeád, digitiú ardtaifigh, agus tras-scríobh ar bhreis agus 750,000 tuairisceán teaghlaigh agus áiritheora ar leith i gceist leis an tionscnamh, a thóg beagnach trí bliana.
Agus é a labhairt ag Caisleán Bhaile Átha Cliath inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD:
“Is mór an onóir dom eisiúint oifigiúil Dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta a chomóradh, an chéad daonáireamh arna thugadh faoi ag Saorstát Éireann.
Nuair a smaoinímid siar go 1926, deich mbliana i ndiaidh Éirí Amach na Cásca agus i ndiaidh deich mbliana de choimhlint agus réabadh; ó Chogadh na Saoirse go Cogadh na gCarad, léirítear i nDaonáireamh 1926 an uaillmhian a bhí ag an stát nua chun tabhairt faoi dhaonáireamh den 2.9 milliún duine a bhí ag maireachtáil in Éirinn mar chuid den chlár tógála náisiún a bhí ar bun, agus ba chinneadh ceannasach agus aislingeach é an méid sin a chur i gcrích chomh luath sin i ndiaidh an neamhspleáchais. Mar sin, léirítear i nDaonáireamh 1926 tréimhse stairiúil agus Éire nua á forbairt.
“Cuirtear rud éigin thar a bheith pearsanta ar fáil le heisiúint Dhaonáireamh 1926 do dhaoine ar fud na hÉireann. Ligtear dúinn dul siar in am agus buaileadh lenár dteaghlaigh, lenár gcomharsana agus lenár bpobail féin de réir mar a bhí siad beagnach céad bliain ó shin. Aistrítear an stair ó ábhar teibí go hábhar laethúil agus nithiúil.”
Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O’Donovan TD leis:
“Is lá suntasach é seo don tír agus dár ndiaspóra mar is féidir linn na taifid faoin saol mar a bhí in 1926 a fheiceáil den chéad uair riamh. Ba mhian liom comhghairdeas a ghabháil leis an bhfoireann ag an gCartlann Náisiúnta as obair na gcapall a dhéanamh chun an lá seo a bhaint amach – ní hamháin na taifid a chatalógú go cúramach agus iad a chaomhnú do na glúnta amach romhainn, ach clár cuimsitheach gníomhaíochtaí a chur le chéile chomh maith chun ligean do dhaoine an chuid thábhachtach seo dár stair féin a phlé.
“Cinnte, tá breis agus 1,000 duine ar an saol inniu ar a ndearnadh taifead orthu i nDaonáireamh 1926. Cuireann na daoine sin dearcadh uathúil, beo ar fáil de shaol na hÉireann le céad bliain anuas. Seoladh Clár Ambasadóirí Céad Bliain ag an gCartlann Náisiúnta anuraidh, lena ngabhtar léiriúcháin bunaithe ar thaithí pearsanta na ndaoine atá chun a dtaifid teaghlaigh bunaidh a fheiceáil curtha ar fáil don phobal inniu. Is iontach an rud é roinnt dóibh a fheiceáil i láthair anseo inniu.”
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride, a bhí ag labhairt ag an seoladh chomh maith:
“De réir mar a osclaímid na taifid daonáirimh seo don phobal, tugaimid onóir do na daoine a bhí ann romhainn agus léirímid meas ar a n-acmhainneacht, a n-uaillmhian agus an méid a chur siad le hÉirinn mar atá sí inniu.
Níos tábhachtaí fós, cuirtear i gcuimhne dúinn inniu nach bhfuil stair na hÉireann le haimsiú in imeachtaí móra nó i gclocha míle polaitiúla amháin — aimsítear an stair in eispéiris saoil na ndaoine. Léirítear saol, aonad teaghlaigh, scéal daonna comhroinnte i ngach iontráil den daonáireamh agus le chéile fabhraítear creatlach ár náisiúin.”
Chuir Ard-Stiúrthóir an Phríomh-Oifig Staidrimh Jennifer Banim leis sin:
“Is taifead ar an am atá thart é an Daonáireamh, beart den lá inniu agus plean don todhchaí. Léiríonn scaoileadh inniu thaifid Dhaonáireamh 1926 an luach a bhaineann leis na sonraí seo a bhailiú agus a chaomhnú. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair den scoth na Cartlainne Náisiúnta, agus dóibh siúd go léir sa Phríomh-Oifig Staidrimh, a chuir leis an scaoileadh stairiúil seo. Táimidne sa Phríomh-Oifig Staidrimh bródúil as leanúint leis an traidisiún fada daonáirimh in Éirinn agus Daonáireamh 2027 ag soláthar rogha ar líne den chéad uair, rud a bhaineann amach sprioc tábhachtach eile i stair an stáit.”
Taispeántas Ár Scéal Féin
Chun eisiúint dhaonáireamh 1926 a cheiliúradh, tá taispeántas mór oscailte ag an gCartlann Náisiúnta lena bpléitear an saol mar a bhí in Éirinn nua-neamhpleách in 1926. Trí dhoiciméid agus íomhánna comhaimseartha, taispeántais chlosamhairc agus, thar aon ní eile, tuairisceáin an daonáirimh féin a úsáid, pléitear in Ár Scéal Féin daonáireamh 1926 chun léargas den saol in Éirinn in 1926 a chur i láthair: ó spórt agus siamsaíocht go teanga, cultúr, creideamh, inscne agus saol oibre lucht cónaithe Shaorstát Éireann céad bliain ó shin.
