Seirbhís Foláireamh Éigeandála na Ríochta Aontaithe
- Foilsithe: 19 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2025
Ag 3pm Dé Domhnaigh, 7 Meán Fómhair 2025, déanfaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe tástáil ar a chóras foláirimh téacs éigeandála.
Ní bhfaighidh custaiméirí fón póca ar líonraí fón póca atá lonnaithe in Éirinn an teachtaireacht. Mar sin féin, gheobhaidh custaiméirí fón póca gar do cheantair teorann in Éirinn a bhíonn ag fánaíocht ar líonra fón póca sa Ríocht Aontaithe le linn an ama seo an foláireamh/teachtaireacht.
Is féidir leis an tseirbhís socruithe úsáideoirí féin ar a gcuid fóin/gléasanna a shárú. Mar shampla, is féidir leis an ‘foláireamh’ fón atá socraithe go ‘ciúin’ nó ‘ná cuir isteach’ a shárú. Ní gá go mbeadh fóin phóca ná táibléid ceangailte le sonraí soghluaiste ná le WiFi chun foláirimh a fháil.
Cloisfidh faighteoirí fuaim ard, cosúil le bonnán agus úsáidfidh an fón creathadh ar leith. Beidh teachtaireacht le feiceáil ar scáileán baile an fhóin go dtí go nglactar leí.
Seoladh Córas Foláirimh Éigeandála na Ríochta Aontaithe, atá ag feidhmiú ar fud na Breataine agus Thuaisceart Éireann, i mí an Mhárta 2023 agus rinneadh tástáil air i mí Aibreáin 2023. Cuireann an córas ar chumas Rialtas na Ríochta Aontaithe teachtaireacht 'foláirimh' a sheoladh chuig gach fón póca agus gléas (amhail táibléid áirithe) má bhíonn éigeandáil ann (mar shampla, teagmhas drochaimsire) ina bhfuil beatha i mbaol.
Tá cuma agus fuaim an-difriúil ar Fholáireamh Éigeandála i gcomparáid le cineálacha eile teachtaireachtaí amhail teachtaireachtaí téacs SMS. Beidh nasc chuig suíomh gréasáin GOV.UK san áireamh san fholáireamh le haghaidh tuilleadh eolais.
D’fhéadfadh daoine áirithe i gcontaetha teorann in Éirinn aon téacsanna a sheoltar trí chóras Foláirimh Éigeandála na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann a fháil, fiú má bhíonn seirbhís fón póca in Éirinn ag cuid de na faighteoirí sin de ghnáth.
Is féidir sonraí faoi Fholáirimh Éigeandála sa Ríocht Aontaithe a fháil anseo: https://www.gov.uk/alerts.