Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an Seanadóir David Norris cuairt ar an gCartlann Náisiúnta chun taifid a bhaineann lena chás suntasach, David Norris V Éire, a fheiceáil ar taispeáint mar chuid de Sheachtain an Bhróid

Thug an Seanadóir David Norris cuairt ar an gCartlann Náisiúnta inniu chun taifid a fheiceáil a bhaineann leis an gcás suntasach a bhí aige in 1988 sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, David Norris V Éire. Tá na taifid ar taispeáint go poiblí den chéad uair mar chuid de Sheachtain an Bhróid.

Baineann comhaid na Roinne Gnóthaí Eachtracha leis an gcás rathúil a thug sé i gcoinne choiriú na hÉireann ar ghníomhartha homaighnéasacha áirithe idir fir fásta toilteanacha. Chruthaigh a chás gur sháraigh coiriú na n-achtanna seo Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Mar thoradh ar an gcás rathúil seo díchoiríodh an homaighnéasachas in Éirinn.

In 1977 níor éirigh leis an Seanadóir Norris an tArd-Aighne a thabhairt chun na hArd-Chúirte maidir le coir a dhéanamh ar ghníomhartha homaighnéasacha agus rinne sé a chás a achomharc chuig Cúirt Uachtarach na hÉireann. In 1983 sheas an Chúirt Uachtarach le bunreachtúlacht an dlí a bhí ann. Rinne David Norris achomharc i gcoinne chinneadh Chúirt na hÉireann chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in 1983 agus rinne an Chúirt seo breithiúnas ina fhabhar in 1988. Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.

Ag labhairt ag imeacht an lae inniu, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir an Chartlann Náisiúnta:

“Mar thoradh ar mhisneach diongbháilte David Norris breis agus tríocha bliain ó shin tharla ceann de na hathruithe is claochlaithí i ndlí agus i saol na hÉireann. Murach a thuras cróga a thosaigh sna 1970idí, ní tharlódh an oiread sin forbairtí eile i sochaí na hÉireann ó shin i leith, ar nós Comhionannas Pósta.

Is sochaí níos éagsúla agus níos cuimsithí muid inniu a bhuí leis an Seanadóir Norris, agus is ceiliúradh í Seachtain an Bhróid ní amháin dár bpobal LADTA + ach don tsochaí ina hiomláine”.

Dúirt an Seanadóir Norris ag an ócáid: “Tá ríméad orm gur shocraigh an Chartlann Náisiúnta páipéir a bhaineann le mo chás a thaispeáint sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine le linn mhí an Bhróid. Ba nóiméad stairiúil é agus d’fhreastail foireann dlí an-mhaith orm faoi stiúir Mary Robinson”.

Ar taispeáint go poiblí den chéad uair chomh maith, tá comhad pionóis a bhaineann le James Pillar, a bhí ar dhuine acu sin a cuireadh i bpríosún mar thoradh ar scannal mór in Éirinn, Scannal Chaisleán Bhaile Átha Cliath in 1884.

Is é cúlra na dtaifead seo ná gur thug William O’Brien, eagarthóir Iris Rialtas Dúchais United Ireland le tuiscint in alt go raibh James Ellis French, Stiúrthóir Bhleachtairí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, i mbun gníomhaíochta gnéis le fir eile.

Nocht imscrúduithe ina dhiaidh sin líonra ina raibh Ceann Ard-Oifig an Phoist, Gustavus Cornwall, chomh maith. Níor éirigh le French agus Cornwall cás leabhail i leith O’Brien a thabhairt agus gabhadh iad in éineacht le seisear fear eile, James Pillar ina measc.

Ba é Pillar ba mhó a d’fhulaing mar thoradh ar an scannal. Bhí sé 63 bliana d’aois. Ba bhall de Chumann na gCarad é, agus é ina ghrósaera agus ceannaí fíona. Bhí sé pósta agus bhí triúr leanaí aige. Bhí a áitreabh gnó ag 56 Bóthar Ráth Maonais Íochtarach mar áit lárnach cruinnithe dóibh siúd a raibh baint acu leis. Phléadáil sé ciontach as bugaireacht a dhéanamh agus gearradh fiche bliain pionóis air a d’fhóin sé i bpríosúin Muinseo agus Port Laoise.

Tugann comhad pionóis James Pillar léargas ar an saol sa phríosún sna 1890idí le grianghraif a tógadh ag tús agus ag deireadh a charcraithe a thaispeánann cé chomh tapa a tháinig cuma na haoise air i níos lú ná deich mbliana. Faoi Aibreán 1894, tar éis dó beagnach deich mbliana a chaitheamh sa phríosún, cuireadh síos air mar “sheanfhear lag a bhfuil comharthaí an ghalair cheirbreach á dtaispeáint aige” agus scaoileadh saor é ar cheadúnas speisialta ar an 15 Bealtaine 1894. D’éag sé in Ospidéal Mercer ar an 24 Samhain 1894.

Ag labhairt faoi na taifid atá ar taispeáint, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta: “léiríonn taifid Scannal Chaisleán Bhaile Átha Cliath 1884 agus na taifid chomhaimseartha a bhaineann le Cás David Norris V Éire, luach na Cartlainne Náisiúnta maidir le cosaint agus soláthar taifid an stáit ónár mbailiúcháin stairiúla agus ó thaifid rialtais níos déanaí araon”.

Fanfaidh na taifid seo ar taispeáint go poiblí i rith mhí an Bhróid sa Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8, ag teacht le srianta COVID.