Beidh an taispeántas, arna oscailt go hoifigiúil ag an Taoiseach agus ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt inniu, ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ar oscailt don phobal ón 19 Aibreán go dtí an 15 Lúnasa 2027.
Beidh an taispeántas le fáil i Londain agus i mBostún, roimh dhul ar camchuairt ar fud na hÉireann, mar chuid de chomhpháirtíocht le deich n-údarás áitiúil, agus beidh sé ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chomh maith i mí Mheán Fómhair.
Ambasadóirí Céad Bliain
I measc na ndaoine a d‘fhreastail ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn bhí cuid de na ‘hAmbasadóirí Céad Bliain‘ a fógraíodh níos luaithe an tseachtain seo. Sa chlár, gabhadh léiriúcháin bunaithe ar thaithí phearsanta na ndaoine a bhí ar an saol nuair a rinneadh an daonáireamh in 1926, lena gcuirtear dearcadh uathúil agus thar a bheith spéisiúil ar fáil faoi shaol na hÉireann le céad bliain anuas. Chuaigh beagnach 100 duine i dteagmháil leis an gCartlann Náisiúnta i rith an chláir agus tá cónaí ar an 48 ambasadóir a roghnaíodh ar fud na hÉireann, mar aon leith i Meiriceá Thuaidh, sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil chomh maith.
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride,
“Ní bhaineann an daonáireamh le liostaí ná le huimhreacha riamh, is éard atá ann ná ár scéal féin. Baineann sé leis na daoine a bhí ag maireachtáil in Éirinn in 1926 agus a sleachta go léir sa lá atá inniu ann. I rith an tionscadail seo, bhí sé mar aidhm againn a chinntiú go mbainfí amach an oiread daoine agus is féidir in Éirinn agus ar fud na cruinne chun na scéalta, an fhaisnéis agus na ceangail daonna a nochtadh ag an daonáireamh trí na hambasadóirí céad bliain, an taispeántas seo, an leabhar agus na gnéithe eile go léir dár gclár leathan don phobal.”
Clár don Phobal níos Leithne
Mar aon leis an taispeántas, tá roinnt príomhghnéithe eile san áireamh i gclár Dhaonáireamh 1926 don phobal.
Foilsíodh leabhar nua, The Story Of Us - Independent Ireland and the 1926 Census ag Irish Academic Press agus tá sé ar fáil le ceannach anois. Sa leabhar, le hábhar ó phríomhbhaill d’fhoireann na Cartlainne Náisiúnta agus ó phríomhstaraithe sóisialta, faightear roinnt dearcthaí uathúla faoin daonáireamh agus faoi Éirinn mar a bhí ag an am.
Ar an 4 Meitheamh, beidh Comhdháil Exploring the 1926 Census, le clár iomlán lae d’eochairléachtaí, de phainéil théamacha, agus de dhíospóireachtaí ina bpléifear an daonáireamh mar cháipéis stairiúil agus mar acmhainn na linne seo, á hóstáil ag an gCartlann Náisiúnta i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí.
Beidh 'The Good Luck Club’, á léiriú ag ANU Productions, ar siúl ar an láthair ag an gCartlann Náisiúnta, ag oscailt ar an 27 Bealtaine, agus craolfar sraith faisnéise dhá chuid, Come to your Census, ar theilifís RTÉ an mhí seo chugainn, agus eisíodh sraith phodchraolta sé chuid de chuid RTÉ a ghabhann léi inniu.
Sonraí iomlána faoi Thuras an Taispeántais
Taispeántas Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
- Baile Átha Cliath – Caisleán Bhaile Átha Cliath, 18 Aibreán 2026 – 15 Lúnasa 2027 (NB. Osclaítear don phobal ar an 19 Aibreán. Beidh Caisleán Bhaile Átha Cliath dúnta don phobal mar gheall ar Uachtaránacht an AE ón 15 Meitheamh go deireadh 2026)
- Londain – British Academy, 24 Aibreán – 15 Bealtaine 2026
- Bostún – Boston College, 13 Bealtaine – 6 Meán Fómhair 2026
Taispeántas ar Camchuairt ar fud Éireann
- An Mhí – Ionad Pobail Mhuire, An Uaimh, 12 Meitheamh – 2 Iúil 2026
- Cill Dara – Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis, 4 – 28 Iúil 2026
- Corcaigh – St. Peter’s, Corcaigh, 7 – 27 Iúil 2026
- Port Láirge – An Lárleabharlann, Cathair Phort Láirge, 1 – 20 Lúnasa 2026
- Loch Garman – Comhairle Contae Loch Garman, Halla an Chontae, 3 – 22 Lúnasa 2026
- An Iarmhí – Foirgnimh Chomhairle Contae na hIarmhí, 24 Lúnasa – 5 Meán Fómhair 2026
- An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta – An Screagán, Co. Uíbh Fhailí, 15 – 17 Meán Fómhair 2026
- Ciarraí – Leabharlann Chiarraí Trá Lí, 1 – 17 Deireadh Fómhair 2026
- Luimneach – Oifigí na Cathrach, Cé na gCeannaithe, 2 – 16 Deireadh Fómhair 2026
- Tiobraid Árann – The Source Arts Centre, Durlas, 2 – 21 Samhain 2026
Dún na nGall – Iarsmalann Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, 25 Samhain – 20 Nollaig 2026
Maidir le Cartlann Náisiúnta na hÉireann
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a taifead scríofa. Faigheann agus cosnaíonn sí taifid phoiblí na hÉireann, rud a chinntíonn a n-infhaighteacht mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ón Meánaois go dtí bunú Shaorstát Éireann i 1922 agus isteach sa ré nua-aimseartha.