Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Catherine Martin clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022

Clár cuimsitheach, íogair agus fiúntach chun cuimhneamh ar an tréimhse chasta agus phianmhar seo inár gcuid staire, ina n-aithnítear dlisteanacht gach traidisiún agus ina léirítear ómós don chóimheas agus don bharántúlacht stairiúil

  • Comóradh stáit i gcuimhne ar gach duine a chaill a mbeatha le linn an Chogaidh Chathartha;
  • Comhdháil náisiúnta acadúil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, chun gach gné den tréimhse seo a scrúdú agus a phlé;
  • Scéim sparánachtaí nua, faoi stiúir Acadamh Ríoga na hÉireann, chun taighde bunaidh áitiúil a spreagadh agus chun aitheantas a thabhairt do chuidiú suntasach ó staraithe áitiúla;
  • Maoiniú leanúnach chun tacú lenár gcomhpháirtithe údaráis áitiúil chun cláir chomórtha faoi stiúir an phobail a fhorbairt, cuirfear €2 mhilliún ar fáil in 2022;
  • Tionscnaimh shuntasacha agus shamhlaíocha faoi stiúir ár bhForais Náisiúnta Cultúir, lena n-áirítear taispeántais mhóra, cláir dhigiteacha agus for-rochtana, agus coimisiúin in Ard-Mhúsaem, i gCartlann Náisiúnta, i Leabharlann Náisiúnta, i nGailearaí Náisiúnta agus i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus i nGailearaí Ealaíne Crawford;
  • Comhpháirtíocht mhór nua €2.65m leis an gComhairle Ealaíon chun tacú le coimisiúin uaillmhianacha de shaothair nua spreagúla agus comhshaothair nuálaíocha idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí náisiúnta ar fud na tíre;
  • Seoladh Thar 2022 Amach|Taisce Fíorúil Thaifid na hÉireann – mórthionscadal oidhreachta le haghaidh Dheich mBliana na gCuimhneachán;
  • Infheistíocht mhórscála chun tacú le RTÉ ábhar nua cultúrtha agus stairiúil a chruthú, lena n-áirítear cláir ilardáin do Bhaintreacha na Réabhlóide agus an Chogaidh Chathartha;
  • Infheistíocht leanúnach i Mná 100, le hábhar nua bunaidh beartaithe do 2022, lena n-áirítear podchraoltaí, seimineáir gréasáin, ailt agus go leor eile;
  • ‘Filíocht chun Comóradh a Dhéanamh’, tionscadal nua faoi stiúir Chartlann Léamh Filíochta na hÉireann i Leabharlann COBÁC, lena n-áirítear ceardlanna filíochta agus scríbhneoireacht chruthaitheach ar fud na tíre.

D’fhoilsigh an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022 ar líne inniu (23 Feabhra 2022).

Leithdháil an Rialtas €5 mhilliún ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú le seachadadh an chláir chomórtha tras-rialtais i mbliana – ag coinneáil leibhéil mhaoinithe ar aon chéim le leithdháileadh na bliana seo caite. Tá comhpháirtithe stáit agus eagraíochtaí eile ag cur maoiniú ar fáil freisin óna gcuid acmhainní féin chun tacú le tionscnaimh agus le cláir.

Áirítear ar na céad chomóradh suntasach a tharlóidh i mbliana:

  • Bunú an Stáit. I gcomhréir le treoir an tSainghrúpa Chomhairligh, déanfar comóradh air seo mar phróiseas seachas mar imeacht amháin agus cuimseoidh sé dhá phríomhimeacht comórtha céad bliain:

- Tabhairt ar Lámh Chaisleán Bhaile Átha Cliath - reáchtáladh imeachtaí, lena n-áirítear comóradh Stáit ar an 16 Eanáir chun an comóradh céad bliain seo a cheiliúradh; agus

- Bunú foirmiúil Shaorstát Éireann, Nollaig 2022

  • An Cogadh Cathartha
  • Scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann ag na Ceithre Cúirteanna, i gcéad chomhrac an Chogaidh Chathartha. Seolfar Thar 2022 Amach|Taisce Thaifid Fhíorúla na hÉireann roimh an gcomóradh céad bliain seo ar 30 Meitheamh 2022.
  • Bunú fhorais éagsúla de chuid Shaorstát Éireann

Tá ceithre shnáithe théamacha sa chlár; Searmanas Stáit, Iniúchadh Stairiúil, Pobal agus agus Samhlaíocht Chruthaitheach. Leanfaidh comhpháirtithe stáit, údaráis áitiúla, forais náisiúnta cultúir, institiúidí foghlama, caomhnóirí taifead, eagraíochtaí meán agus craolacháin, ealaíontóirí agus pobail chruthaitheacha, leis an ról ceannaireachta atá acu maidir le tionscnaimh a choimeád chun tacú le rannpháirtíocht phoiblí leis na cuimhneacháin seo agus téamaí gaolmhara atá measúil, cuimsitheach agus fiúntach.

Beidh cruinneas stairiúil, ardchaighdeán acadúil agus fionnachtain chartlainne fós ina bpríomhphrionsabail mar bhonn faoin gclár don tréimhse chuimhneacháin atá le teacht. Tá sí mar aidhm ag an gclár deiseanna spéisiúla agus samhlaíocha a chruthú a spreagann a oiread daoine agus is féidir machnamh a dhéanamh ar ár stair chomhroinnte agus ar cé chomh casta is atá sí, i dtimpeallacht mheasúil agus thacúil.

Ag labhairt roimh an seoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Ó thaobh comórtha de, bliain thábhachtach agus íogair a bheidh in 2022 agus muid ag cuimhneamh ar chéad bliain ó thosaigh an Cogadh Cathartha i mí an Mheithimh.

"Is é cuspóir Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán ná deiseanna a sholáthar le haghaidh rannpháirtíocht mheasúil agus fhiúntach gach duine a bhfuil spéis acu sa tréimhse chomórtha seo agus béalaí a sholáthar ar féidir le saoránaigh ag gach aois plé a dhéanamh ar ár stair chomhroinnte.

"Beidh cur chuige an Stáit maidir leis an tréimhse dheiridh seo de chuimhneacháin bunaithe i gcónaí ar na treoirphrionsabail a leag an Sainghrúpa Comhairleach do na Cuimhneacháin Chéad Bliain síos agus ar an éiteas measúil agus barántúil, atá i gcroílár Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.”

Duirt an Tánaiste, Leo Varadkar TD:

“Bliain thar a bheith tábhachtach is ea í 2022 i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Déanfaimid comóradh ar 100 bliain ó bunaíodh an Stát, ar bhásanna Michael Collins, Arthur Griffith agus Cathal Brugha, ar Thoghchán an Chonartha agus ar bhriseadh amach Chogadh an gCarad. Déanfaimid comóradh ar bhealach tuisceanach, ionchuimsitheach agus barántúil a spreagfaidh machnamh agus plé gan cur in éadan dílseachtaí aon duine.

"Trí mheáin éagsúla, mar shampla, an fhilíocht agus podchraoltaí, taighde áitiúil agus taispeántais ealaíne, féachfaimid ar bhunú an Stáit mar aon le héachtaí agus imeachtaí léanmhara na tréimhse sin. Ar an mbealach seo, is féidir leis an Stát, lenár n-insitiúidí cultúrtha agus oideachais agus lenár bpobail comóradh measúil a dhéanamh agus teachtaireacht a thabhairt faoi Éirinn sa lá atá inniu ann agus faoi stair na tíre seo.”

