Príomhoifigeach, an Oifig um Nascacht Dhigiteach, Oibríochtaí Líonra agus Forbairt Margaidh
- Foilsithe: 21 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025
Tá an Príomhoifigeach, an Oifig um Nascacht Dhigiteach, Oibríochtaí Líonra agus Forbairt Margaidh freagrach as bainistiú a dhéanamh ar sheachadadh gach gné d’oibríocht an líonra trí chreat bainistíochta feidhmíochta lena n-áirítear príomhtháscairí feidhmíochta. Tá an Príomhoifigeach freagrach as éiceachóras na nascachta, táirgí mórdhíola, maoirseacht soláthair, rannpháirtíocht tionscail agus léarscáil limistéar idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda i gcomhréir leis an gconradh a bronnadh ar National Broadband Ireland.