Acmhainní Toilithe
- Foilsithe: 20 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2026
Toiliú < Acmhainní Toilithe
Tá an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ag obair i gcomhpháirt le dhá eagraíocht le roinnt blianta anuas chun moil ar líne a sholáthar lena gcuirtear raon leathan acmhainní toilithe ar fáil.
We-Consent
Is é is ‘We-Consent’ ann ná clár náisiúnta fadtéarmach a reáchtálann Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú é chun eolas agus oideachas a chur ar gach ball dár sochaí faoi thoiliú agus chun comhrá a dhéanamh leo ina thaobh.
Is féidir an suíomh Gréasáin We-Consent a aimsiú ag www.we-consent.ie agus tá neart faisnéise agus acmhainní aige maidir le toiliú. Áirítear leo sin:
- Faisnéis atá sonrach do thuismitheoirí, do dhaoine óga, do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh agus don phobal LADTA+;
- Faisnéis faoi thopaicí amhail an tráma agus a thionchar, an dlí agus an córas dlí, comhairle maidir le tacú le daoine eile, an fhearúlacht, agus an léiriú sna meáin;
- Sraith foirne uirlisí chun tacú le daoine agus iad ag foghlaim faoi thoiliú ar thopaicí amhail scileanna chun an comhrá ar thoiliú a dhéanamh, féinmhachnamh, agus tacú le daoine eile.
- Ardán slán ar líne gan ainm a bhfuil sé mar aidhm leis marthanóirí foréigin ghnéasaigh a chumhachtú chun a scéalta féin a insint go sábháilte, ina n-am féin agus ina bhfocail féin is ea ‘We-Speak’.
Consenthub.ie
Is é is www.consenthub.ie ná mol foghlama ar líne a reáchtálann an fhoireann Active* Consent in OÉ Gaillimh é. Tá sé mar aidhm le Consenthub.ie tacú le daoine óga in Éirinn agus leo siúd atá tábhachtach dóibh, amhail múinteoirí, tuismitheoirí, agus foireann an choláiste, cur lena gcuid eolais agus scileanna i réimse an toilithe mar chuid thábhachtach de dhea-shláinte ghnéasach agus de dhea-fholláine ghnéasach.
Cuireann sé acmhainní ar fáil is féidir a rochtain go réidh. Rud tábhachtach, ní hé amháin go dtacaíonn na hacmhainní sin leis an earnáil oideachais ach tacaíonn siad le rannpháirtíocht ar fud na sochaí in oideachas agus feasacht ar thoiliú freisin. Áirítear na nithe seo a leanas leis na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair tríd an mol toilithe ar líne:
- Faisnéis spriocdhírithe amhail sainmhínithe ar cad is toiliú ann agus mínithe ar thoiliú;
- Ceisteanna Coitianta do gach spriocghrúpa (daoine óga faoi bhun 17 mbliana d’aois, daoine óga os cionn 17 mbliana d’aois, tuismitheoirí, múinteoirí/oideoirí);
- Modúl ríomhfhoghlama féinstiúrtha do dhaoine óga ar thoiliú, ar fhoréigean gnéasach agus ar chiapadh;
- Faisnéis faoi cén dóigh agus cá háit ar féidir leat cabhair a fháil má tharlaíonn drocheispéireas gnéasach duit féin nó do chara leat;
- Taighde ar thoiliú a rinneadh le déagóirí, le haosaigh óga, agus le hoideoirí in Éirinn;
- faisnéis faoi thuilleadh oiliúna agus acmhainní.