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“D’oibrigh daoine ar fud an Rialtais ar an gclár iontach seo a fógraíodh inniu, ina bhfuil comhpháirtíochtaí náisiúnta agus áitiúla, agus cuidiú ó ghrúpaí ealaíon agus cultúrtha agus institiúidí foghlama. Tugann 2022 deis thráthúil dúinn mar thír atá tar éis teacht in aibíocht machnamh a dhéanamh ar roinnt de na cuimhneacháin chéad bliain agus na téamaí dúshlánacha a bhain le 1922 lena n-áirítear cogadh cathartha atá piamhar dúinn fós. Is féidir linn breathnú ar na himeachtaí seo le súile úra, tacaithe ag saibhreas scoláireachta agus acmhainní – atá ar cheann d’oidhreachtaí móra Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.”

Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Shainghrúpa na gCuimhneacháin Chéad Bliain:

“Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, léirigh muintir na hÉireann go soiléir dúinn conas ba mhaith leo go gcuimhneofaí ar na himeachtaí seo – le macántacht, ionracas, meas agus anailís fhíorasach. Ba mhaith le daoine a bheith in ann an t-eolas agus an fhianaise maidir leis na himeachtaí stairiúla a tharla a mheas agus teacht ar a gconclúidí féin. Cuimsíonn clár 2022 saibhreas scoláireachta, taighde nua, agus féachaint i gcartlann náisiúnta agus áitiúil. Tá siad seo fós ina dtacaíochtaí riachtanacha do gach duine agus a mbealaí féin á ndéanamh acu tríd na cuimhneacháin. I ngach rud a dhéanaimid, tá freagracht orainn go léir an spiorad oscailte, cuimsitheach, flaithiúil agus comhoibríoch cuimhneacháin ar éirigh chomh maith sin leis le blianta beaga anuas a chosaint.”

Cuimsíonn an clár comórtha do 2022 éagsúlacht shaibhir tionscnamh – gach ceann díobh coimeádta go cúramach chun spás a chruthú inar féidir le daoine a bheith saor chun plé a dhéanamh ar a gcuid staire, ag machnamh ar thábhacht agus ar oidhreacht na n-imeachtaí a tharla céad bliain ó shin. Soláthróidh comhpháirtíochtaí agus gníomhaíochtaí nua deiseanna chun cuimhneacháin an chomórtha agus téamaí gaolmhara a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh orthu.

Tá an clár bunaithe ar threoirphrionsabail agus ar chomhairle Shainghrúpa Comhairleach na gCuimhneacháin Céad Bliain. Agus an Clár á fhorbairt, chuathas i gcomhairle chomh maith leis an nGrúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí ar Chuimhneacháin, a bhfuil an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina cathaoirleach air.

Is doiciméad beo é an clár agus déanfar é a nuashonrú tuilleadh de réir mar a dheimhnítear tionscnaimh agus tionscadail nua. I measc bhuaicphointí an chláir tá:

  • Seolfar comhpháirtíocht nua leis an gComhairle Ealaíon (Ealaín: 2023) sna seachtainí atá romhainn chun tacú le mórchlár nua um choimisiúnú ealaíonta d’ealaíontóirí ó gach seánra agus cúlra. Beidh scéim rannpháirtíochta mar chuid den chomhpháirtíocht seo freisin a thacóidh leis na healaíona náisiúnta agus le forais shibhialta le cleachtóirí cruthaitheacha chun freagairt do phríomhthéamaí Dheich mBliana na gCuimhneachán trí sheánraí ealaíne éagsúla. D’fhéadfadh sé seo deis a thabhairt d’ealaíontóirí thar raon leathan disciplíní, chun dul i ngleic le téamaí casta agus dúshlánacha ar bhealach spéisiúil.
  • Reáchtálfaidh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh comhdháil acadúil náisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar chuimhneachán an chogaidh chathartha ón 15 go dtí an 18 Meitheamh 2022. Cuirfidh an ócáid ceithre lá seo fóram ar fáil chun gnéithe éagsúla den choinbhleacht a phlé. Roinnfidh scoláirí ó raon disciplíní a mbreithiúnais agus a dtuairimí eolasacha ar Chogadh Cathartha na hÉireann.
  • Seoladh Thar 2022 Amach|Taisce Thaifid Fhíorúla na hÉireann i mí an Mheithimh – tionscadal comhoibríoch spreagúil oidhreachta uile-oileáin agus idirnáisiúnta le haghaidh Dheich mBliana na gCuimhneachán, faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Déanann an tionscadal athshamhlú agus athchruthú, trí réaltacht fhíorúil, ar Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, a scriosadh le linn chéad chomhrac an Chogaidh Chathartha agus na bailiúcháin chartlainne a cailleadh sa tine sin, ina raibh taifid ar sheacht gcéad bliain de stair na hÉireann, ginealas agus riarachán. Úsáidfear an múnla seo mar uirlis idirghníomhach le haghaidh rannpháirtíochta agus taighde, trína mbeidh cuairteoirí in ann na seilfeanna fíorúla a bhrabhsáil agus nasc a dhéanamh le taifid tharrtháilte nó ionaid atá i gcartlanna agus leabharlanna ar fud an domhain. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar https://beyond2022.ie/
  • Taispeánfaidh ár bhForais Náisiúnta Cultúir go léir cláir nua spreagúla i rith na bliana, lena n-áirítear caomhnú agus foilsiú dhialanna Uí Choileáin sa Chartlann Náisiúnta; taispeántas nua san Ard-Mhúsaem ag díriú ar íomhánna ón ré réabhlóideach ó 1913 go 1923 in Éirinn agus íomhánna d’Éireannaigh agus de mhná i gcoimhlint thar lear (An Chéad Chogadh Domhanda); Ag Nochtadh Staire – léireoidh sraith nua físeán agus cás-staidéar an chaoi ar féidir leis na bailiúcháin scéal na ndeich mbliana a insint. Tá taispeántais agus cláir spreagúla nua á gcoimeád i nGailearaí Ealaíne Crawford, Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.
  • Mar fhreagra ar éileamh an phobail atá ag méadú ar acmhainní ar líne agus tionscnaimh dhigiteacha ghaolmhara, déanfar forbairt ar roinnt tionscadail dhigiteacha shuntasacha in 2022, tionscnaimh a bheidh Leabharlann, Cartlann agus Cartlann Mhíleata na hÉireann i gceannas orthu, i measc eile. Leanfaidh an Stát le tacú le tionscnaimh faoi Shraith an Phobail a spreagann taighde leanúnach agus rochtain neamhshrianta poiblí ar fhoinsí stairiúla barántúla, foinsí áitiúla cartlainne, taighde agus scoláireacht áitiúil.
  • Tá €50,000 ceadaithe do gach údarás áitiúil faoi Shraith an Phobail chun tacú lena gcláir chomórtha do 2022, agus tá ciste forlíontach de €450,000 ar fáil chun breis tacaíochtaí a sholáthar d’údaráis áitiúla a bhfuil riachtanais bhreise aitheanta acu maidir le cuimhneacháin a bhfuil tábhacht áitiúil leo agus tionscadail níos mó eile, lena n-áirítear tionscnaimh thrasteorann.
  • Beidh taispeántais Ealaíontóirí Cónaithe agus cláir for-rochtana ar siúl i rith na bliana i gCartlann, Leabharlann, Músaem agus Cartlann Mhíleata na hÉireann mar aon le tionscadal Thar 2022 Amach.
  • Osclófar scéim sparánachtaí nua i mbliana, faoi stiúir Acadamh Ríoga na hÉireann, agus bronnfar dámhachtainí in 2022 agus in 2023. Díreoidh scéim na sparánachtaí ar thaighde nua áitiúil agus staidéar staire áitiúil a spreagadh chun scrúdú fiúntach a ghríosadh ar imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus chun obair thábhachtach na staraithe áitiúla le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán a aithint.

Tá sonraí ar an raon iomlán tionscnamh agus gníomhaíochtaí pleanáilte leagtha amach faoi gach ceann de na snáitheanna téamacha de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is féidir an clár iomlán do 2022 a fheiceáil ar líne nó a íoslódáil anseo: Decade of Centenaries Programme