Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce Ráiteas Straitéise 2025-2028

Photo of Jim O'Callaghan, Minister for Justice, Home Affairs and Migration in front of a desk with an Irish and EU flag in the background

Brollach ón Aire

Mar Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, tá áthas orm an Ráiteas Straitéise seo don tréimhse 2025-2028 a fhoilsiú. Leagtar amach sa Straitéis na príomhspriocanna straitéiseacha don tréimhse agus an dóigh a ndéanfaidh an Roinn mo thosaíochtaí agus na gealltanais atá i gClár an Rialtais – Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú – a chur chun feidhme.

Tá spriocanna tábhachtacha sa Straitéis maidir lenár slándáil a chosaint agus le tacú le pobail shábháilte. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, tabharfaimid tús áite d’infheistíocht sa Gharda Síochána, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann níos mó Gardaí a earcú agus na hacmhainní agus na dlíthe is gá chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, agus sinn a choinneáil slán, a thabhairt dóibh. Sna cúig bliana atá le teacht, tacóimid le Seirbhís Phríosúin na hÉireann chun beagnach 1,600 spás príosúin nua a thógáil agus tacóimid leis na príosúin agus leis an tSeirbhís Phromhaidh chun a chinntiú go mbeidh smachtbhannaí cuí éifeachtacha ar fáil do na cúirteanna.

Tabharfar reachtaíocht nua ar aghaidh chun freagairt do na dúshláin phráinneacha atá os comhair an chórais ceartais agus chun athchóirithe riachtanacha a chumasú. I measc mo thosaíochtaí reachtacha tá Bille an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta) (Leasú), rud lena dtabharfar cumhacht do na Gardaí teicneolaíocht aghaidh-aitheanta a úsáid go cúlghabhálach in imscrúduithe coiriúla tromchúiseacha. Leis an mBille nua um an Dlí Coiriúil agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), leasófar nósanna imeachta maidir le nochtadh taifead comhairleoireachta i dtrialacha mí-úsáide gnéasaí agus déanfar coir de ghnéas a iarraidh i gcomaoin cíosa. I gcomhréir leis an gComhshocrú ón Aontas Eorpach maidir le hImirce, is é an toradh a bheidh ar an mBille um Chosaint Idirnáisiúnta ná go mbeifear in ann an próiseas cosanta idirnáisiúnta a athshocrú, agus sláine ár gcreata inimirce á coinneáil ag an am céanna.

Chun córas ceartais atá éifeachtach agus inrochtana a sholáthar, oibreoimid chun agaí feithimh le haghaidh éisteachtaí cúirte a laghdú, chun ár gcórais cúnaimh dhlíthiúil a athchóiriú agus chun ár seirbhís Cróinéirí a ollchóiriú chun tacaíocht chomhbhách thráthúil a thabhairt dóibh siúd atá faoi mhéala.

Dírítear ar an inimirce sa Straitéis freisin, chun córas inimirce atá bunaithe ar rialacha a sholáthar. Mar chuid den obair sin, forbróimid an chéad Straitéis Náisiúnta um Imirce agus Lánpháirtíocht. Glacfar cur chuige cothromaithe sa straitéis sin, ag aithint luach ollmhór na n-imirceach inár ngeilleagar agus inár sochaí, agus á chinntiú ag an am céanna go ndéanfar ár rialacha a fhorfheidhmiú.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na foirne ar fud mo Roinne as a gcuid oibre ar fad, lena n-áirítear ar ullmhú na Straitéise seo, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na geallsealbhóirí uile i measc an phobail i gcoitinne, na seirbhíse poiblí agus na sochaí sibhialta a rannchuidigh le forbairt na Straitéise. Táim ag tnúth le gealltanais na Straitéise agus le gealltanais Chlár an Rialtais a chur chun feidhme i gcomhar leis an Aire Ó Bróithe agus leisban Aire Ó Coileáin, comhghleacaithe liom, agus le hoifigigh i mo Roinn.

Le chéile, leanfaimid orainn ag obair i dtreo áit a bheidh sábháilte, cothrom agus uilechuimsitheach a dhéanamh d’Éirinn.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat