Príomhoifigeach, Beartas agus Rialáil Cumarsáide Leictreonaí
- Foilsithe: 5 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025
Tá an Príomhoifigeach, Beartas agus Rialáil Cumarsáide Leictreonaí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh reachtaíochta digití agus as beartas Eorpach amach anseo a mhúnlú in earnáil na teileachumarsáide ar aon dul le gealltanais i gClár an Rialtais, i Ráiteas Straitéise na Roinne agus sa Straitéis um Nascacht Dhigiteach. Go sonrach, is é an príomhghníomh straitéiseach maidir le Seachadadh Nascachta Digití ná nascacht agus cumarsáid den scoth a sheachadadh mar aon le rialachas agus rialáil den scoth a áirithiú don earnáil. Áirítear leis an ról seo seasamh beartais na hÉireann maidir le cumarsáid leictreonach a chur chun cinn go comhsheasmhach ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus maoirseacht a dhéanamh ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).