Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire O’Donovan Nuashonrú don Rialtas ar Dhul Chun Cinn Sábháilteachta Ar Líne: Tosaíocht ag Daoine Óga a Choinneáil Sábháilte Ar Líne

Chuir Patrick O’Donovan T.D., an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, cruinniú Rialtais na seachtaine seo ar an eolas faoin dul chun cinn maidir le sábháilteacht ar líne, go háirithe maidir le daoine óga a choinneáil slán ar líne.

Leag an tAire O’Donovan béim ar an dul chun cinn a rinneadh le déanaí i ndáil le forbairt sásra fíoraithe aoise láidir ag baint úsáide as Sparán Digiteach na hÉireann. Tá Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO) i gceannas ar fhorbairt an Sparáin Dhigitigh, ach tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ag obair leis an oifig chun uirlis fíoraithe aoise a sholáthar sa sparán digiteach.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá dul chun cinn mór déanta maidir le cur i bhfeidhm chreat sábháilteachta ar líne na hÉireann, agus molaim Coimisiún na Meán as an obair seo. Anois, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na bearta atá curtha i bhfeidhm chomh héifeachtach agus is féidir, agus is é an eochair chuige seo ná uirlis fíoraithe aoise láidir agus slán a thabhairt isteach. Is cuid ríthábhachtach den phictiúr é i dtéarmaí dearbhú fíor a thabhairt go bhfuil leanaí ag an aois a mhaíonn siad a bheith agus a chinntiú nach nochtar iad d’ábhar díobhálach nó mídhleathach.”

Tá forbairt uirlis fíoraithe aoise ar leithligh ó thopaic ‘aois dhigiteach lánaosta’ a d’fhéadfadh a bheith ann. Dúirt an tAire O’Donovan:

“Creidim gur cheart aon chinntí maidir le srianta féideartha ar úsáid na meán sóisialta de réir aoise a dhéanamh ar leibhéal an AE chun cur chuige comhchuibhithe agus bunús dlíthiúil láidir a chinntiú. Beidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn sa dara leath den bhliain seo chugainn, agus tá sé i gceist agam sábháilteacht ar líne daoine óga a thabhairt mar thosaíocht.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat