Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Togra reachtach fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan chun níos mó cearta a thabhairt do thomhaltóirí maidir le harduithe ar phraghsanna seirbhísí fóin póca agus leathanbhanda

Tá cead faighte ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., ón Rialtas inniu reachtaíocht a fhógairt a thabharfaidh níos mó cearta do thomhaltóirí nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le harduithe ar phraghsanna seirbhísí fóin póca agus leathanbhanda.

Agus cead an Rialtais á fhógairt aige, dúirt an tAire O'Donovan:

Cabhróidh an reachtaíocht bheartaithe le cothromaíocht a chinntiú do thomhaltóirí trí níos mó cosanta agus cinnteachta a chur ar fáil dóibh. Cuirfidh sé iallach ar sholáthróirí fóin póca fógra roimh ré agus ceart imeachta a thabhairt do thomhaltóirí nuair a úsáidtear clásail faoi leith, rud a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí an tairiscint is fearr a oireann dá gcuid riachtanas féin a chuardach ar an margadh.

Is iomaí soláthróir seirbhísí fóin póca agus leathanbhanda a úsáideann clásail arduithe praghais i gconradh (ICPI) chun praghsanna seirbhísí cumarsáide leictreonacha a ardú. Go hiondúil, fógraítear na harduithe sin san earrach gach bliain, mar atá tarlaithe le blianta beaga anuas.

Faoi láthair, mar gheall ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais Eorpaí, ní thugann úsáid na gclásal seo chun praghsanna a ardú ceart imeachta as conarthaí do thomhaltóirí gan phionós.

Ciallaíonn sé sin, faoi láthair, gur féidir le tomhaltóirí a bheith faoi réir ardú praghais amháin ar a laghad gan ceart imeachta gan phionós le linn an chonartha a bheith acu. Maidir le conarthaí 24 mí, an t-uasfhad conartha atá ceadaithe faoin gcreat rialaithe agus an gnáthfhad a bhíonn ag go leor conarthaí, d’fhéadfadh dhá ardú praghais a bheith ann gan ceart imeachta gan phionós.

Cruthóidh an reachtaíocht bheartaithe ceart imeachta reachtúil gan phionós sa chás gurb é an clásal ICPI an mheicníocht a úsáidtear chun an praghas a ardú. Tráth a bhfuil brú leanúnach ann ón gcostas maireachtála, tá sé d’aidhm ag an mbeart seo

cabhrú le tomhaltóirí níos mó smachta a bheith acu ar an méid a chaitheann siad ar sheirbhísí fóin póca agus leathanbhanda.

Dúirt an tAire:

Tráth a bhfuil tionchar ag costais maireachtála níos airde ar go leor daoine, táimid ag iarraidh níos mó smachta a thabhairt do thomhaltóirí agus cabhrú leo a gcuid costais fóin póca agus leathanbhanda a bhainistiú go muiníneach.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Is clásal conarthach é clásal ICPI a chuireann ar chumas an tsoláthróra an praghas a íocann tomhaltóir ar a chuid seirbhísí a ardú i rith an chonartha.

Nuair a thug soláthróirí isteach ar dtús iad, rinneadh na harduithe praghais sin go ginearálta bunaithe ar athruithe sa phraghasinnéacs tomhaltóirí (CPI), nó bunaithe ar athruithe CPI den chineál sin móide céatadán breise (“CPI+X%). Mar sin féin, tháinig treocht nua chun cinn le gairid ina n-úsáidtear an clásal ICPI chun an praghas a íocann tomhaltóir a mhéadú i méideanna seasta (sa mhí) i rith an chonartha.

Tháinig úsáid na gclásal sin chun cinn tar éis rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2015, inar luadh nárbh ionann clásal coigeartaithe praghais bunaithe ar mhodh innéacsaithe atá soiléir, cuimsitheach agus inrochtana go héasca, a d’eascair as cinntí agus sásraí Stáit, agus modhnú ar an gconradh lena gceadófaí do chustaiméir tarraingt siar as gan phionós faoin gceart sonrach dá bhforáiltear i ndáil le hathruithe ar chonarthaí leis an gcreat rialála.

Ní dhéanfaidh an reachtaíocht bheartaithe an ICPI i gconarthaí seirbhíse cumarsáide leictreonaí a thoirmeasc; ina ionad sin, tabharfaidh sé ceart imeachta gan phionós do thomhaltóirí má úsáidtear na clásail seo chun praghas an chonartha a ardú. Spreagfaidh athrú ar phraghas trí chlásal ICPI cearta imeachta a thabhairt, seachas an clásal féin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat